Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Teachtaí Dála agus Seanadóirí

Aimsigh Comhalta reatha nó iar-Chomhalta

Dáil Éireann agus Seanad Éireann

Toghann muintir na hÉireann Comhaltaí Dháil Éireann, Teach Íochtarach Thithe an Oireachtais. Tá 174 Comhalta sa Cheathrú Dáil is Tríocha ag déanamh ionadaíochta ar 43 dáilcheantar. Tugtar Teachta Dála (TD) nó Teachta go coitianta ar Chomhalta den Dáil.

60 Comhalta in Seanad Éireann, an Teach Uachtarach, agus toghtar iad chuig cúig rolla agus ó dhá dháilcheantar ollscoile, nó ainmníonn an Taoiseach iad. Tugtar Seanadóir ar Chomhalta den Seanad.

Visualising the Thirty-fourth Dáil and Twenty-seventh Seanad

Hover over visuals for more information or click through to see Member profiles.

Cé hiad na hAirí Rialtais?

Déanann an Taoiseach Airí agus Airí Stáit a ainmniú, déanann Dáil Éireann iad a cheadú agus déanann an tUachtarán iad a cheapadh.

Dáilcheantair

Féach ar na ceantair a ndéanann ár dTeachtaí Dála ionadaíocht dóibh agus ar na saincheisteanna is mó a tharraingíonn ionadaithe poiblí anuas.

Clár Leasanna na gComhaltaí

Is gá do Chomhaltaí Thithe an Oireachtais ráitis bhliantúla a dhéanamh faoina leasanna. Leagtar amach anseo aon stiúrthóireachtaí cuideachta atá acu, maoin atá ina seilbh agus bronntanais a fuair siad.

Tuarastail agus liúntais

Íoctar buntuarastal le Comhaltaí den Oireachtas mar aon le liúntas tuarastail bunaithe ar aon phost eile atá acu. Tig leo an Liúntas Caighdeánach Parlaiminte agus liúntais eile a éileamh freisin.

Teagmháil a dhéanamh le Comhalta reatha

Seo a leanas na seoltaí poist agus ríomhphost do Theachtaí Dála agus Seanadóirí reatha: 

<Ainm an Chomhalta>
Tithe an Oireachtais
Teach Laighean Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
D02 XR20
<céadainm>.<sloinne>@oireachtas.ie

Clár na bpáirtithe polaitíochta

Political parties must be registered in order for their party names to be added to ballot papers in elections.

Responsibility for maintaining the register of political parties is now held by An Coimisiún Toghcháin, the Electoral Commission. It can be contacted at info@electoralcommission.ie

Pleananna suíochán na seomraí

Íoslódáil plean suíocháin Sheomra na Dála a úsáidtear ar mhaithe le vótáil leictreonach.

Cácas na mBan

Fóram traspháirtí is ea Cácas Parlaiminte na mBan in Éirinn do bhanpharlaiminteoirí na hÉireann. Tugann sé deis dóibh plé a dhéanamh ar na ceisteanna a théann i bhfeidhm ar mhná den chuid is mó agus dul i mbun feachtais ina leith.

Barr
Roinn