Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Oideachas Riachtanas Speisialta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 22 May 2018

Tuesday, 22 May 2018

Ceisteanna (186)

Thomas Byrne

Ceist:

186. D'fhiafraigh Deputy Thomas Byrne den Aire Oideachais agus Scileanna cé mhéad den 19 dteiripeoir urlabhra agus teanga agus den 12 theiripeoir saothair atá le fostú sa scéim phíolótach a fógraíodh an 14 Bealtaine a mbeidh sé riachtanach go mbeidh siad in ann feidhmiú trí mheán na Gaeilge; agus an bhféadfadh an tAire a chur in iúl cé mhéad scoil agus réamhscoil a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge atá san áireamh sa 150 scoil agus réamhscoil roghnaithe le bheith mar chuid den scéim; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [22045/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

D’fhógair mé le gairid go dtabharfar isteach tionscadal léirithe chun seirbhísí teiripe réamhscolaíochta a sholáthar don scoilbhliain 2018/19.

An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta a dhéanfaidh bainistiú agus comhordú ar an tionscadal.

Is iad na Ranna Oideachais, Gnóthaí Leanaí agus Óige, Sláinte agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a d’fhorbair an tsamhail, agus tá sé mar chuid d’aidhm fhoriomlán an rialtais cuidiú le gach leanbh barrchumas a bhaint amach.  

Is é cuspóir an tionscadail seo ná tástáil a dhéanamh ar thacaí teiripeacha saincheaptha trínar féidir idirghabháil luath a dhéanamh maidir le teiripe cainte, teanga agus teiripe shaothair a sholáthar laistigh de ‘chomthéacsanna oideachais’. Comhlánóidh an clár píolóltach nuálaíoch seo soláthar reatha maoinithe FSS ar sheirbhísí riachtanacha teiripe. 

Glacfaidh 75 scoil, lena n-áirítear sampla ionadaíoch de bhunscoileanna, d’iarbhunscoileanna agus de scoileanna riachtanais speisialta páirt sa tionscadal. Glacfaidh 75 réamhscoil páirt fosta.

Tá an tionscadal ag tarlú in Eagraíocht Shláinte an Phobail Réigiún 7 de Bhaile Átha Cliath Thuaidh Theas, Cill Dara agus Iarthar Chill Mhantáin agus is as na ceantair seo dá réir a bheidh na scoileanna.

As an 75 scoil a bhfuiltear ag tabhairt cuiridh dóibh a bheith páirteach is Gaelscoil atá i dtrí cinn acu, agus déantar an teagasc trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla i scoil eile.

Mar chuid den chlár, earcóidh an FSS 19 teiripeoir urlabhra agus teanga agus 12 Teiripeoir Saothair chun a bheith ag obair sa 150 scoil agus réamhscoil. Earcóidh an NCSE 2 Comhordaitheoir Náisiúnta chun an tionscadal a bhainistiú.

Glacfar inniúlacht teiripeoirí seirbhísí a sholáthar i nGaeilge agus i mBéarla sa phróiseas earcaíochta agus teiripeoirí a chur chuig Gaelscoileanna.

Sa tionscadal seo tógfar le chéile teiripeoirí agus gairmithe oideachais a bhíodh ag feidhmiú go minic go dtí seo ar leithligh.

Beidh siad in ann a bheith ag obair le chéile chun a gcuid eolais ghairmiúil agus saineolas a phleanáil, a chomhroinnt agus a chomhoibriú ionas gur féidir tacaíocht níos éifeachtúla a thabhairt do líon níos airde daltaí i dtimpeallachtaí scoile, mar ar minic a bhíonn gá ollmhór ann.

Barr
Roinn