Faoin mBille um Shábháilteacht Ar Líne agus Rialáil na Meán atá beartaithe, bunófar Coimisiún Meán il-daoine, díscaoilfear Údarás Craolacháin na hÉireann, bunófar creataí rialála don tsábháilteacht ar líne agus chun seirbhísí meán closamhairc a rialú, agus déanfar an Treoir athbhreithnithe maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc (AVMS) a thrasuí. Níl aon fhorálacha sa Treoir AVMS a bhaineann le raidió, mar gur inniúlacht náisiúnta é sin. Cheadaigh an Rialtas Scéim Ghinearálta an Bhille an 9 Eanáir 2020 agus foilsíodh ansin é an 10 Eanáir 2020. Lorgófar ceadú an Rialtais go gairid chun Scéim Ghinearálta an Bhille a thabhairt chun críche trí chur leis na forálacha a bhaineann le Coimisiún na Meán a mhaoiniú, na seirbhísí meán closamhairc a rialú, an uasmhéid do smachtbhannaí airgeadais maidir le neamhchomhlíontacht agus ábhair eile.
Tá tuarascáil ar na dúshláin atá roimh chraolachán Gaeilge curtha i dtoll i chéile ag Comhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán agus tá sí san áireamh i liosta moltaí. Bhí an taighde atá luaite sa cheist, mar chuid lárnach den tuarascáil seo. Déanfaidh an Bille um Shábháilteacht ar Líne agus Rialáil na Meán leasú ar roinnt gnéithe den Acht Craolacháin, 2009 agus díreoidh go príomha ar leasuithe atá de dhíth chun Treoir an AVMS a thrasuí agus creat éifeachtacht maidir le sábháilteacht ar líne a chur i bhfeidhm. Níl sé i gceist ag an bpointe seo gnéithe eile den Acht Craolacháin, 2009 a bhaineann le hearnáil an raidió ná leis an nGaeilge a athbhreithniú. Tá sé i gceist go bhfo-ghlacfaidh Coimisiún na Meán feidhmeanna reatha Údarás Craolacháin na hÉireann, lena n-áirítear a chuid feidhmeanna i leith na Gaeilge, mar atá leagtha amach san Acht Craolacháin, 2009.