I mí Aibreáin 2017 thug mo Roinn cuireadh do gach bunscoil agus gach iarbhunscoil i limistéar pleanála teanga Ghaeltachta bheith rannpháirteach sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta. Fuair 133 bunscoileanna agus 28 iarbhunscoileanna an cuireadh sin agus beimid ag glacadh le foirmeacha um léiriú spéise ó scoileanna sna limistéir pleanála teanga Ghaeltachta a bhfuil fonn orthu bheith rannpháirteach sa Scéim go dtí deireadh na míosa seo. Faoi láthair, tá foirmeacha um léiriú spéise faighte ag an Roinn ó bheagnach 80% de na bunscoileanna agus níos mó ná 90% de na hiarbhunscoileanna sna limistéir pleanála teanga Ghaeltachta.