Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scoileanna Oileáin

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 8 February 2017

Wednesday, 8 February 2017

Ceisteanna (125)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

125. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil sé i gceist aige an liúntas oileán €1,658 a thabhairt ar ais do gach múinteoir i scoil oileáin, ag cur san áireamh an costas breise a bhaineann le cónaí ar oileán agus an fhadhb atá ann múinteoirí oilte a mhealladh go dtí na hoileáin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [6194/17]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Cheadaigh an Rialtas roinnt beart a bhaineann le liúntais seirbhíse poiblí tar éis don Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe athbhreithniú a dhéanamh ar liúntais agus ar íocaíochtaí préimheanna ar fud na seirbhíse poiblí. Mar thoradh ar an gcinneadh ón Rialtas, rinneadh an liúntas Oileáin a tharraingt siar do thairbhithe nua le héifeacht ón 1 Feabhra 2012. Is é sin an seasamh go fóill.

Aon duine a bhí ag fáil an liúntais an 31 Eanáir 2012, leanfaidh sé/sí leis an liúntas sin a fháil ach amháin i gcás gur scoir an múinteoir dá ról nó gur athraigh sé/sí scoil nó fostóir an 1 Feabhra 2012 nó ina dhiaidh. Má dhéantar múinteoir a ath-imscaradh faoin scéim chomhaontaithe ath-imscartha, ní mheasfar gur scoir an múinteoir dá ról.

Tar éis athbhreithniú a bheith déanta ar leithdháileadh foirne i gcomhair Bunscoileanna Beaga, forálann ceann de na bearta a fógraíodh i gCáinaisnéis 2017 do bhunscoileanna aon oide ar oileáin. Sa chás gurb í an scoil an t-aon bhunscoil ar an oileán, is féidir an dara hoide a cheapadh sa scoil. Beidh éifeacht leis seo ó mhí Mheán Fómhair 2017 agus leagfar amach é sa chiorclán maidir le sceideal foirne don scoilbhliain 2017/18 a bheidh ar fáil ar shuíomh gréasáin mo Roinne sna seachtainí seo amach romhainn.

Is í an aidhm atá leis an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 ón Roinn, a seoladh an 28 Deireadh Fómhair 2016, ná a chinntiú go bhfuil eispéireas oideachais ardchaighdeáin agus ábhartha trí mheán na Gaeilge ar fáil i scoileanna Gaeltachta agus, ar an mbealach seo, tacú le húsáid na Gaeilge mar phríomhtheanga na dteaghlach agus na bpobal Gaeltachta. Faoi théarmaí an Pholasaí, déanfar acmhainní teagaisc agus/nó acmhainní eile breise, lena n-áirítear forbairt ghairmiúil leanúnach (FGL) thiomnaithe, a chur ar fáil do scoileanna a gceadaítear a n-iarratais chun páirt a ghlacadh sa phróiseas aitheantais Scoileanna Gaeltachta.  Samhlaítear go leithdháilfear acmhainní ar bhonn incriminteach thar thréimhse cúig bliana de réir na gcritéar teanga atá leagtha amach sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022. Bunaíodh Aonad Oideachas Gaeltachta tiomnaithe sa Roinn chun maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Pholasaí agus chun tacú leis an obair sin. Soláthraíodh cistiú €1m faoi Bhuiséad 2017 chun gur féidir tosú ar an bPolasaí a chur chun feidhme ar bhonn céimnithe.

Barr
Roinn