Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scoileanna Oileáin

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 8 February 2017

Wednesday, 8 February 2017

Ceisteanna (126)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

126. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil sé i gceist aige liúntas breise neamh-phá €10,000 a chur ar fáil do na meánscoileanna ar na hoileáin de bharr na gcostas breise a bhaineann le scoil a reáchtáil ar oileán; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [6195/17]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is san earnáil Bord Oideachais agus Oiliúna atá gach ceann de na hiar-bhunscoileanna atá suite ar na hoileáin. Tá gach ceann díobh lonnaithe i limistéir Ghaeltachta freisin.

Is trí bhlocdheontas a sholáthraítear cistiú deontais le haghaidh costais reáchtála laethúla do gach Bord Oideachais agus Oiliúna, lena n-áirítear dá scoileanna agus dá lárionaid. Dá bhrí sin, soláthraítear ardleibhéal neamhspleáchais do gach Bord Oideachais agus Oiliúna maidir leis an dóigh a leithdháilfidh siad an cistiú deontais chun freastal ar na riachtanais atá ag scoileanna aonair.

Is í an aidhm atá leis an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 ón Roinn, a seoladh an 28 Deireadh Fómhair 2016, ná a chinntiú go bhfuil eispéireas oideachais ardchaighdeáin agus ábhartha trí mheán na Gaeilge ar fáil do na daoine óga uile atá ina gcónaí i limistéir Ghaeltachta agus, ar an mbealach seo, tacú le húsáid na Gaeilge mar phríomhtheanga na dteaghlach agus na bpobal Gaeltachta. Faoi théarmaí an Pholasaí, déanfar acmhainní teagaisc agus/nó acmhainní eile breise, lena n-áirítear forbairt ghairmiúil leanúnach (FGL) thiomnaithe, a chur ar fáil do scoileanna a gceadaítear a n-iarratais chun páirt a ghlacadh sa phróiseas aitheantais Scoileanna Gaeltachta. Samhlaítear go leithdháilfear acmhainní ar bhonn incriminteach thar thréimhse cúig bliana agus go dtabharfar aird le linn na hoibre sin ar na hacmhainní atá leithdháilte cheana féin ar gach scoil nua-aitheanta Ghaeltachta de réir na gcritéar teanga atá leagtha amach sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022.

Barr
Roinn