Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 16 October 2018

Tuesday, 16 October 2018

Ceisteanna (689)

Peadar Tóibín

Ceist:

689. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir leis an ngrúpa sinsearach d'oifigigh ardleibhéil ó Ranna cuí, a bhfuil cúraimí maoirseachta orthu i dtaobh an phlean gníomhaíochta don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, ar tháinig sé le chéile go fóill agus, má tháinig, cá mhéad uair. [42158/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta 2018-2022, a foilsíodh i mí Meitheamh 2018, an cur chuige úr a bheidh i bhfeidhm maidir le monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú an Phlean. Glacaim leis mar sin, go bhfuil an Teachta ag tagairt don Choiste Stiúrtha a bhunófar mar chuid den cur chuige sin.

Maidir leis sin, tá áthas orm a chur in iúl don Teachta go bhfuil bunú an choiste sin idir lámha cheana féin ag mo Roinn i dtreo an chéad chruinniú den choiste a thionól go luath.

Barr
Roinn