Tá an cheist trí chéile maidir le hathbhreithniú ar earnáil na gcoláistí á breithniú ag mo Roinn faoi láthair. Beag beann air sin, ar mhaithe le tacú tuilleadh leis an earnáil, cheadaigh mo Roinn roinnt beartais anuraidh de luach c. €1.5m le tacú tuilleadh leis an earnáil, ina measc:
- Ardaíodh fá fiche fán gcéad an deontas a íoctar le lucht lóistín an chórais faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge de chuid na Roinne.
- Ardaíodh an deontas tosaithe do theaghlaigh nua ó €2,000 go dtí €6,000, sin ardú trí chéad fán gcéad; agus,
- Cuireadh breis scoláireachtaí ar fáil chun go mbeidh deiseanna breise ag lucht freastail iar-bhunscoileanna DEIS na tíre freastal ar chúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht.
Ag cruinniú le gairid a bhí ag feidhmeannaigh mo Roinne le scáthghrúpa na gcoláistí Gaeilge, CONCOS, meabhraíodh dóibh go seasann an cuireadh a tugadh don eagraíocht i mí na Samhna seo caite aighneacht le bearta comhaontaithe, infheidhmithe agus costas measta luaite leo a chur faoi bhráid na Roinne.
Ní gá dom a rá go ndéanfaí a leithéid d'aighneacht a bhreithniú chomh báúil agus ab fhéidir - ag cur san áireamh na héilimh eile atá ar chiste na Roinne.
Anuas air sin, beifear ag faire amach i rith an ama ar dheis eile chun tuilleadh fós a dhéanamh ar leas na hearnála.