Mar thoradh ar an ngéarchéim eacnamaíochta, b’éigean roinnt bearta a chur i bhfeidhm chun caiteachas poiblí a laghdú ar mhaithe le hairgreadas poiblí a chobhsú. Tar éis don Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe athbhreithniú a dhéanamh ar liúntais agus ar phréimh-íocaíochtaí trasna na seirbhíse poiblí, d’fhaomh an Rialtas bearta maidir le liúntais na seirbhíse poiblí. Mar thoradh ar chinneadh an Rialtais, tarraingíodh siar liúntais áirithe le héifeacht ó mhí Feabhra 2012 i gcás lucht sochair nua. Bhí an liúntas don Teagasc trí Ghaeilge dá dtagraíonn an Teachta san áireamh sna bearta seo.
Is gá an Teastas Gaeilge do Mhúinteoirí Iarbhunscoile chun an riachtanas sa Ghaeilge le haghaidh ceapacháin mar mhúinteoir in iarbhunscoileanna a chomhlíonadh i gcás na gcatagóirí seo a leanas:
- múinteoirí atá fostaithe i scoileanna Gaeltachta
- múinteoirí atá fostaithe i scoileanna ina bhfuil an Ghaeilge mar ghnáthmheán teagaisc (maidir le hábhair seachas an Ghaeilge)
- múinteoirí a mhúineann ábhar ar bith (cés móite den Ghaeilge) trí mheán na Gaeilge i scoil ar bith.
Reáchtálann Coimisiún na Scrúduithe Stáit na scrúduithe don Teastas Gaeilge do Mhúinteoirí Iarbhunscoile i mí Feabhra/Márta gach bliain. Bíonn deis ag na hiarrthóirí sin nach n-éiríonn leo pas a ghnóthú sa scrúdú i mí Feabhra/Márta an scrúdú a athdhéanamh i mí na Bealtaine.
Bíonn saoirse ón scrúdú don Teastas Gaeilge do Mhúinteoirí Iarbhunscoile ag aon iarrthóir a bhfuil
- céim sa Ghaeilge aige/aici ó údarás aitheanta bronnta céimeanna agus an Ghaeilge mar ábhar sa scrúdú deiridh nó
- pas faighte aige/aici sa scrúdú cainte sa Ghaeilge le haghaidh cláraitheachta mar mheánmhúinteoir nó
- pas faighte aige/aici sa scrúdú cainte don Teastas i dTeagasc na Gaeilge nó
- pas faighte aige/aici sa bhéaltriail don Cheard-Teastas Gaeilge.
Ag an bpointe seo, níl aon phlean ann chun cur le líon na n-ócáidí ar a reáchtálann Coimisiún na Scrúduithe Stáit an scrúdú don Teastas Gaeilge do Mhúinteoirí Iarbhunscoile.