Féach ar Chainéal Theilifís an Oireachtais

Tá gnó ár bparlaiminte náisiúnta á leaschraoladh ag Teilifís an Oireachtais do níos mó ná 1.1 milliún teach ar fud na hÉireann. Tugann an cainéal rochtain don phobal ar obair na Dála, an tSeanaid agus na gCoistí, rochtain nár tugadh riamh roimhe seo. Tá sé ar fáil ar fud na hÉireann ar na cainéil seo a leanas:

  • Cainéal 22 ar Saorview
  • Cainéal 207 ar Virgin Media
  • Cainéal 517 ar Sky
  • Cainéal 504 ar eir Vision
  • Na cainéil  201, 207 (Dáil Éireann) agus 208 (Seanad Éireann) ar Vodafone

Sceideal

Faigh liosta na seachtaine seo de chláir a chraolfar ar chainéal Theilifís an Oireachtais. Áirítear leis an sceideal craoltaí beo agus athsheinm le teanga chomharthaíochta agus fotheidil.