Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Oideachas Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 24 July 2018

Tuesday, 24 July 2018

Ceisteanna (569)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

569. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cé mhéad am breise múinteoireachta a chuirfear ar fáil do Scoil Bhríde, Mionlach, i gCathair na Gaillimhe, an bhliain seo chugainn ó tharla gur scoil Ghaeltachta í an scoil atá ag glacadh páirt sa scéim nua do scoileanna Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [34379/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Freagra:

Faoin Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta agus mar atá leagtha amach in Imlitir 0021/2018, beidh 15 uaireanta breise páirtaimseartha in aghaidh na seachtaine ar fáil do Scoil Bhríde, Mionlach, Gaillimh don scoilbhliain 2018/19 do thacaíocht teanga na Gaeilge. Déanfar athbhreithniú ar  na huaireanta breise páirtaimseartha seo in 2019.

Question:

To ask the Minister for Education and Skills how many additional teaching hours will Scoil Bhríde, Menlo, Galway receive next year, as this is a Gaeltacht school that is taking part in the new Scheme for Gaeltacht schools; and if he could make a statement in relation to the matter. 

Answer:

Under the Gaeltacht School Recognition Scheme and as outlined in Circular 0021/22018, Scoil Bhríde, Menlo, Galway, will receive an allocation of 15 additional part-time Irish-language support hours per week in the school year 2018/19. These additional part-time hours will be reviewed in 2019.

Barr
Roinn