Gach mí, taispeánann an tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde seoid roghnaithe ó bhailiúchán an Oireachtais i gcás taispeántais i dTeach Laighean.
Nollaig 2022
An mhí seo, mar chomóradh céad bliain ar Bhunreacht Shaorstát Éireann, tá The Irish Constitution, Explained by Darrell Figgis, á thaispeáint ag Leabharlann an Oireachtais, i dteannta téacsanna eile le Figgis.
Ba phearsa litríochta chlúiteach é Darrell Figgis. Bhí an-mheabhair aige agus is iomaí saothar dá chuid a cuireadh i gcló, lena n-áirítear filíocht, úrscéalta, drámaí, léirmheastóireacht liteartha, léirmheastóireacht ealaíne agus iriseoireacht.
Bhí Figgis ina bhall d’Óglaigh na hÉireann agus ghlac sé páirt sa chomhcheilg chun raidhfilí Gearmánacha a smuigleáil isteach i gcuan Bhinn Éadair ar luamh seoltóireachta Erskine Childers, an Asgard. Ní raibh Figgis páirteach in Éirí Amach na Cásca ach imtheorannaíodh é i roinnt príosún sa Bhreatain idir 1916 agus 1919. Tugann sé cuntas ar an am a bhí aige i bPríosún Reading ina chuimhní cinn, A Chronicle of Gaols.
Bunreacht daonlathach saor: Coiste Bhunreacht 1922
Tháinig an chéad bhunreacht de chuid Stát na hÉireann i bhfeidhm sa bhliain 1922. Cheap Art Ó Gríobhtha Figgis mar chathaoirleach gníomhach ar Choiste an Bhunreachta, ag seasamh isteach do Mhicheál Ó Coileáin. Chruthaigh an Coiste trí bhunreacht neamhspleácha lena n-athbhreithniú ag an Rialtas Sealadach. Tá dréacht agus míniú in The Irish Constitution le Figgis, mar aon leis na caibidlí “Cad is Bunreacht Ann?” agus “Na Daoine mar Reachtóirí.”
Chuaigh an Rialtas Sealadach i mbun comhairliúcháin faoi na dréacht-théacsanna agus leagadh os comhair Rialtas na Breataine iad lena n-athbhreithniú. Thángthas ar chomhaontú maidir le téacs leasaithe, arna fhoilsiú ag an Rialtas Sealadach an 16 Meitheamh 1922 — an lá céanna a reáchtáladh Olltoghchán 1922. Bhí an téacs seo ina chuid den Acht um Bunreacht Shaorstáit Éireann, 1922. Glacadh le Bunreacht Shaorstát Éireann le hAcht de Dháil Éireann, ina suí mar thionól bunreachta, an 25 Deireadh Fómhair 1922.
“Chaill Darrell Figgis bocht a fhéasóg rua álainn”
Bhí Figgis ina Theachta Dála Neamhspleách do Chontae Bhaile Átha Cliath sa 3ú agus sa 4ú Dáil ó 1922 go 1925. Níor réitigh sé go maith le Sinn Féin ná leis an IRA de bharr go raibh sé ar son an Chonartha in 1922. Mar thoradh air sin, rinneadh ionsaí ar Figgis ina theach cónaithe ar Shráid Mhic Liam, áit a raibh cónaí air lena bhean chéile Millie, agus bhain baill den IRA a fhéasóg luachmhar de.
Beagnach 30 bliain ina dhiaidh sin, thug Bob Briscoe, a bhí ina Ardmhéara ar Bhaile Átha Cliath ní b’fhaide anonn, cuntas ar an ionsaí:
Thosaigh Figgis ag caitheamh anuas ar an IRA. Níor mheasamar go raibh sé contúirteach -- ach chuir a chaint cholgach isteach orainn . . . rinne cuid againn é a ligean siar ina chathaoir sclóine agus greim docht againn air, agus thóg fear amháin rásúr ruithneach amach. Thosaigh Figgis ag sceamhaíl mar a bheadh muc ann ... Déarfainn gurbh fhearr leis dá ngearrfaimis a sceadamán.
Cuireadh stop lena ghairmréim pholaitiúil nuair a b’éigean dó éirí as coiste na Dála a bunaíodh chun scrúdú a dhéanamh ar mholtaí maidir le craoltóireacht a fhorbairt sa stát. Líomhnaíodh go raibh caidreamh gnó aige le húinéir comhlachta tráchtála a raibh rún daingean aige an conradh a fháil.
Fuair Darrell Figgis bás in 1925 agus é 43 bliain d’aois. Tá sé curtha i Reilig West Hampstead i Londain.
Téacsanna gaolmhara le Figgis atá i leabharlann dhigiteach an Oireachtais
A Short Plot: A Sidelight on Political Expediency
Alt eile
The Short and Tragic Life of an Irish Dandy (ó Independent.ie)
Tagairtí
Acht de chuid Pharlaimint na Ríochta Aontaithe ab ea an Irish Free State Constitution Act, 1922 (Session 2), a ritheadh in 1922 chun Bunreacht Shaorstát Éireann a achtú i ndlí na Ríochta Aontaithe, agus chun an Conradh Angla-Éireannach 1921 a dhaingniú.
Tá páipéir Choiste an Bhunreachta i seilbh Chartlann Náisiúnta na hÉireann.
Díospóireacht Dháil Éireann, Dé Céadaoin, an 18 Deireadh Fómhair 1922 – Bille um Bunreacht Shaorstáit Éireann.
Meán Fómhair 2022
‘Leatrom agus bearta cruálacha na n-oifigeach ioncaim Éireannach’
Tá Leabharlann an Oireachtais ag taispeáint paimfléad 1818 an mhí seo darb ainm ‘leatrom agus bearta cruálacha na n-oifigeach ioncaim Éireannach’ Ba é Urramach Edward Chichester, Giúistís Síochána do Dhún na nGall, a scríobh paimfléad atharthaíoch go maith ina raibh cuntais d’éagóracha a rinne na hoifigigh ioncaim ar a pharóistigh go háirithe i mbarúntacht Inis Eoghain.
De réir na bhfianaisí, bhí na hoifigigh ag iarraidh breabanna go rialta agus ag cur driogadh neamhdhleathach i leith daoine go bréagach.
Ghlac Aeneas Coffey, an t-ardchigire máil fearg mhór le cúisimh Chichester, agus d’eisigh sé a phaimfléid féin go gairid ina dhiaidh. Ba dhriogaire é Coffey é féin, agus chosain sé ionracas a chuid oifigeach agus mhaígh sé gur thug formhór na ndaoine tacaíocht don dlí máil. D’eisigh Chichester paimfléad eile chun aghaidh a thabhairt ar fhreagra Coffey, agus é arís, ag cur béim ar chás bocht a pharóisteach agus ar na hoifigigh ioncaim ag cur an dlí i bhfeidhm go míchothrom.
[image src="/assets/Uploads/Images/Visit-and-Learn/Aeneas_Coffey.jpg" id="27673" width="400" height="543" class="center ss-htmleditorfield-file image" alt=”Íomhá Dubh agus Bán de Aeneas Coffey"]
Céard a bhí ar siúl? Ní chuirfí cáin ioncaim i bhfeidhm in Éirinn go dtí na 1850idí, bhí na Coimisinéirí Ioncaim i ngeall le cáin indíreach ar nós dleachtanna máil agus custaim. Bhí fuisce faoi réir dleacht mháil ó bhí lár an 17ú haois ann, ach bhí bailiú cánach thar a bheith mí-eagraithe in Éirinn agus rinneadh níos mó agus níos mó grinnscrúdú air ó dheireadh an 18ú haois ar aghaidh. Ba rud an-choitianta é driogadh príobháideach agus ní raibh sé faoi réir ceadúnais in fhad is go raibh an méid a rinneadh íseal, agus mar sin, ba dhifríocht mhór a bhí ann nuair a athraíodh na dlíthe chun clárú ceadúnais a chur chun feidhme (rud a d’fhág go gcaithfí íoc as an dleacht mháil) agus chun íosmhéid na stileanna a chur chun feidhme. Bhí sé dodhéanta, a bheag nó a mhór do na stileanna beaga ceadúnais a fháil agus bogadh na céadta acu faoi thalamh dá réir.
Sna ceantair thuaithe ar nós Dhún na nGall, is minic a d’úsáid na tionóntaí an brabach a fuarthas ó dhriogadh chun a gcíosanna a íoc, brabach a fuarthas ón ngráin a dhíol nó ón alcól é féin a dhíol. I bhfianaise ardleibhéal an driogtha neamhdhleathaigh, ba é leas airgeadais na n-oifigeach ioncaim chun glacadh le breabanna neamhaird a thabhairt. Chun cúrsaí a dhéanamh níos measa, gearradh pionóis ar bhaile fearainn nó ar pharóiste ar fad, ag cur pionós ar na daoine neamhchiontacha chomh maith leis na daoine a bhí ciontach. Sa chás nach raibh daoine in ann a íoc, ghabh na hoifigigh ainmhithe agus troscán, sheas na tiarna talún iad féin isteach chun na táillí a chlúdach. D’fhág sé seo go raibh cás neamhghnách ann in Éirinn, inár tháinig na tiarna talún agus na tionóntaí le chéile agus iad i gcoinne na hoifige ioncaim. Ba é seo an cás i nDún na nGall go háirithe, agus rinneadh meastachán i dtuarascáil in 1806 go raibh stil ag teach amháin de gach dhá theach a bhí ann.
Tuairisceán ar líon na dtáillí a gearradh ar pharóistí agus ar bhailte fearainn idir 1814 agus 1818, le figiúirí éagsúla do Dhún na nGall
Mhéadaigh an teannas faoin deacracht go dtí go raibh an baol ann go mbeadh na hoifigigh ioncaim a chuaigh ‘sa tóir ar stileanna’ i gcoinne frithbheartaíocht fhoréigneach. D’éiligh siad tionlacan faoi airm ón arm, ach níor thaitin an dualgas leis na saighdiúirí den chuid is mó, mar gur cheap siad nach raibh sé ina thosaíocht ríthábhachtach chun a mbeo a chur i gcontúirt (agus ba iad féin a d’óladh an poitín freisin). Faoi dheireadh, cuireadh póilíní ioncaim le chéile agus bhí rath de shaghas éigin ar an scéal sna bailte fearainn ar díríodh orthu. Ach nuair a d’fhág siad ceantar amháin, cuireadh na stileanna príobháideacha ar ais ar an bpointe boise, agus bheadh an driogadh neamhdhleathach forleathan go dtí lár na 1800idí.
Foinse
Is ó Iar-Oifig Aire na hÉireann i Londain iad na paimfléid seo. Aistríodh bailiúchán mór paimfléad ó Londain chuig Leabharlann an Oireachtais sna 1920idí.
Tagairtí
Dawson, N. (1977). Driogadh neamhcheadaithe agus na póilíní ioncaim in Éirinn san ochtú agus sa naoú haois déag. Saineolaí Éireannach Dlí, iml. 12, uimh. 2, lgh. 282–294.
Kanter, D. & Walsh, P. (2019). Cánachas, cúrsaí polaitiúla, agus agóid in Éirinn 1662–2016. Palgrave Macmillan.
Mí Iúil 2022
“Ba dhóigh linn...gur cheart do Dhaonáireamh a bheith ina Shuirbhé Sóisialta, gan a bheith ach ina Áireamh ar éigean”
An mhí seo, tar éis an na chéad eisiúna d’áirimh daonra oifigiúla i nDaonáireamh 2022, tá tuairisc de Dhaonáireamh 1841 á taispeáint ag Leabharlann an Oireachtais. Léirítear i réamhthorthaí Dhaonáireamh 2022 go bhfuil daonra na hÉireann ag 5,123,536, an leibhéal is airde ó bhí an Gorta Mór ann.
I ndiaidh fás sciobtha go luath sa 19ú haois bhí an daonra ag 8,175,124 in 1841 (6,528,799 acu siúd sna contaetha a bhfuil sa Phoblacht faoi láthair). Bhí méadú i bhfad níos lú idir 1831 agus 1841 ná a bhí ann idir 1821 agus 1831. Bhí mínithe air seo lena n-áiríodh gur fágadh foireann an airm a bhí lonnaithe sa tír as an áireamh, an ráta ard eisimirce agus caighdeáin neamhsheasmhacha a cuireadh i bhfeidhm in 1821 agus 1831. Cé go gcuirtear in aghaidh na n-uimhreacha le fada maidir leis na háirimh go luath sa 19ú haois, chuaigh an Daonáireamh in 1841 níos faide ná na cinn roimhe sin chun níos mó sonraí a thaifeadadh faoi shochaí na hÉireann, ag baint úsáid as foirm chaighdeánach ar feadh tamaill níos giorra.
Taifeadadh sa Daonáireamh an líon áitreabh in Éirinn ag 1,328,839 agus 52,208 díobh siúd (nó 3.9%) neamháitrithe. (Léirigh réamhthorthaí Dhaonáireamh 2022 ráta folúntais de 7.8%). Roinneadh na háitribh ina gceithre aicme, botháin dóibe nach raibh ach aon sheomra amháin iontu a bhí ar an aicme ba ísle, an ceathrú haicme. Bhí 43.5% de theaghlaigh thuaithe agus 36.7% de theaghlaigh uirbeacha ina gcónaí in áitribh den cheathrú haicme, agus an céatadán céanna arís ina gcónaí sa tríú haicme, nach mór. Léiríonn an léarscáil thíos an dáileadh de chaighdeán áitribh, leis na himreacha níos dorcha ag léiriú na n-aicmí níos ísle. Luaitear cé chomh fairsing agus atá na droch-chaighdeáin áitribh in Éirinn sa tuairisc dheireanach.
Taifeadadh eolas tábhachtach faoi oideachas, ceirdeanna agus gairmeacha, eisimirce, agus beostoc sa Daonáireamh chomh maith. Bhí meastachán ar chlúdach crann sa tír ann fiú.
Bhí an chéad Daonáireamh iomlán in 1821 agus dhéantaí é uair amháin gach deich mbliana go dtí 1911. Tá tábhacht ar leith le tuairiscí cosúil leis an gceann léirithe anseo toisc gur beag atá fágtha d’fhoirmeacha bunaidh an 19ú haois. Díothaíodh na torthaí do Dhaonáireamh 1841 mar aon leis na cinn sin do 1821, 1831 agus 1851 sa tine ag Oifig Taifead na hÉireann in 1922. Díothaíodh na torthaí do 1861 agus 1871 go gairid tar éis a mbailithe, agus rinneadh laíon de na tuairisceáin do 1881 agus 1891 le haghaidh páipéar breise le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda.
Foinse
Is cuid de Bhailiúchán Chaisleán Bhaile Átha Cliath an doiciméad seo, arb í seanleabharlann tagartha Oifig an Ard-Rúnaí ag Caisleán Bhaile Átha Cliath. Aistríodh é sin chuig Leabharlann an Oireachtais in 1924.
Tagairtí
An Phríomh-Oifig Staidrimh. Daonáireamh sa Stair.
https://www.cso.ie/en/baile/daonaireamh/daonaireamhsastair/
Maroney, Michael (2015). An Daonáireamh 1841 – an bhfuil lúb ar lár? Stair na hÉireann [ar líne], 23(3).
Meitheamh 2022
Déanfaidh Leabharlann an Oireachtais 100 bliain ón uair a scriosadh Oifig na dTaifead Poiblí Éireann a cheiliúradh an mhí seo. Beidh tuairisc 1819 de chuid an Choiste Bhreathnóireachta um Thaifead Poiblí na hÉireann á taispeáint acu mar chuid den cheiliúradh seo.
“Tá stair tíre bunaithe ar a cuid cartlann.” Herbert Wood, Leas-Choimeádaí Oifig na dTaifead Poiblí Éireann
Tháinig coimisiún chun iniúchadh a dhéanamh ar choimeád taifead poiblí in Éirinn go háirithe mar gheall ar suirbhé níos leithne a rinneadh sa Bhreatain i mblianta tosaigh an 19ú haois. Agus é ag déanamh tagairt don “neamhord agus éiginnteacht a bhain le taifid na bpríomhtaisclann Éireannach”, leagan an tuairisc an drochbhail a bhí ar na taisclanna ar fud na tíre amach, chomh maith le drocheagar na n-ábhar agus easpa na gcatalóg agus na n-innéacsanna.
In ainneoin mholtaí an choiste maidir le feabhsaithe, ní dhearnadh coimeád taifead poiblí a lárú go dtí 1867 nuair a bhí Oifig Taifead Poiblí sna Ceithre Cúirteanna i mBaile Átha Cliath. Ghabh fórsaí Óglaigh na hÉireann a bhí in aghaidh an Chonartha seilbh ar an ionad seo in Aibreán 1922.
Chuir airm an tSaorstáit tús le hionsaí sliogán ar na foirgnimh an 28 Meitheamh, an lá inár gcuireadh tús le Cogadh Cathartha na hÉireann. Maidin an 30 Meitheamh, cuireadh tús le tine a scaip go sciobtha mar gheall ar phléascadh armlóin, agus cailleadh an t-uafás taifead riaracháin a chuaigh siar thar seacht gcéad bliain dá bharr.
Is cuid de Bhailiúchán Chaisleán Bhaile Átha Cliath an tuairisc seo, arb í seanleabharlann tagartha Oifig an Ard-Rúnaí, rud atá i seilbh Leabharlann an Oireachtais ó 1924 i leith. Toisc go bhfuil cóipeanna d’earraí a bhí lonnaithe ag Oifig na dTaifead Poiblí Éireann tráth dá raibh mar chuid den bhailiúcháin seo - a bhfuil digitiú déanta ar chuid mhaith de - roinnfidh an leabharlann ábhair leis an tionscal Beyond 2022 atá á reáchtáil ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.
Tá ábhair dhigiteacha dhúblacha ó gach chearn den domhan á bhailiú ag Beyond 2022 chun Oifig na dTaifead Poiblí Éireann a atógáil mar thaisce taifid fhíorúil, rud a mbeidh rochtain oscailte air agus a sheolfar an 30 Meitheamh 2022.
Foinse
Is ó bhailiúchán Foilseacháin Oifigiúla Leabharlann an Oireachtais iad na doiciméid seo.
Tagairtí
Wood, Herbert “The Public Records of Ireland before and after 1922.” Transactions of the Royal Historical Society 13 (1930): 17–49.
Faoi na 1960idí bhí naisc eacnamaíocha agus pholaitiúla mhéadaithe idir thíortha in Iarthar na hEorpa tar éis trí eagraíocht de chuid an Chomhphobail Eorpaigh na naisc a chur ar bhonn foirmiúil a bheadh mar bhunchloch an Aontais Eorpaigh. Ba é Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) an ceann ba shuntasaí díobh seo. Ag an am céanna bhí cur chuige níos gníomhaí á ghlacadh ag rialtais na hÉireann maidir le hoscailt agus fuinneamh a thabhairt do gheilleagar na hÉireann a bhí marbhánta le fada an lá. Ba spéisiúil an fhéidearthacht go ndéanfaí trádáil agus infheistíocht leathnaithe le raon mór de Mhór-Roinn na hEorpa.
Chuir Éire iarratas isteach ar bhallraíocht den CEE ar dtús in 1961 chomh maith leis an Ríocht Aontaithe. Chinntigh spleáchas mór na hÉireann ar mhargadh na RA gur fhan a n-iarratas ballraíochta fite fuaite i rith an phróisis. Mar a luaigh Páipéar Bán 1961:
“Tá an dearcadh atá glactha go seasta ag an Rialtas i leith na ceiste faoi rannpháirtíocht na hÉireann in CEE nó grúpáil Eorpach níos leithne, nach mór aird phríomha a thabhairt ar ár leas náisiúnta agus cé go bhfreastalódh air seo i gcúinsí áirithe trí dhul isteach i ngrúpa a raibh an Ríocht Aontaithe ina ball de, nach ndéanfaí freastal air trí dhul isteach in CEE, dá bhfanfadh an Ríocht Aontaithe lasmuigh agus go raibh orainn ár mbuntáistí fabhracha a sheachligean, sa mhargadh sin.”
Cuireadh stop leis na hiarratais in 1963 tar éis do Charles de Gaulle as an bhFrainc agóidí a chur isteach in aghaidh bhallraíocht an RA. Athmhúsclaíodh iad in 1967, agus tar éis éirí as de Gaulle in 1969, bhí siad ag dul sa treo ceart le tosú ar an gcaibidlíocht. I bPáipéar Bán 1970, leagadh amach príomhimpleachtaí na ballraíochta ar cheisteanna mar thalmhaíocht, iascach, cánachas, saorghluaiseacht agus pá comhionann. Ba é tátal na tuarascála ná, in ainneoin na ndúshlán a bhain leis an aistriú gurbh fhearr a dhéanfaí freastal ar an leas náisiúnta trí iontráil chuig CEE méadaithe lena n-áiríodh an RA.
Shínigh Éire an conradh aontachais an 22 Eanáir 1972. Toisc gur theastaigh leasú ar an mBunreacht leis an ngníomh, reáchtáladh reifreann i mí na Bealtaine, agus glacadh leis le breis agus 83% den vóta.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar ról na hÉireann sna Comhphobail Eorpacha/Aontas Eorpach, féach ar an líne ama seo ullmhaithe ag Seirbhís Leabharlainne agus Taighde an Oireachtais.
Foinse
Is ó bhailiúchán Foilseacháin Oifigiúla Leabharlann an Oireachtais iad na doiciméid seo.
Tagairtí
O’Driscoll, M. (2013). Ireland through European Eyes: Western Europe, the EEC and Ireland, 1945-1973. Cork University Press.
April 2022
This month the Oireachtas Library is marking 50 years of Raidió na Gaeltachta with a display of RTÉ’s annual report from 1973. The report, covering the period of April 1972 to March 1973, outlines the inaugural year of programming at the new station, which broadcast for the first time on Easter Sunday, 1972.
Irish language programming was featured on Irish radio from the 1920s, and the concept of a dedicated station was suggested as early as 1926 by the Minister for Posts and Telegraphs J J Walsh. However, it was not until the late 1960s and after much campaigning by the Gaeltacht Civil Rights Movement and others that plans were finally made to establish a radio service for the Irish language community.
A headquarters was built in Casla, Co. Galway, with two further studios in Baile na nGall, Co. Kerry and Doirí Beaga, Co. Donegal. The station’s initial broadcasts were limited to the Gaeltacht regions but RTÉ’s annual report describes the ongoing technical work to extend the transmission throughout the country.
In terms of programming, magazine shows were running on Mondays, Wednesdays and Fridays from each of the three studios, with a focus on reconciling the different regions with different dialects. The report also mentions that the different dialects were less of a barrier than had been expected. The vast majority of content came from the Gaeltacht areas, with the noted exception of folk music. In addition to the magazine shows, the station broadcast dramas, regional current affairs and educational content.
Provenance
This document is from the Oireachtas Library’s Official Publications collection.
References
RTÉ. Local Radio Service for An Ghaeltacht, 1972. https://www.rte.ie/archives/2017/0228/856014-raidio-na-gaeltachta/
Márta 2022
An mhí seo tá Leabharlann an Oireachtais ag comóradh Lá Idirnáisiúnta na mBan trí leabhar filíochta ó 1871 ag Jane Wilde a léiriú. Rugadh Lady Wilde in 1821. Cainteoir cuid mhór teangacha, scríbhneoir aistí, file, náisiúnaí Éireannach agus tacadóir ar chearta na mban ab ea í.
“Fainting forms, hunger-stricken, what see you in the offing? Stately ships to bear our food away, amid the stranger’s scoffing”
Thosaigh sí ag scríobh filíochta agus í sna fichidí do nuachtán An Náisiún, faoin ainm cleite Speranza, an focal Iodáilis ar dóchas. Ar na dánta is cáiliúla a scríobh sí bhí ‘The Famine Year’ 1847 (a chéad foilsíodh mar ‘The Stricken Land’), achasán fíochmhar ar theip Rialtas na Breataine gorta a chosc in Éirinn i ndiaidh dhúchan na bprátaí.
I dteannta na gcúiseanna polaitiúla bhí an-suim ag Wilde i mbéaloideas agus miotais, agus chuir sí leis an athbheochán chulturtha Cheilteach i ndeireadh an 19ú haois. Reáchtáil sí ‘salónta’ liteartha ina tithe i mBaile Átha Cliath agus Londain. Bhí sí an-mhór freisin lena mac cáiliúil, Oscar, agus bhí tionchar suntasach aici air.
Cé gur chuir sí lena hioncam trí scríbhinn, bhuail bochtanas í agus í ag dul anonn in aois agus í iarraidh tacú léi féin agus lena mac eile William. Diúltaíodh cead di cuairt a thabhairt ar Oscar i bPríosún Reading sula bhfuair sí bás i mí Feabhra 1896 agus cuireadh in uaigh gan leacht í i reilig Kensal Green. In 1999 thóg Cumann Oscar Wilde leacht ina cuimhne sa reilig céanna.
Foinse
Is cuid de Bhailiúchán ‘York Street Workmen’s Club’ de chuid Leabharlann an Oireachtais an leabhar seo, agus bronnadh í ar an leabharlann go luath sna 1920idí. De réir nóta ar an leabhar, bhronn an tArdeaspag Thomas Croke an chóip seo i dtosach báire don Workmen’s Club.
Tagairtí
Dudley, O. D. (2009) ‘Wilde, Jane Francesca Agnes (‘Speranza’)’. Dictionary of Irish Biography.
Feabhra 2022
An mhí seo, tá taispeántas faoin leabhar taistil Rambles in Ireland á thaispeáint againn. Tugtar cuntas sa leabhar, a foilsíodh in 1912, ar thuras a thug an scríbhneoir Robert Lynd agus a bhean chéile trí Ghaillimh, an Clár, Luimneach, Ciarraí, Corcaigh, Tiobraid Árann agus Baile Átha Cliath.
“Nach gceapann tú,” arsa mise, meáite ar an gcomhrá a iompar ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile, “go raibh Parnell níos fearr? “Parnell?” a bhéic sé, agus iontas ar a ghlór. “Ó go sábhála Dia sinn, ní cheapaim...”
B’iriseoir, scríbhneoir aistí agus eagarthóir é Lynd, a rugadh i mBéal Feirste agus a bhí ina chónaí in Londain. Náisiúnaí Éireannach diongbháilte agus ball gníomhach de Chonradh na Gaeilge ab ea é. Bhí an leabhar atá ar taispeáint anseo mar chuid de ‘Rambles’, ar sraith aistí taistil é, a d’fhoilsigh Mills & Boon. Tá léaráidí áille le fáil tríd, agus líníochtaí le Jack B Yeats agus grianghraif ó stiúideo grianghrafadóireachta Lawrence san áireamh.
The Sportsmen, le Jack B. Yeats
Cé go bhfuil an leabhar lán le cuntais áille ar thírdhreach agus ar chósta na hÉireann, ní raibh suim ar leith ag Lynd sna radharcanna agus é i mbun taistil - “Dar liom, is ionann dul chun breathnú ar radharcanna agus casadh ar fhear cáiliúil. Ní dhéantar é chun comhrá fiúntach a dhéanamh ach chun aithne a chur air.” Bhí i bhfad níos mó suime aige sna himeachtaí sóisialta a bhí ar bun sna bailte agus sna cathracha ar thug sé cuairt orthu. Tá neart comhráite siamsúla agus tíriúla le daoine áitiúla agus le turasóirí eile sa leabhar.
Ceistíodh tuairimí Lynd ó thaobh pholaitíocht na náisiúntachta uaireanta. Ag Aonach an Phoic i gCill Orglan, thairg úinéir siopa áitiúil stól lasmuigh dá siopa dó. Bhí an fear meáite ar leabhar ghrianghraf a raibh an-chion aige air, ina raibh grianghraif de Rí agus Banríon Shasana, a thaispeáint do Lynd:
“Togha fir sin!”, arsa m’óstaí, agus méar breicneach á chur ar an bportráid ríoga [den Rí Edward].
Nach gceapann tú,” arsa mise, meáite ar an gcomhrá a iompar ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile,” go raibh Parnell níos fearr?”
“Parnell?” a bhéic sé agus iontas ar a ghlór. “Ó go sábhála Dia sinn, ní cheapaim,” amhail is go raibh sé á thachtadh le déistin leis an moladh sin.
“Is féidir liom a rá leat,” ar seisean, agus lasair ina shúile agus leabhar grianghraif na Banríona Alexandra á sciobadh as mo láimh go grod aige, “gur diabhal beag náisiúnachais atá ionam. Seans go mbeadh,” ar seisean agus é ag féachaint go feargach agus ag druidim le doras a shiopa arís “dá bhfaighinn pingin rua as.”
Aonach an Phoic i gCill Orglan, ó stiúideo grianghrafadóireachta Lawrence
Rinne Lynd iarracht an Ghaeilge a labhairt le linn a thurais ach uaireanta bhí mearbhall nó uascántacht ar na daoine ar labhair sé leo. Thit an lug ar an lag aige nuair a d’fhiafraigh úinéir beáir i gCill Orglan de ar Shasanach é nuair a d’ordaigh sé deoch i nGaeilge. Agus nuair a rith sé le sagart i Lios Dúin Bhearna gur bhaill de Chonradh na Gaeilge Lynd agus a bhean chéile, is mar seo a labhair sé: “Á! Bó- a cow: Thuig mé an méid sin. Is teanga fíordheacair í. An dóigh leat go labhrófar an Ghaeilge riamh arís?”
Agus críoch á chur lena thuras i mBaile Átha Cliath aige, níor tháinig aon mheath ar a náisiúnachas agus tháinig sé ar an tuairim a leanas: “Faoi láthair, tá saol éidreorach ag Baile Átha Cliath i gcomparáid leis an saol beo bríomhar a bheidh ann nuair a bheidh an tsaoirse agus na dualgais aici mar is dual do phríomhchathair na tíre”.
Tugann léargas an-suimiúil sa leabhar seo, ní amháin ar earnáil turasóireachta na hÉireann in 1912, ach ar na dearcthaí polaitíochta agus sóisialta éagsúla a bhí ag saoránaigh na hÉireann cúpla bliain sular tháinig cogadh agus réabhlóid i réim sa tír freisin.
Foinse
Is cuid de Bhailiúchán Chaisleán Bhaile Átha Cliath Leabharlann an Oireachtais, arb í seanleabharlann tagartha Oifig an Ard-Rúnaí i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, an leabhar seo.
Tagairtí
Ferriter, D. (2009) Lynd, Robert Wilson. Dictionary of Irish Biography.
Nollaig 2021
Beidh macasamhail fhótagrafach den chonradh Angla-Éireannach á taispeáint againn an mhí seo. De réir nóta lámhscríofa ar an gcéad leathanach, chóipeáil Ard-Mhúsaem na hÉireann na hAirteagail Chomhaontaithe (ina bhfuil an Bunchonradh), le caoinchead an rialtais agus faoi mhaoirseacht chléireach na Dála.
Síníodh an Conradh ar an 6 Nollaig 1921 tar éis tréimhse dhian dhíospóireachtaí i Londain. Bhí Diarmuid O’Hegarty ar dhuine de na daoine a thug cúnamh rúnaíochta don toscaireacht Éireannach. Rugadh O’Hegarty i Sciobairín in 1892 agus tháinig sé isteach sa Státseirbhís i mBaile Átha Cliath in 1910 agus d’oibrigh sé do T.P. Gill sa Roinn Talmhaíochta agus Ceardoideachais.
[image src="/assets/Uploads/Treaty-Debates/Treaty-facsimilie-cover.jpg" id="21784" width="600" height="475" class="center ss-htmleditorfield-file image" alt=”Leathanach cumhdaigh na nAirteagal Comhaontaithe le haghaidh Conartha idir an Bhreatain Mhór agus Éire a síníodh i Londain an 6 Nollaig 1921"]
Tháinig sé isteach in Óglaigh na hÉireann freisin agus ghlac sé páirt in Éirí Amach na Cásca. Cé gur cuireadh i bpríosún é i Sasana chomh maith le go leor Óglach eile scaoileadh amach as an bpríosún é trí thimpiste agus d’fhill sé ar a phost in Éirinn. De réir a chomh-Óglaigh Barney O’Driscoll, dúirt T.P. Gill “Tóg do laethanta saoire i dtosach, a Hegarty agus tuairiscigh ar ais dúinn. Tá súil agam gur bhain tú sásamh as an am a chaith tú ag troid”.
Briseadh as an státseirbhís é in 1918 de bharr gur dhiúltaigh sé an mionn dílseachta a ghlacadh. Ach baineadh úsáid as a chuid scileanna riaracháin mar chléireach na chéad Dála agus mar rúnaí do chomh-aireacht na Dála sa dá bhliain a raibh siad ar a seachnadh. D’eagraigh sé a gcuid cruinnithe, rinne sé taifead ar na miontuairiscí agus ba é croílár na cumarsáide do na ranna. Ba dhlúthchara le Micheál Ó Coileáin é, agus bhí sé ina chuideachta leis chuig díospóireachtaí an Chonartha. Mar dhuine a thacaigh leis an gcomhaontú deiridh, choinnigh sé a shlí bheatha sa státseirbhís tar éis bhunú an tSaorstáit, ach cuimhneofar go deo air mar “státseirbhíseach na réabhlóide” (Pakenham, 1972).
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin gConradh Angla-Éireannach ar ár leathanach tiomnaithe gréasáin faoi Dhíospóireachtaí an Chonartha.
Foinse
Is ó bhailiúchán cartlainne Leabharlann an Oireachtais é an doiciméad seo.
Tagairtí
Pakenham, F. A. (1972). Síocháin trí oirdéal. Londain: Sidgwick & Jackson Ltd.
Murphy, W. agus Coleman, M. (2009). "O’Hegarty (Ó hÉigeartuigh), Diarmuid". Dictionary of Irish Biography. www.dib.ie/biography/ohegarty-o-heigeartuigh-diarmuid-a6802
Ruairc, Ó. P. Ó., Borgonovo, J., agus Bielenberg, A. (Eag.) (2015). The Men Will Talk to Me (Sraith Ernie O’Malley, West Cork Brigade). Corcaigh: Mercier Press.
Samhain 2021
Beidh cóip de Stair an Chogaidh i gcoinne na Rúise le léaráidí ó pheann Nolan á taispeáint againn an mhí seo. Foilseoidh go gairid tar éis Chogadh na Crimé 1853-56 é, cogadh a chaill an Rúis i gcoinne comhpháirtíochta ina raibh an Ríocht Aontaithe, an Fhrainc, an tSairdín agus an Impireacht Otamánach páirteach.
Bhí tionchar nár bheag ag teicneolaíochtaí nua ar thuairisciú na meán den chogadh. Roimhe sin, ghlac sé seachtainí agus míonna ar thuairiscí teacht ón gcoigríoch, lig forbairtí sa chumarsáid teileagraif teacht chun na Breataine laistigh de laethanta nó uaireanta fiú.
Sheol comhfhreagraí Times William Howard Russell (1820-1907) tuairiscí gléineacha agus uaireanta fíochmhara d’Arm Mhíleata na Breataine a raibh tionchar mór acu ar thuairimí polaitiúla agus poiblí. Ba chogadh é nach raibh gnaoi an phobail sa Bhreatain air faoi 1855, bhí baint aige le tuaiplisí cosúil leis an ‘Charge of the Light Brigade’, agus cailleadh ní ba mhó saighdiúirí ó ghalar ná ón gcomhrac é féin.
1) Cúntóir Fenton darbh ainm Marcus Sparling, ag suí ar a veain grianghrafadóireachta. 2) Saighdiúirí ar staidiúir timpeall tine. Foinse: Wikimedia Commons
Ba é an chéad chogadh é ar glacadh grianghraif de, go háirithe grianghraif ó ghrianghrafadóir na Breataine Roger Fenton (1819-1869). Chuaigh Fenton chuig Crimea in 1855, ní mar iriseoir ach chun portfóilió íomhánna a chur le chéile le cur ar díol sa bhaile. Bhíodh trealamh toirtiúil aige agus chuir agaí nochta fada srian ar rogha a n-ábhar. Ní raibh sé in ann grianghraif de chomhrac beo a ghlacadh, agus sheachain sé grianghraif a ghlacadh de dhaoine a maraíodh. Ina ionad sin, dhírigh sé ar na campaí míleata, ar threalamh, agus ar ardoifigigh airm.
Ghlac Fenton grianghraif den tírdhreach freisin, níl duine ar bith le feiceáil i gceann dá íomhánna cogaidh is cáiliúla. Gleann Scáth an Bháis (Valley of the Shadow of Death) a thugtar air, íomhá uaibhreach ina bhfuil bóthar sceirdiúil greagnaithe le caora gunna mór. Tá dá leagan den ghrianghraf céanna ann, ceann leis na caora gunna mór, agus ceann gan iad, rud atá ríspéisúil. Tharraing an cheist faoi cé acu a nglacadh ar dtús neart cainte, agus maille sin, an cur i gcéill ar fad a bhí san íomhá ag Fenton.
Dhá leagan de Ghleann Scáth an Bháis de chuid Fenton. Foinse: Wikimedia Commons
Cé nach raibh sé i gceist aige go bhfoilseofar a íomhánna sna meáin, foilsíodh san Illustrated London News iad, agus tharraing siad neart airde ó phobal nach raibh cogadh feicthe acu ar shlí chomh físiúil sin riamh. (Baineadh úsáid astu mar íomhánna i leabhar de chuid Nolan freisin) D’éirigh fóta-iriseoireacht cogaidh ní ba choitianta de réir mar a tháinig feabhas ar theicneolaíochtaí. Bhí na meáin agus an t-arm míleata i gcomórtas lena chéile chun údarás a fháil maidir le taifead físiúil na n-imeachtaí. Tarraingítear ceisteanna suimiúla aníos faoin ‘bhfírinne’ agus faoin ‘bhfíor-shaol’ sa ghrianghrafadóireacht le híomhánna faoi aighneas ar nós Ghleann Scáth an Bháis de chuid Fenton nó Meath an tSaighdiúra ó Chogadh Cathartha na Spáinne, agus eascraítear conspóidí ón bhfóta-iriseoireacht sa lá atá inniu ann de bharr an tionchair a mheastar go bhfuil aici ar tuairimí an phobail agus ar thuairimí polaitiúla.
Foinse
Tá an teideal seo ó Bhailiúchán Mhic Gearailt Leabharlann an Oireachtais, ceannaíodh sna 1920idí ó Theach Charraig Odhráin, Contae an Chláir é.
Tagairtí
Baldwin, G., Daniel, M. & Greenough, S. (2004). All the mighty world: the photographs of Roger Fenton, 1852-1860. Yale University Press.
Britannica, Eagarthóirí na Ciclipéide (1998). Cogadh Chrimé Ciclipéid Britannica. www.britannica.com/event/Crimean-War
Deireadh Fómhair 2021
An mhí seo tá an chéad eagrán de An Introduction to the Irish Language leis an Urramach William Neilson, a dtugtar Neilson’s Grammar air chomh maith, ar taispeáint againn. Foilsíodh an leabhar den chéad uair in 1808 agus aithnítear go forleathan é mar théacs ceannródaíoch ar ghramadach agus ar struchtúr focal na Gaeilge.
Rugadh William Neilson (1774–1821) mar chuid de chlann léannta Phreispitéireach i gCo. an Dúin a labhair Gaeilge.
Bhí sé líofa sa Laidin, sa Ghréigis, san Eabhrais agus sa Ghaeilge agus bhí sé ina mhinistir agus ina mhúinteoir, cosúil lena athair. Mhúin sé Gaeilge ina scoil ilchreidmheach i nDún Dealgan. Bíodh agus go raibh sé dílis do chróin Shasana gabhadh é ar chúis tréasa de bharr go raibh a ainm cosúil le hainm Éireannach Aontaithe Samuel Neilson (1761–1803) le linn éirí amach 1798 tar éis dó seanmóir a thabhairt i nGaeilge. (Saoradh é tar éis dó aistriúchán a chur ar fáil.
Spreagadh úsáid na Gaeilge i measc na ministreachta Preispitéireaí mar mhodh chun a dteachtaireacht reiligiúnach a scaipeadh in Éirinn. Ach bhí athéirí sa tsuim a léiríodh i measc an lucht léinn sa chultúr Ceilteach in Albain agus in Éirinn go déanach san 18ú céad chomh maith. Thacaigh lucht léinn agus ársaitheoirí, a raibh sinsir Ghael-Albanacha ag roinnt acu, go láidir le caomhnú na Gaeilge mar ghné thábhachtach i dtaobh lámhscríbhinní agus cáipéisí stairiúla Gaelacha tábhachta eile a léamh.
Dhírigh roinnt eile den lucht léinn ar chur chun cinn na Gaeilge mar theanga nua-aimseartha. Chreid Neilson go raibh eolas ar an nGaeilge ríthábhachtach le haghaidh idirghníomhaíocht phraiticiúil laethúil le muintir a thíre féin. Ba dá bharr sin a chruthaigh sé a leabhar gramadaí in 1808, agus é ag lua cé gur foilsíodh roinnt téacsanna faoi sheandacht Cheilteach, “a grammar, by which the learner might be taught to compose, as well as to analyze, appeared to be wanted”. Lean idirghníomhú léannta na bPreispitéireach leis an nGaeilge ar aghaidh isteach sa 19ú céad ach tháinig laghdú ar an tsuim a bhí ag daoine sa teanga de réir mar a rinneadh polaitiú ar an teanga agus mar a ceanglaíodh í leis an ngluaiseacht náisiúnach go príomha.
Foinse
Tá an leabhar mar chuid de bhailiúchán stairiúil ginearálta Leabharlann an Oireachtais ó 1924.
Tagairtí
Ó Saothraí, Séamas (1989). William Neilson DD MRIA (1774-1821). Journal of the County Louth Archaeological and Historical Society, 22 (1), 20-28.
Murphy, David (2009). Neilson, William (Mac Néill, Uilliam). Dictionary of Irish Biography.
Meán Fómhair, 2021
An mhí seo, tá achoimre shiamsúil ar thriail William Cobbett (1763‑1835) ó 1831 á léiriú againn.
Iriseoir agus gníomhaí polaitiúla as Sasana ba ea Cobbett a bhí ina chosantóir ar son chearta an oibrí tuaithe le linn thionsclú na Breataine sa 19ú haois.
Ó bhlianta deireanacha an 18ú haois, de dheasca sraith dlíthe ‘imfhálaithe’ i Sasana, chonacthas ionadú ar scála mór an talaimh coimín uirbigh a bhí ann go traidisiúnta le húinéireacht phríobháideach. Mar gheall air sin, ní raibh aon talún ag líon suntasach oibrithe chun a gcuid ainmhithe a chur ar féarach, rud a d’fhág go raibh siad ag brath go mór ar an tuarastal a ghnóthaídís ag obair mar oibrithe feirmeoirí aimsir an fhómhair san fhómhar agus san earrach. Agus deireadh na gCogaí Napoléon ann, áfach, gearradh na tuarastail sin toisc go raibh an iomarca oibrithe ar fáil mar gheall ar fhilleadh na bhfear ar an tír agus plódú isteach inimirceach Éireannach. Ba sheacht mheasa an buille sin freisin mar gheall ar an laghdú ar na praghsanna talmhaíochta a chonacthas, mar gheall ar an ualach a tháinig bonn ar bhonn le deachúna na hEaglaise agus mar gheall ar an mbrú faoina raibh níos mó daoine de dheasca rátaí Dhlí na mBocht.
William Cobbett, circa 1831 / Foinse: Wikimedia Commons
Nuair a tharla go raibh innill bhuailte ag teacht go hiomlán in áit na n-oibrithe, gríosadh frithfhreagairt fhairsing. Tar éis dhá fhómhar ghanna i ndiaidh a chéile, anonn sa bhliain 1830, bhí a ndá dhóthain ag na hoibrithe feirmeoirí agus thug siad faoi chíréibeacha a thógáil agus ionsaithe á ndéanamh acu ar fheirmeacha agus innill bhuailte á scriosadh acu. D’úsáidtí go minic an t-ainm ‘Captain Swing’ chun síniú a chur le litreacha bagracha a sheoladh agóideoirí chuig na húdaráis áitiúla agus chuig feirmeoirí saibhre a raibh talamh acu. Measadh go mba é luascadh súiste (uirlis a úsáideadh chun arbhar a bhualadh) a thug inspioráid don ainm sin. Mar sin, tugadh ‘Swing Riots’ ar na círéibeacha.
B’iomaí uair a rinne Cobbett é féin ina namhaid ag rialtas na dTóraithe agus rialtas na bhFuigeanna araon trí athchóiriú polaitiúla a chur chun cinn agus trí bheith ag labhairt amach i gcoinne éilliú polaitiúil agus an ardaithe ar fhiachas náisiúnta. Chuir sé i gcoinne an tionsclaithe go háirithe, agus an chuimhne chumhach a bhí aige ar Shasana san 18ú haois mar thír thalmhaíochta agus neamhspleách á cothú aige fós. Chuaigh a chuid foilseachán agus óráidí i gcion ar an bpobal tuaithe agus tríd an tacaíocht a léirigh sé do na círéibeoirí Swing, tugadh cás maidir le clúmhilleadh scríofa ceannairceach ina aghaidh in 1831.
Sheas Cobbett dó féin sa chúirt. Osclaíodh an triail le gearán arna dhéanamh ag an Ard-Aighne ionchúisimh inar maíodh go ndearna Cobbett seomra na cúirte a líonadh lán go béal le tacaithe gárthacha agus inar fógraíodh os comhair an ghiúiré “má tá an fhírinne chun teacht ina háit féin, is linne an bua”. Is léir ón gcuntas a foilsíodh go raibh idirghabhálacha gríosaitheacha Cobbett leis an Ard-Aighne agus leis an mbreitheamh ceannais araon ina mórúdar frustrachais. Bhí an cur chuige ionsaitheach a ghlac sé rathúil agus, rud a chuir a sáith náire ar an rialtas, rinneadh é a éigiontú nuair nár éirigh leis an ngiúiré teacht ar bhreithiúnas comhaontaithe.
[image src="/assets/DisplayCase-Sep-2021-Cobbett-swing-riots-document.jpg" id="21538" width="371" height="679" class="center ss-htmleditorfield-file image" alt=”Sliocht as cuntas ar thriail William Cobbett (1763-1835) sa bhliain 1831"]
Tar éis ghlacadh an Reform Act, 1832, toghadh Cobbett chun na parlaiminte, ach ba dheacair leis an t-aistriú ó ghníomhaí go polaiteoir. D’éag Cobbett in 1835. Bhí Cobbett ina scríbhneoir bisiúil ar feadh a shaoil agus tá sé curtha síos dó gurb eisean a chum an téarma ‘red herring’ (scéal thairis). Agus tuairimí difriúla aige maidir le príomhshaincheisteanna polaitiúla agus eacnamaíocha an lae, fágadh go raibh cairde agus naimhde aige ar gach taobh den réimse polaitiúil. Thosaigh sé ag foilsiú Díospóireachtaí Parlaiminteacha in 1802 roimh dó úinéireacht an bhailiúcháin a aistriú go Thomas Curson Hansard (1776-1833) mar gheall ar dheacrachtaí airgeadais. Ba faoi ainm Thomas Curson Hansard a d’aithneofaí an taifead parlaiminteach go hoifigiúil ina dhiaidh sin.
Foinse
Tá an foilseachán seo mar chuid de bhailiúchán Oifig na hÉireann i Leabharlann an Oireachtais. Is éard atá sa bhailiúchán sin sraith paimfléad a cuimsíodh tráth i leabharlann tagartha Oifig na hÉireann i Londain agus a aistríodh chuig an Oireachtas sna 1920idí.
Tagairtí
Caprettini, Bruno, agus Hans-Joachim Voth (2020). "Rage against the Machines: Labor-Saving Technology and Unrest in Industrializing England." American Economic Review: Insights, 2(3), 305-20.
Wells, Roger (1997). “Mr William Cobbett, Captain Swing, and King William IV.” The Agricultural History Review, 45(1), 34–48.
Lúnasa 2021
An mhí seo, chun an rath a bhí ar fhoireann Oilimpeach na hÉireann i dTóiceo le déanaí a cheiliúradh, tá Leabharlann an Oireachtais ag féachaint ar ár mbailiúcháin le haghaidh tagairtí do chluichí roimhe seo. Leagadh an doiciméad seo os comhair na dTithe agus taispeánann sé deontas de £1,000 ón Roinn Airgeadais chun tacú le foireann na hÉireann sna cluichí a bhí ar siúl sa bhliain 1932 in Los Angeles. Sa Dáil an 9 Meitheamh 1932, mhínigh an tAire Airgeadais Seán Mac an tSaoi go raibh fasach déanta nuair a tugadh £1,000 don fhoireann sa bhliain 1928. Nuair a d'iarr an Teachta Risteard Ó Maolchatha faoi dhul chun cinn maidir le liathróid láimhe agus iománaíocht a bheith san áireamh mar chomórtais Oilimpeacha, d'fhreagair Mac an tSaoi:
Níl liathróid láimhe mar chuid de na comórtais i mbliana, ach tá foireann á seoladh amach. Tá sé ar bhonn trialach, mar a déarfá. Tuigim go bhfuil céimeanna chun cinn tógtha chun a chinntiú go dtugtar an stádas céanna don iománaíocht, ach níor bhog an moladh seo ar aghaidh go fóill go dtí an chéim chéanna mar atá i gceist le liathróid láimhe. Tá sé i bhfad níos costasaí foireann iománaíochta a sheoladh amach ná foireann liathróide láimhe, agus d’fhéadfaí go mbeadh baint aige seo le dearcadh na Comhairle Oilimpí.”
Bhí Éire san iomaíocht ag na Cluichí Oilimpeacha in 1924 i bPáras ach níor bhuaigh sí aon bhonn spóirt (cé gur bhuamar bonn airgid agus bonn cré-umha sna comórtais ealaíne Oilimpeacha a bhí mar chuid den imeacht go dtí 1948). Thart faoin ama sin bhí mac léinn leighis darb ainm Pat O'Callaghan spreagtha ag an traidisiún láidir i spóirt caithimh na hÉireann dul le caitheamh an oird. Ag dul ó neart go neart sna comórtais, éiríodh leis an dochtúir óg bheith ina laoch náisiúnta sa bhliain 1928 nuair a bhuaigh sé bonn óir ag Cluichí Amstardam, an chéad bhonn Oilimpeach bronnta ar Éirinn mar thír neamhspleách.
Deontas rialtais de £1,000 chun tacú le foireann na hÉireann ag na Cluichí Oilimpeacha sa bhliain 1932
Seoladh ochtar lúthchleasaithe chuig Los Angeles sa bhliain 1932, lena n-áirítear O'Callaghan agus Bob Tisdall, fear a raibh tuismitheoirí Éireannacha aige, agus a bhí ina chónaí sa Bhreatain. Agus é ina lúthchleasaí iontach uileghabhálach, scríobh Tisdall chuig Comhairle Oilimpeach na hÉireann agus d’iarr sé páirt a ghlacadh sa rás cliathreathaíochta 400m, cé nár ghlac sé páirt ann riamh. Cé gur rith sé go mall ina chéad triail Éireannach, d’éirigh leis am cáilithe a bhaint amach tar éis oiliúint dhá sheachtain a dhénamh i mBaile an Bhuinneánaigh agus bhí sé in ann dul isteach san fhoireann náisiúnta.
Cé go raibh Tisdall neirbhíseach ar dtús, lean sé ar aghaidh chun a bhabhta cáilithe agus a bhabhta leathcheannais a bhuachan. An 1 Lúnasa, thug sé aghaidh ar lúthchleasaithe a raibh an-taithí acu sa chluiche ceannais, lena n-áirítear na seaimpíní reatha agus na seaimpíní roimhe seo. Ag tosú go maith, bhris sé isteach ar an gcliath dheireanach ach tháinig sé ar ais in am chun an bonn óir a bhuachan. Ansin rinne Tisdall a bhealach chuig ciorcal na n-ord, áit inar chabhraigh sé le O’Callaghan, a raibh cantal air, na spící a dhéanamh mín ar a bhróga. Bhí Ó Callaghan tar éis teacht isteach mar rogha na coitiantachta, ach chuir dromchla crua chiorcal na n-ord, nach rabhthas ag súil leis, isteach ar a theicníc. Agus a chuid spící deas mín ar a bhróga, agus é sa dara háit dá chaitheamh deiridh, chuir sé an t-ord 5 troithe níos faide ná an t-iomaitheoir tosaigh, ag coinneáil an bonn óir d’Éirinn.
An Dochtúir Pat O’Callaghan (ar chlé) sa bhliain 1928 agus Bob Tisdall (ar dheis) sa bhliain 1932.
Bhí O’Callaghan ina dhuine mór le rá i saol idirnáisiúnta an spóirt sna blianta ina dhiaidh sin. Chiallaigh achrann polaitiúil i measc na gcumann lúthchleasaíochta a bhí in iomaíocht lena chéile ar an oileán nach raibh Éire in iomaíocht sna Cluichí Oilimpeacha sa bhliain 1936 agus mar sin ní raibh O’Callaghan in ann a theideal a chosaint. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé go Meiriceá, áit ar tairgeadh ról Tarzan dó in Hollywood. Rinne sé iarracht, nár éirigh léi, ainm a dhéanamh dó féin mar iomrascálaí gairmiúil sular fhill sé abhaile, áit ar bhunaigh sé clinic dochtúra i dTiobraid Árann. Ag coinneáil a stádas mar dhuine mór le rá ar an ardán idirnáisiúnta, thosaigh Tisdall ar réimse fiontar gnó thar na blianta ina dhiaidh sin, agus é ina chónaí san Eoraip agus san Afraic sular shocraigh sé san Astráil ar deireadh. Rinne sé a chéad léim pharaisiúit nuair a bhí sé 86, agus sa bhliain 2000 rinne sé bogshodar leis an mbratach Oilimpeach do na cluichí in Sydney agus é 93 bliain d'aois.
Tagairtí
Byrne, K. (2012). Monday 1 August 1932: Ireland's finest Olympic hour? History Ireland, 20(4), 28-29.
Lysaght, Charles (2010). Tisdall, Robert Morton Newbury (Bob). Dictionary of Irish Biography.
https://doi.org/10.3318/dib.009367.v1
Rouse, P. (2009). O’Callaghan, Patrick (‘Pat’). Dictionary of Irish Biography.
https://doi.org/10.3318/dib.006548.v1
Mí Iúil 2021
An mhí seo tá paimfléad 1807 ón Urramach William Liddiard (1773–1841), ar taispeáint againn, ag iarraidh go mbunófaí seirbhís tarrthála eagraithe feadh chósta na hÉireann. Bhí fonn ar leith ar an Urramach Liddiard na Túir Martello a tógadh le déanaí a úsáid mar stáisiúin tiomnaithe bád tarrthála.
Bhí Liddiard ag scríobh mar fhreagra ar dhá long a chuaigh go tóin poill le déanaí i mBaile Átha Cliath - an Rochdale agus an Prince of Wales- a chonaic caillteanas beagnach 400 saol in aon oíche amháin.
“Thapaigh mé an deis nuair atá mothúcháin an náisiúin i mbun gnó, agus sula bhféadfaí a rá go bhfuil siad maolaithe, bunú níos ginearálta den Bhád Tarrthála a mholadh; plean atá mar bhalsam le haghaidh an lagmhisnigh atá ann i láthair na huaire, geallann sé cosc a chur ar atarlú tubaistí cosúil leo siúd lena bhfuil ár gcladach buailte le déanaí.”
Bhí saighdiúirí á n-iompar ag an dá long atá bhí ag dul i dtreo fhronta chogaidh Napoleon nuair a d'fhág siad Baile Átha Cliath an 19 Samhain 1807. Gabhadh iad i ngaoth fíochmhar agus i stoirm sneachta go gairid tar éis dóibh imeacht. Ní raibh an dara rogha ag an Prince of Wales ach dul ar charraigeacha ag an Charraig Dhubh, agus d’éirigh leis an gcaptaen, an fhoireann, na baill teaghlaigh agus beirt saighdiúirí an cladach a bhaint amach ar bhád níos lú. Bádh 120 saighdiúir. Bhí líomhain ann go raibh na saighdiúirí sáinnithe ag an gcaptaen faoin deic ionas go bhféadfadh sé an t-aon bhád breise a thógáil chun sábháilteachta, ach mar gheall nach raibh dóthain fianaise tarraingíodh an chúis siar. Chuaigh an Rochdale isteach sna carraigeacha ag Rinn na Mara, agus cailleadh na 265 paisinéir agus an criú go léir.
Is léir ón bpaimfléad go ndeachaigh an obair chun seirbhís tiomnaithe bád tarrthála a fhorbairt ag Caisleán Bamburgh ar chósta thoir thuaidh Shasana i bhfeidhm ar Liddiard. In 1786 choimisiúnaigh iontaobhaí an eastáit, an tArd-Deagánach Northumberland, Lionel Lukin (1742-1834) chun bád iascaireachta a athrú ina bhád tarrthála speisialaithe. Deirtear gurb é Lukin a rinne an chéad dearadh le haghaidh bád tarrthála ar tír, paitinnithe i 1785. Ar feadh roinnt blianta ina dhiaidh sin seoladh tarrthálacha farraige i mBád Iascaireachta athchóirithe Lukin ag criú as caisleán Bamburgh, rud a chiallaíonn gurb é ceann de na chéad stáisiúin bád tarrthála tiomnaithe.
Spreag nádúr eagraithe na hoibre ag Bamburgh Liddiard chun fiosrú a dhéanamh dá mbeadh féidearthacht ann na túir 'Mortello' ar fud Chósta na hÉireann "a athrú ina modhanna sábháilteachta a dhá oiread, túr slánaithe chomh maith leis an urdhún chonsanta atá i gceist leis faoi láthair?”. Tógadh go leor de na foirgnimh - ar a dtugtar Túir Martello orthu go minic- in 1804 agus 1805, ag tógáil a n-ainm agus a ndearadh ó thúir chosanta i Mortella sa Chorsaic.
In ainneoin na hachainí paiseanta a rinne Liddiard, áfach, níor bunaíodh An Foras Náisiúnta um Chaomhnú na Beatha agus Maoin ó Longbhriste go dtí 1824 don Bhreatain agus in Éirinn (ar a dtugtar An Foras Ríoga Náisiúnta Bád Tarrthála anois). Ach chuir bá an Rochdale agus an Prince of Wales le feachtas a bhí ag fás d'fhorbairt cé sábháilte ag an sráidbhaile beag darb ainm Dún Laoghaire. Bhí cé a tógadh i lár na 1700-aidí siolta go hiomlán, ach measadh go raibh an suíomh idéalach mar chuan do longa ag lorg tearmainn ó choinníollacha contúirteacha Chuan Bhaile Átha Cliath. Cuireadh tús le hobair air seo in 1817, agus críochnaíodh an ché nua in am chun long an Rí George IV a óstáil in 1821.
Foinse
Is cuid de Bhailiúchán Chaisleán Bhaile Átha Cliath Leabharlann an Oireachtais, seanleabharlann tagartha Oifig an Ard-Rúnaí i gCaisleán Bhaile Átha Cliath é an paimfléad seo ó 1807. Is ó shaothar Thomas Cromwell dar teideal Excursions Through Ireland, a rinneadh in 1820 agus atá mar chuid de bhailiúchán Bhaile an Mhuilinn, an t-iar-leabharlann ag Teach Russborough, Co. Chill Mhantáin a fuarthas an íomhá de Dhún Laoghaire.
Tagairtí
An Foras Ríoga Náisiúnta Bád Tarrthála (n.d.) Amlíne. https://rnli.org/about-us/our-history/timeline.
Bourke, Edward J. (2008). “The Sinking of the Rochdale and the Prince of Wales.” Dublin Historical Record, 61(2), 129–135. JSTOR, www.jstor.org/stable/27806786.
Meitheamh 2021
An mhí seo táimid ag féachaint níos dlúithe ar Choimisiún Parnell 1888-89 trí chartúin chomhaimseartha a foilsíodh sa nuachtán United Ireland, a bhí i bhfách le Parnell.
Sna 1880idí bhí The Times, nuachtán coimeádach, go mór i gcoinne an bhrú ar son rialtas dúchais in Éirinn ag an bPáirtí Liobrálach agus ag Páirtí Parlaiminteach na hÉireann. I mí an Mhárta 1887, thosaigh an nuachtán ag foilsiú sraith alt ar ar tugadh “Parnellism and Crime”, a d'fhéach le míchlú a chur ar Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann trína chomhaltaí a nascadh go díreach le coiriúlacht agus foréigean poblachtach.
Ar an 18 Aibreán tharraing an nuachtán go leor cainte trí litir a fhoilsiú, a líomhnaítear a scríobh ceannaire Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann, Charles Stewart Parnell, inar thug sé le fios gur thacaigh sé le dúnmharuithe clúiteacha Ard-Rúnaí agus Fho-Rúnaí Buan na hÉireann in 1882. Rinne Parnell agóid i gcoinne a chiontachta, ag maíomh gur bhrionnúcháin a bhí sa litir seo agus i litreacha eile a foilsíodh. Bliain ina dhiaidh sin bhunaigh an rialtas coimisiún speisialta chun imscrúdú a dhéanamh ar na líomhaintí iomadúla a rinne The Times in aghaidh Parnell agus a chomhghleacaithe.
Sa chartúin seo léirítear The Times mar bhean ag caitheamh an nuachtáin mar naprún, agus í ag caitheamh litreacha bréige Parnell i dtreo pobal diomúch, agus trí fhuinneog is féidir daoine a fheiceáil ag cóipeáil shíniú Parnell.
Bhreathnaigh an rialtas ar an gcoimisiún mar dheis chun damáiste buan a dhéanamh do cháil Parnell, agus do chlú an Pháirtí Liobrálaigh ag an am céanna. Chuir an rialtas acmhainní agus doiciméid suntasacha ar fáil d’aturnaetha The Timesagus rinne an tArd-Aighne ionadaíocht ar The Times ag an gcoimisiún. Ghlac Parnell leis mar dheis chun a ainm a ghlanadh. Thacaigh a chairde ag an nuachtán United Ireland i mBaile Átha Cliath go láidir leis, rinne siad eagarfhocail agus cartúin a fhoilsiú inar léiríodh The Times sáite i mbrionnú.
Sa chartúin seo léirítear The Times mar bhean ar a bhfuil aghaidh cloig. Tá sí á tarraingt ó pholl ag an Ard-Aighne agus W.H. Smith, Ceannaire Theach na dTeachtaí, agus cuireann Parnell in iúl iad do “Bhreitheamh” a bhfuil púicín air.
Bhí os cionn míosa caite sular iompaigh na héisteachtaí ar na litreacha. Dúirt The Times gur ceannaíodh na litreacha ó eagraíocht aontachtach - an Irish Loyal and Patriotic Union. Mhaígh an eagraíocht sin gur cheannaigh sí iad ó fhear darbh ainm Richard Pigott. Iriseoir Éireannach míchlúiteach agus a raibh an saol ina éadan ab ea Pigott. Bhí aithne mhaith ag náisiúnaithe na hÉireann agus ag gníomhaithe talún air, tar éis dó titim amach le go leor acu thar na blianta. Thóg Pigott seastán na bhfinnéithe ar an 20 Feabhra 1889 agus dúirt sé leis an gcoimisiún go bhfuair sé na litreacha ón ngrúpa poblachtach Clan na Gael i bPáras.
Bhí a cuid taighde mionsonraithe féin déanta ag foireann Parnell, faoi stiúir Ard-Bhreitheamh Shasana amach anseo, Charles Russell, agus thug siad rud éigin neamhghnách faoi deara faoi na litreacha. Bhí líon iontais botúin litrithe ann, lena n-áirítear an focal ‘hesitancy’ litrithe mar ‘heistency’. Chuimhnigh cara polaitiúil le Parnell, Patrick Egan, ar an earráid litrithe áirithe sin a fheiceáil roimhe seo, i litir a sheol Richard Pigott chuige. Chuir Egan Parnell agus Russell ar an eolas, agus nuair a bhí sé in am Pigott a chroscheistiú ar sheastán na bhfinnéithe, thug Russell píosa páipéir dó.
D’iarr sé ar an bhfinné mearaithe roinnt focal a scríobh amach, lena n-áirítear an t-ainm ‘Patrick Egan’. Ansin dúirt sé go réchúiseach, “Tá focal amháin a bhí dearmadta agam. Níos ísle síos, le do thoil, ag fágáil spásanna, scríobh an focal ‘hesitancy’, le ‘h’ beag. Scríobh Pigott an focal deiridh seo agus thug sé an bhileog pháipéir ar ais go Russell. Cinnte go leor, bhí an focal ‘hesitancy’ litrithe mar ‘heistency’. Chuir Russell an bhileog síos agus lean sé ar aghaidh ag plúchadh Pigott le ceisteanna.
Bhí comhfhreagras feicthe ag Russell agus ag an bhfoireann ó Pigott chuig Ardeaspag Bhaile Átha Cliath (tacadóir le rialtas dúchais agus athchóiriú talún), ag tabhairt rabhadh dó go raibh an preas chun rudaí a nochtadh faoi Parnell. D’ardaigh an comhfhreagras a n-amhras go raibh sé ag cur aontachtaithe agus náisiúnaithe i gcoinne a chéile ar bhrabús airgeadais. Léirigh freagraí Pigott ar cheisteanna mionsonraithe Russell agus é ag éirí ní ba chorraithe go soiléir go raibh sé ag insint bréige faoin mbaint a bhí aige leis an gcás. Ar an tríú lá go raibh sé le ceistiú, ní raibh Pigott le feiceáil, tar éis dó teitheadh thar lear. Chuir sé admháil i scríbhinn chuig an gcoimisiún go ndearna sé féin na litreacha a bhrionnú. Nuair a tháinig na póilíní suas leis i Maidrid, fuair sé bás faoina lámh féin sula bhféadfaidís é a ghabháil.
Sa deireadh, ghlac an Coimisiún le roinnt cúisimh níos lú i gcoinne Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann. Ach maidir leis an gcúiseamh go raibh naisc dhíreacha aige le foréigean agus coiriúlacht, rinneadh Parnell a ghlanadh ó chúis. Thug sé cás in éadan The Times agus athchóiríodh a cháil pholaitiúil. Díreach cúpla mí ina dhiaidh sin, áfach, sádh isteach i bhfód na meán arís nuair a ainmníodh é mar chomhfhreagróir in imeachtaí colscartha William agus Katharine O’Shea. Toradh an-difriúil a bheadh ann an uair sin, áfach.
Foinse
Is cuid de Bhailiúchán Chaisleán Bhaile Átha Cliath Leabharlann an Oireachtais, seanleabharlann tagartha Oifig an Ard-Rúnaí i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, tráth dá raibh, iad na cartúin ‘A Transparent Trick’ agus ‘The Times in a Hole’.
Tagairtí
Aitken, R. (Earrach, 2003). The Spelling Game: Russell’s Cross-Examination of Pigott. Litigation, 29(3), 47-71.
Lyons, F. (1974). 'Parnellism and Crime', 1887-90. Transactions of the Royal Historical Society, 24, 123-140.
Wellman, F. L. (1903). The art of cross-examination. London. Macmillan.
Bealtaine 2021
D’fhonn comóradh a dhéanamh ar 100 bliain ó dódh Teach an Chustaim, Baile Átha Cliath, táimid ag taispeáint prionta ón 18ú haois de shean-Teach an Chustaim taobh thiar de Dhroichead Essex. Dhear agus thóg an t-ailtire Thomas Burgh Teach an Chustaim i 1707.
Tharla go leor méadaithe agus forbartha i mBaile Átha Cliath i gcaitheamh an 18ú haois. Bhog Coimisiún na Sráideanna Leathana, eagraíocht pleanála atá fíorluachmhar, lár iomlán na cathrach soir ar shiúl ón tseancheathrú mheánaoiseach.
Thóg an Coimisiún sráideanna agus droichid agus rinne siad sráideanna agus droichid eile a leathnú, ag cruthú príomhbhealach lárnach nua ó Shráid Sackville (Sráid Uí Chonaill sa lá atá inniu ann) go Faiche an Choláiste.
Prionta de Theach an Chustaim i 1707 taobh le Droichead Essex
Faoi na 1770idí, cinneadh nach raibh suíomh Theach an Chustaim oiriúnach dá chuspóir. Chinn Coimisiún na Sráideanna Leathana agus an Coimisiún Ioncaim Teach Custaim nua a fhorbairt níos faide síos san abhainn. Tharraing na pleananna raic i measc na ndíoltóirí áitiúla mar bhí siad buartha go mbeadh drochthionchar acu ar luachanna a ngnólachtaí agus a réadmhaoine. Tá paimfléad gan ainm ó 1781 ag Leabharlann an Oireachtais inar áitíodh go gcuirfeadh an suíomh nua beart níos doimhne ar fáil le haghaidh líon níos mó long.
Thug an tArdchoimisinéir Ioncaim, John Beresford, cuireadh don ailtire James Gandon le teacht ó Londain chun Teach nua an Chustaim a dhearadh. Tógadh é sa stíl nuachlasaiceach a raibh an-tóir uirthi ag an am agus osclaíodh an foirgneamh álainn i 1791. Dhear Gandon Droichead Carlisle (Droichead Uí Chonaill sa lá atá inniu ann) freisin, osclaíodh é i 1794 agus tá roinnt cosúlachtaí le feiceáil idir an droichead agus Teach an Chustaim ó thaobh na hailtireachta de.
Sceitse ón 19ú haois de Theach an Chustaim, arna dhearadh ag Gandon
Bogadh calafort Bhaile Átha Cliath níos faide síos an abhainn san 19ú haois agus bhí an suíomh do Theach an Chustaim mí-oiriúnach arís. Seachas a bheith ina Theach Custaim, lonnaíodh roinnt gníomhaireachtaí rialtais eile ann, lena n-áirítear Bord an Rialtais Áitiúil. Agus é ina shiombail de rialtas na Breataine, mheas an tIRA gur targaid a bhí ann i gcaitheamh Chogadh na Saoirse.
Ar an 25 Bealtaine 1921 rinne fórsa mór d’óglaigh an IRA ruathar ar an bhfoirgneamh. Chuir siad an foirgneamh trí thine, tine a mhair cúig lá agus a scrios an taobh istigh den fhoirgneamh agus taifid rialtais a chuaigh siar cúpla céad bliain. Mhair creatlach an fhoirgnimh agus rinne Oifig na nOibreacha Poiblí é a athbhunú déanach sna 1920idí (agus arís sna 1980idí). Tá oifigí na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta lonnaithe san fhoirgneamh seo sa lá atá inniu ann.
Nóta staire
Tá an prionta de Theach an Chustaim i 1707 agus an paimfléad araon mar chuid de Bhailiúchán Chaisleán Bhaile Átha Cliath i Leabharlann an Oireachtais, seanleabharlann tagartha Oifig an Ard-Rúnaí i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, tráth dá raibh. Tagann an prionta de Theach Custaim Gandon ón leabhar Whammond's Illustrated Guide to Dublin and Wicklow (1878), agus é mar chuid den bhailiúchán staire ginearálta.
Léitheoireacht bhreise
James Kelly. "Beresford, John". Dictionary of Irish Biography (eag.) James McGuire, James Quinn. Cambridge, an Ríocht Aontaithe: Cambridge University Press, 2009.
Forbairt Chathair Bhaile Átha Cliath. www.archiseek.com/2010/development-of-dublin-city
Teach an Chustaim, Baile Átha Cliath. www.archiseek.com/2010/1791-custom-house-customhouse-quay-dublin
Eanáir 2021
I gcomóradh ar Lá Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe um Oideachas an mhí seo tá an tuarascáil cheannródaíoch ón mbliain 1965, Infheistíocht san Oideachas, á thaispeáint againn.
Nuair a d’éirigh Seán Lemass ina Thaoiseach sa bhliain 1959, thosaigh sé ar chur chuige nuachóirithe i leith gheilleagar na hÉireann, agus deiseanna á n-oscailt aige don tsaorthrádáil, don infheistíocht eachtrach agus do rannpháirtíocht mhéadaithe leis an gcomhphobal idirnáisiúnta.
Bhí Éire ar cheann de bhallstáit bhunaithe na hEagraíochta um Chomhoibriú agus Forbairt Eacnamaíocht (ECFE) thiar sa bhliain 1961 agus ba í an chéad bhallstát a ghlac páirt ina clár infheistíochta agus pleanála oideachais. Le tacaíocht ón OECD, bhunaigh an tAire Oideachais, Patrick Hillery, foireann sa bhliain 1962 chun breathnú go mion ar an timpeallacht oideachais in Éirinn.
Cuireadh i láthair sa tuarascáil deiridh, a foilsíodh ag deireadh 1965, na chéad sonraí cuimsitheacha staitisticiúla ar earnáil an oideachais in Éirinn. Léiríodh ann nach raibh na mílte páiste Éireannach ag bogadh ar aghaidh chuig an oideachas dara leibhéal, agus go raibh céatadán suntasach díobh siúd a chuaigh isteach ann ag fágáil sula dtabharfaidís faoin meánteistiméireacht. Táillí, suíomh tíreolaíoch agus córacha iompair, easpa acmhainní agus ceisteanna aicme ab ea na príomhbhaic a bhí rompu.
Ábhar imní a bhí sna staitisticí sin i gcomhthéacs an fháis a bhí tuartha ar dhaonra agus ar gheilleagar na hÉireann, agus ba bhonn fianaise cumhachta í an tuarascáil le haghaidh beartas an Aire Oideachais nuacheaptha, Donogh O’Malley, sa bhliain 1966. An 10 Meán Fómhair den bhliain sin tharraing sé raic sna meáin nuair a d’fhógair sé ag imeacht de chuid an Chumainn Náisiúnta Iriseoirí go dtabharfadh an Rialtas isteach oideachas dara leibhéal saor in aisce agus scéim iompair shaor in aisce do scoláirí ó cheantair iargúlta.
An tAire Oideachais Donogh O’Malley, 1967
Cé gur thacaigh Lemass go láidir leis an scéim, ní raibh sí faofa go fóill ag an gComh-aireacht, agus tharraing sí roinnt conspóide i measc a chuid comhghleacaithe. Agus tacaíocht dhearfach an phobail agus staitisticí loma na Tuarascála ar Infheistíocht san Oideachas os a gcomhair, thosaigh an Rialtas ag obair ar an athrú mór forásach sin i gcúrsaí oideachais in Éirinn a chur chun feidhme.
Tagairtí
Patrick Maume (2009). O'Malley, Donogh. In James McGuire, James Quinn (eag.), Dictionary of Irish Biography. Cambridge, an Ríocht Aontaithe: Cambridge University Press.
John Walsh, Selina McCoy, Aidan Seery & Paul Conway (2014). Investment in Education and the intractability of inequality, Irish Educational Studies, 33:2, 119-122.
Aibreán 2021
An mhí seo tá Leabharlann an Oireachtais ag comóradh 100 bliain ó ceapadh Ard-Leifteanant deireanach na hÉireann trí chartún aorach ón 19ú haois faoin ról uathúil seo a léiriú.
Bhí ionadaí oifigiúil riaracháin rí nó bhanríon Shasana in Éirinn ó 1172. Bhí roinnt mhaith teideal ag an ról, lena n-áirítear an príomhghobharnóir, an fear ionaid, an breitheamh onórach agus fear ionaid an rí, ach tugadh an teideal oifigiúil ‘Ard-Leifteanant’ don ról tar éis Acht an Aontais, 1801.
Bhí níos lú tábhachta ag baint leis an ról tar éis 1801, agus d’éirigh sé ina ról níos deasghnáiche. Bhíodh fíorchumhacht riaracháin ag Ard-Rúnaí na hÉireann, aire rialtais a bhí níos sóisearaí ná an tArd-Leifteanant, ach a raibh níos mó tionchair aige maidir le beartas rialtais a chur i bhfeidhm. Bhíodh árasáin ag an Ard-Leifteanant i mBaile Átha Cliath ach d’fhanadh sé den chuid is mó sa Viceregal Lodge i bPáirc an Fhionnuisce (tugadh an t-ainm nua, Áras an Uachtaráin, air nuair a rinneadh áras cónaithe Uachtarán na hÉireann de). D’óstáladh sé báil, dinnéir, cuairteanna ríoga, agus na searmanais dá cheapacháin pholaitiúla agus mhíleata.
Ach oiread le líon mór tiarnaí talún Briotanacha neamhchónaitheacha sa 19ú haois, ba shiombail é deorantacht bhraite an Ard-Leifteanaint ar mhífheidhmiú riail na Breataine in Éirinn. Ní bhíodh an ról ag duine ar bith de na ceapaithe ar feadh níos mó ná cúpla bliain, ach amháin an tIarla Aberdeen (duine a bhí go measartha báúil do rialtas dúchais agus ar a shon) idir 1905 agus 1915. Idir 1880 agus 1890, tréimhse a raibh go leor corraíl pholaitíochta agus shóisialta sa tír, bhí seachtar Ard-Leifteanant éagsúil ann.
Rinneadh go leor aortha orthu sa phreas náisiúnach. Tá an teideal “Who’s to be king of the castle?” ar an gcartún ó 1889 atá á léiriú anseo agus léiríonn sé an díospóireacht leanúnach maidir le cé acu ar chéim aistir luachmhar pholaitíochta é an ról nó ualach ar cheart é a sheachaint. Léiríonn an íomhá roinnt piaraí Briotanacha i seomra ceantála de réir mar atá ‘Caisleán Bhaile Átha Cliath’ curtha in airde ag an Ard-Rúnaí, Arthur Balfour. Breathnaíonn Parnell air seo ar fad, é ina sheasamh in aice le doras a bhfuil ‘‘Home Rule’ scríofa air. Deir an Tiarna Salisbury “a most desirable residence for any sporting gent” faoin gCaisleán, agus deir an Tiarna Castlereagh “it is full of open sewers, and infested with rats”.
In ainneoin roinnt mhaith díospóireachtaí i dTeach na dTeachtaí faoi cibé acu ar cheart fáil réidh leis an ról nó nár cheart, bhí sé fós ar an bhfód san 20ú haois. Ar an 27 Aibreán 1921, ceapadh Edmund FitzAlan-Howard (1ú Bhíocunta FitzAlan de Derwent), an chéad Chaitliceach a raibh an post aige ó 1685. Rinne sé maoirseacht ar chur i bhfeidhm an Achta um Rialú na hÉireann, 1920 agus an Chonartha Angla-Éireannaigh, agus ar bhunú dhá pharlaimint rialtais dúchais ar oileán na hÉireann idir 1921 agus 1922. Fuarthas réidh leis an ról sin go hoifigiúil nuair a bunaíodh an Saorstát i mí na Nollag 1922, agus tháinig Seanascal Shaorstát Éireann ina áit. Fuarthas réidh leis an ról sin in 1936.
Nóta staire: Tá an cartún seo ar cheann de bhreis agus 600 cartún polaitiúil ón 19ú haois i mbailiúchán Chaisleán Bhaile Átha Cliath de chuid na leabharlainne. Ba é seo leabharlann tagartha Oifig an Ard-Rúnaí i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, tráth dá raibh.
Tagairtí
Duncan, Mark (1921). Ard-Leifteanant na hÉireann: “a fount of all that is slimy in our national life”. Céad Bliain na hÉireann RTÉ. Arna rochtain 16/04/2021 ag: https://www.rte.ie/centuryireland/index.php/articles/irelands-lord-lieutenant-a-fount-of-all-that-slimy-in-our-national-life
Márta 2021
An mhí seo táimid ag breathnú siar ar an gcuardach fada contúirteach le haghaidh bealach long siar ó thuaidh tríd an Artach trí chuntas foilsithe an Chaptaein John Ross ar a thuras idir 1829 agus 1833 a thaispeáint.
Cé gur sheol na Lochlannaigh go measartha fada siar ó thuaidh sa 10ú haois, níor thosaigh cumhachtaí coilíneacha na hEorpa ar chuardach leanúnach le haghaidh pasáiste sábháilte long timpeall ghob Mheiriceá Thuaidh go dtí deireadh na 1500idí.
Bhíothas ag súil go n-éascófaí leis an lána nua long seo méadú níos gaiste bealaí trádála leis an oirthear. Níor bunaíodh aon phasáiste mar seo faoin am ar imigh John Ross ar an dara turas dó in 1829. Ar long Ross – Victory – bhí an captaen, trí oifigeach agus 19 mball den chriú. Bhí an geimhreadh roimhe sin níos séimhe ná mar ba ghnáth, rud a bhí ina ábhar dóchais ag an tús maidir leis an aistear.
Léarscáil Ross de réigiún an Artaigh. Fuarthas amach ina dhiaidh sin go raibh ‘King William Land’ sa deisceart ina oileán.
Chomh maith leis an mórsprioc seoladh tríd go dtí cósta thiar Mheiriceá Thuaidh, bhain fionnachtain eolaíochta, meitéareolaíochta agus eitneagrafach leis an turas freisin. Thug an Captaen Ross ainmneacha ar ghóilíní, sléibhte agus oileáin nach raibh ar léarscáil roimhe sin. Tógadh nótaí, sceitsí agus samplaí de dhúlra. Rinne Ross taifead mion de chonas ar thrádáil an bhuíon miotail agus ábhar eile leis na hIonúitigh áitiúla le haghaidh bia, madraí agus cabhrach le seilg, fiú go ndearna siad cos adhmaid d’fhear Ionúiteach amháin. Tháinig an long freisin ar long bhriste ó thuras roimhe sin faoi cheannas an Chaptaein William Parry in 1825.
Bhí cuspóirí eolaíochta ag an aistear, agus thóg an criú am chun an dúlra a thaifeadadh.
I mí Mheán Fómhair sa chéad bhliain dóibh bhí an long gafa in oighear agus ní raibh sí in ann cúlú suntasach a dhéanamh ar feadh na dtrí gheimhreadh ina dhiaidh sin. Rinne Ross a dhícheall meanma a choinneáil ard, don chriú agus dó féin, ach d’admhaigh sé ina dhialann “i measc a niamhrachta go léir, bhí an talamh seo, an talamh seo d’oighear agus de shneachta, bhí sé riamh, agus beidh go deo, ina fhásach leadránach, gruama, tromchroíoch, leamh, a bhfuil an intinn féin gan mhothú faoina thionchar”.
Lean an criú ar aghaidh ag déanamh fionnachtana thar tír, agus thaifead siad an pol maighnéadach thuaidh in 1831. In 1832 thug an t-oighear brúiteach orthu an long a thréigean go hiomlán, agus thosaigh siad a dhéanamh pleananna na báid níos lú ó long bhriste Parry chun iad féin a iomramh go háit shábháilte. Spíonta agus ag fulaingt ón scorbach, d’imigh siad leo in 1833 agus bhí d’ádh orthu gur tharrtháil an bád míolta móra Isabella iad, an bád ceannann céanna a raibh Ross ina chaptaen uirthi ina chéad turas siar ó thuaidh in 1818.
Prionta ó 1834 le Edward Francis Finden, ina léirítear tarrtháil chriú Ross ag muintir an Isabella.
Scríobh Ross nuair a chuir sé é féin in aithne don chéad bhall de chriú an Isabella “gur dheimhnigh sé dom go raibh mé marbh le dhá bhliain anuas”. Agus é slán sábháilte ar bord, bhraith sé go raibh sé chomh hainchleachta sin ar fhíorleaba nach bhféadfadh sé codladh, go raibh sé níos fusa dó suí i gcathaoir an chéad oíche. De bhrí gur glacadh leis go raibh lucht an turais caillte go deo, ba mhór an scleondar a spreag a bhfilleadh sa tsochaí sa Bhreatain. Tugadh cúiteamh airgid do na baill a tháinig slán (fuair triúr acu bás) agus rinneadh ridire de Ross. D’fhoilsigh sé a dhialanna den turas in 1835.
Cé gur aimsíodh bealach inseolta sna 1850idí, faoi dheireadh an 19ú haois níor éirigh le haon long seoladh trí phasáiste an oirthuaiscirt. In 1903 chuaigh an taiscéalaí Ioruach Roald Amundsen (a bhí ina dhiaidh sin ar an gcéad duine a bhain an pol theas amach) amach i mbád éadrom gan ach seisear de chriú leis. Cé go raibh siad gafa san oighear ar feadh dhá bhliain d’éirigh leis seoladh tríd an bpasáiste faoi 1906. Ní raibh an pasáiste riamh úsáideach ar bhealach ar bith suntasach don loingeas, ach le blianta beaga anuas táthar ag cur spéis as an nua ina fhéidearthacht mar gheall ar oighear an Artaigh ag leá.
Tagann an leabhar seo ó bhailiúchán FitzGerald, arna cheannach ag Leabharlann an Oireachtais in 1922. Leabharlann phríobháideach teaghlaigh ab ea í seo agus tá leabhair agus dialanna inti maidir le litríocht, stair agus eolaíocht.
Tagairtí
Britannica, T. Eagarthóirí na Ciclipéide (1998). An Ridire John Ross. Encyclopedia Britannica. www.britannica.com/biography/John-Ross-British-explorer
Royal Museums Greenwich. John Ross’s second North-West Passage expedition 1829-33. www.rmg.co.uk/stories/topics/john-james-clarke-ross-north-west-passage-expedition-1829-33
Feabhra 2021
Tabharfaimid cuairt an athuair an mhí seo ar an iarracht a cliseadh chun banc naisiúnta d’Éirinn a bhunú 300 bliain ó shin le paimfléid i bhfabhar agus i gcoinne an togra le fáil inár gcás taispeána fíorúil.
Tháinig athruithe nach beag ar an mbaincéireacht agus ar an airgeadas sa 17ú haois, le teacht aníos na gcuideachtaí comhstoic agus le bunú na mbanc náisiúnta. Ba thiar sa bhliain 1694 a bunaíodh Banc Shasana, agus d’éirigh sé láithreach bonn ina fhoinse mhór cistí agus um bainistiú fiachais don rialtas. Rinne díorma Teachtaí Parlaiminte Éireannacha achainí ar an Rí sa bhliain 1720 le haghaidh cairte chun banc náisiúnta a bhunú d’Éirinn.
D’áitigh Teachtaí Parlaiminte ar nós Henry Maxwell go dtabharfadh an banc ráthaíocht do rátaí úis níos ísle ná bainc phríobháideacha eile; rud a mhéadódh sreabhadh an airgid, a chisteodh tionscadail chaipitiúla agus a chuideoidh le lucht monaraithe agus trádála na hÉireann. Mhol siad go rachadh feabhsú ar bith i ngeilleagar na hÉireann chun tairbhe an dá ríocht. Chreid siad freisin nach mbeadh na hinfheisteoirí chomh neamhchosanta céanna ar chaillteanais le banc náisiúnta d’Éirinn de bharr cogaí eachtracha agus bolgán stoic.
Rinne na Teachtaí Parlaiminte Éireannacha, Henry Maxwell agus Hercules Rowley, díospóireacht ar argóintí a chéile i bhfabhar agus i gcoinne an bhainc mar chuid de shraith paimfléad
Deonaíodh an chairt ar an gcuntas go rithfeadh Parlaimint na hÉireann Acht ina leagfaí amach rialacha don bhanc taobh istigh d’aon bhliain amháin. Ach nuair a bhuail an Pharlaimint le chéile le díospóireacht a dhéanamh ar an mBille ag deireadh na bliana 1721, vótáladh amach é tar éis na chéad míre de. Rith an dá Theach roinnt rún inar dearbhaíodh ní hamháin go mbeadh banc Éireannach ina bhagairt náisiúnta, ach go measfaí faoi dhuine ar bith a thacódh leis an smaoineamh a bheith mar “namhaid dá thír”.
Cén fáth ar cuireadh chomh láidir sin i gcoinne bhanc na hÉireann? Léirigh scoláirí an imní i measc na scothaicme Protastúnaí go mbeadh Caitlicigh Rómhánacha, a cuireadh toirmeasc orthu infheistíocht talún a dhéanamh faoi na Péindlíthe, in ann saibhreas a charnadh ar bhealach eile trí infheistiú sa bhanc. Bhíothas buartha freisin go bhféadfaí leas a bhaint as an mbanc le cogaí Shasana a mhaoiniú, faoi mar a rinneadh le Banc Shasana ó bunaíodh é. B’fhéidir go raibh faitíos ar scairshealbhóirí i mbainc eile go ndéanfaí luach a n-infheistíochtaí a dhímheas le hiomaíocht mhéadaithe sa mhargadh.
Bhíothas iontach buartha go mbeadh caimiléireacht pholaitiúil i gceist leis, go mbainfí leas as saibhreas an bhainc le toghcháin a cheannach nó le hinfheistíochtaí cama a dhéanamh. B’fhéidir gurbh é an t-údar eagla ba mhó a léiríodh go hoscailte, agus is cinnte go bhfacthas é sa rabharta paimfléad a foilsíodh i bhfómhar na bliana 1721, ná athfhilleadh ar bholgán na Farraige Theas. I gcás chuideachta thrádála na Farraige Theas, a fuair tacaíocht airgid ó rialtas Shasana, chonacthas borradh agus cliseadh mór ar a scairphraghas laistigh de chúpla mí sa bhliain 1720, rud a ghin caillteanais ábhalmhóra dá hinfheisteoirí rachmasacha.
Is léir ó na paimfléid a tháinig ón Teachta Parlaiminte, Hercules Rowley, gur mheas sé gur tháinig an drochbhail ar gheilleagar na hÉireann ón bhfalsacht agus ón mbaois, agus nach mbeadh i mbanc Éireann ach luathú na bhfadhbanna sin. Taobh thiar de go leor d’argóintí na dTeachtaí Parlaiminte bhí mímhuinín bhunúsach as an mbaincéireacht nua-aimseartha, agus as na rioscaí a bhain le stocmhargaí forásacha na hEorpa a raibh borradh fúthu. Bhí go leor díobh siúd a vótáil i gcoinne an Bhille ina mbaill d’uaisle na tuaithe, ina n-úinéirí ar eastáit ollmhóra a chreid gur cheart go dtiocfadh an saibhreas ón talamh, seachas ón trádáil.
Bhí baint ní ba cháiliúla ag an scríbhneoir iomráiteach, Jonathan Swift, le géarchéim “Leathphingin Woods” sna blianta 1722-25, ach chuir sé i gcoinne bhanc na hÉireann freisin
Leanadh ar aghaidh i rith an 18ú céad leis na hargóintí poiblí maidir le hairgeadas na hÉireann, agus go leor acu leagtha amach sna paimfléid ag daoine móra le rá ar nós Jonathan Swift (ar dhócha gur thug sé cúnamh do Theachtaí Parlaiminte lena bpaimfléid i gcoinne an bhainc sa bhliain 1721). Tá ocht bpaimfléad ag Leabharlann an Oireachtais ina bpléitear le géarchéim na bliana 1721 gan trácht ar rud ar bith eile, a ceanglaíodh agus a coinníodh sa leabharlann thagartha d’Oifig an Phríomh-Rúnaí i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.
Tagairtí
Rees, G. (Meán Fómhair/Deireadh Fómhair 2012). "Hang up half a dozen bankers": attitudes to bankers in mid-eighteenth-century Ireland. History Ireland.
Ryder, M. (1982). The Bank of Ireland, 1721: Land, Credit and Dependency. The Historical Journal, 25, 3, 557-582.
Nollaig 2020
An mhí seo tá muid ag taispeáint prionta ó eagrán Nollag 1889 de United Ireland. Le linn na mblianta deiridh den 19ú aois d’fhoilsigh nuachtáin náisiúnaíocha ar nós The Freeman’s Journal agus United Ireland eagráin speisialta don Nollaig. Bhíodh na forlíonta pictiúr a tháinig leo go minic lán le léaráidí, le híomhánna rómánsúla ón stair nó íomhánna idéalacha den todhchaí.
Cé gur úsáideadh cartúin J.D. Reigh go hiondúil, is leis an ealaíontóir Briotanach, Walter Crane, an léaráid seo, le painéal láir le Henry Halliday. Bronnadh bunsaothar Crane ar an IarPhríomh-Aire, William Gladstone, ag an Liberal Club i Londain dá chomóradh pósta i mí Iúil na bliana sin, agus rinne United Ireland athchló ar an dá shaothar le ceiliúradh a dhéanamh ar a 80ú breithlá i mí na Nollag. Ba cheiliúradh maisithe ar leasaithe polaitíochta Gladstone a bhí ann, agus fís den chaidreamh a bheadh idir Sasana agus Éire sa todhchaí chomh maith.
Imeartas focal atá i gceist leis an teideal, “Coming events cast their brightness before” ar an seanfhocal “Coming events cast their shadows before”. Cé go samhlaítear anois é leis na dearthaí a rinne sé do leabhair do pháistí, sóisialach gníomhach a bhí i Walter Crane a tháirg íomhánna idéalacha polaitíochta do roinnt foilseachán agus eagraíochtaí de chuid na heite clé sa Bhreatain.
Sa phictiúr seo taispeántar Gladstone ag caitheamh chrois Naomh Seoirse. Tá tua an Rialtais Dúchais á húsáid aige chun Éire (Erin) a shábháil ó nathair nimhe atá mar ionadaí na tíorántacha, an chomhéignithe agus réimse leathan olc polaitíochta agus sóisialta eile. Sa phainéal láir, siúlann Éire (Erin) agus an Bhreatain (Britannia) lámh le láimh.
Déantar ceiliúradh ar leasuithe reachtúla Gladstone ó na 1860idí i leith ar na bratacha ar an dá thaobh. Seasanna Caitlín Ní Uallacháin agus “Pat” faoi na bratacha. Taispeántar Éire agus an Bhreatain arís faoin bpainéal láir, iad lámh le láimh agus clúdaithe le brat ar a bhfuil ‘Saoirse do Shasana agus d’Éirinn’ scríofa.
Pictiúr thar a bheith dearfach a bhí anseo le bheith mar fhorlíonadh na Nollag ag United Ireland, i gcomhthéacs na n-imeachtaí polaitíochta a thit amach sna blianta roimhe. Cuireadh rialtas Gladstone as oifig mar gheall ar a chuid iarrachtaí féin Bille Rialtais Dúchais a rith in 1886 agus scair an Páirtí Liobrálach go buan mar thoradh air. Ach de bharr thacaíocht Gladstone do pharlaimint Éireannach, taispeánadh go minic é sna nuachtáin náisiúnaíocha mar laoch cosúil le Parnell.
Tá beagáinín dochair déanta don chúinne íochtair ar chlé ar phrionta Leabharlann an Oireachtais, agus don chéad véarsa den dán a théann leis. Seo a leanas an véarsa sin:
May this bright vision all accomplished be
Ere Christmas comes again his cheery round
Two nations long at fiercest enmity
At last in bonds of fair affection bound.
Mionghné ón bprionta in eagrán Nollag 1889 de United Ireland
Tagairtí
Hollander, J. A. (2000) Heroic Construction: Parnell in Irish Political Cartoons, 1880-1891. New Hibernia Review/Irish Éireannach Nua, 4(4), 53-65
McBride, L. W. (1998) Historical Imagery in Irish Political Illustrations, 1880-1910. New Hibernia Review/Irish Éireannach Nua, 2(1), 9-25
Samhain 2020
An mhí seo, chun Seachtain na hEolaíochta a cheiliúradh, tá an chéad imleabhar dár dtríú eagrán de Chiclipéid Britannica ó 1790 á chur ar taispeáint againn. Foilsíodh an t-eagrán oifigiúil i nDún Éideann ach cóip bhradach, cháiliúil is ea an t-eagrán atá i mbailiúchán na Leabharlainne, a d’fhoilsigh James Moore i mBaile Átha Cliath.
Is í Ciclipéid Britannica an chiclipéid ghinearálta i mBéarla is sine atá ann. Foilsíodh den chéad uair in 1768 í. Leagadh amach sa saothar, a bhfuil go leor imleabhar ann, ailt ar réimse ábhar éagsúil a bhaineann leis an eolaíocht agus leis na healaíona. Cuireadh an t-ábhar le chéile ó fhoilseacháin eile nó scríobh na heagarthóirí agus na saineolaithe ábhair d’aon ghnó é.
Chuir an 3ú eagrán den Chiclipéid eolaíocht nua, chorraitheach an aerstáisiúin i láthair, is é sin staidéar na haerloingseoireachta. Tugann an rannóg seo cuntas ar chéad bliain de thurgnamhaíocht eolaíochta, ag críochnú in 1782 nuair a rinne beirt deartháireacha as an bhFrainc, Joseph-Michel agus Jacques-Étienne Montgolfier, fionnachtain. Ag tógáil spreagtha ó éifeachtaí ardaithe deataigh, leag na deartháireacha rompu ‘balúin’ shaorga de shíoda, de línéadach agus d’ábhair eile a chruthú, agus cheangail siad boscaí beaga fúthu. Nuair a las siad tinte sna boscaí, líon an t-aer te na balúin agus d’ardaigh sé suas san aer iad.
Go luath ina dhiaidh sin, bhí na deartháireacha ag léiriú a gcuid meaisíní eitilte do shluaite móra, agus do Rí Louis XVI agus do Bhanríon Marie Antoinette ar deireadh thiar. Agus balún maisithe nua á thógáil acu don ócáid, cheangail siad cliabh caolaigh leis a raibh caora, coileach agus lacha beo ann. Dar leis an gCiclipéid, ba iad seo “na chéad ainmhithe riamh a seoladh tríd an atmaisféar”. Cé go ndearna séideán gaoithe damáiste don bhalún le linn an turgnaimh, ardaíodh go 1,440 troigh é, d’fhan sé ar foluain san aer ar feadh 8 nóiméad agus tugadh chun talún é 10,200 troigh ar shiúl. Ní dhearnadh aon díobháil do na hainmhithe. (Cé nár luadh sa Chiclipéid é, fuair Richard Crosbie spreagadh ó dheartháireacha Montgolfier le bheith ina chéad aerloingseoir Éireannach nuair a thug sé faoin aer i mbalún thar Ghairdíní Raghnallach ar an 19 Eanáir 1785.)
Léirithe ar bhalúin aer te luatha ó Chiclipéid Britannica, lena n-áirítear na cinn de chuid deartháireacha Montgolfier
Tháinig an-éileamh ar Chiclipéid Britannica i dtithe teaghlaigh agus i suíomhanna oideachais, agus measadh gur threoir iontaofa do ghnáthdhaoine í maidir le heolas ginearálta. De réir mar a tháinig forbairt ar eolas na heolaíochta agus ar eolas eile le linn an 19ú agus an 20ú haois déag, ba dheacair do na heagráin coinneáil cothrom le dáta. Níor fheabhsaigh sé an scéal mórán nuair a athraíodh ó bheith ag foilsiú gach 10-20 bliain go foilsiú bliantúil, mar fágadh go leor ábhar gan athbhreithniú, uaireanta ar feadh deich mbliana nó níos mó, mar gheall ar an aga comhlánaithe tapa. Rinneadh go leor cáinte ar fhaisnéis a bhí as dáta, agus go háirithe maidir le claontaí cultúrtha agus sóisialta.
Rinne na heagarthóirí roinnt iarrachtaí an t-ábhar a ath-struchtúrú agus baineadh triail as formáidí digiteacha nua de réir mar a cuireadh ar fáil iad sna 1970idí agus 1980idí. Tháinig an-laghdú ar dhíolacháin sna 1990idí in iomaíocht le hEncarta de chuid Microsoft agus de réir mar a forbraíodh an gréasán domhanda. Cé go bhfuil éileamh ar shíntiús don eagrán digiteach fós i scoileanna agus i leabharlanna, cuireadh amach an t-eagrán clóite deiridh in 2010.
Tagairtí
Auchter, D. (1999). The evolution of the Encyclopaedia Britannica: from the Macropaedia to Britannica Online. Reference Services Review, 27(3), 291-299.
Kafker, F.A. & Loveland, J. (2011). The publisher James Moore and his Dublin edition of the “Encyclopaedia Britannica”: a notable eighteenth-century Irish publication. Eighteenth-century Ireland/Iris an dá chultúr, 26, 115-139.
MacMahon, B. (2010). 'A most ingenious mechanic': Ireland's first airman. History Ireland, 18(6).
Stewart, E.D., Hardy Wise Kent, C., et al. (2020, Deireadh Fómhair 20). Encyclopaedia Britannica.
www.britannica.com/topic/Encyclopaedia-Britannica-English-language-reference-work
Deireadh Fómhair 2020
An mhí seo tá Repeal Dictionary le John O’Connell á thaispeáint againn, a d’fhoilsigh an Loyal National Repeal Association 175 bliain ó shin. Cé go dtugtar ‘Part 1’ air go hoifigiúil, níor cuireadh an dara cuid i dtoll a chéile riamh, mar sin ní théann an foclóir pholaitiúil ach ó A (i gcomhair Absenteeism) go M (i gcomhair Murder).
D’eagraigh Dónall Ó Conaill, athair John, an Loyal National Repeal Association in 1840 mar chuid dá fheachtas polaitiúil chun Acht an Aontais 1801 a aisghairm agus parlaimint Éireannach a thabhairt ar ais. Mar chainteoir agus polaiteoir tarraingteach, mheall Ó Conaill tacaíocht phoiblí forleathan don chúis, in Éirinn agus i Meiriceá. Ach, bhí míshástacht ag fás i measc glúin níos óige de chomhaltaí ar tugadh na hÉireannaigh Óga orthu. Faoin am ar foilsíodh an Repeal Dictionary in 1845, bhí an caidreamh idir an dá ghrúpa ag éirí an-achrannach.
Ní raibh muinín ag na hÉireannaigh Óga as iarrachtaí Dhónaill Uí Chonaill a bheith mar chomhghuaillí ag an bpáirtí Whig i gcomhair athchóirithe Éireannacha. Bhí imní ar go leor daoine go mbeadh parlaimint déabhlóidithe le neamhspleáchas teoranta ar an toradh is fearr nó gurb é an toradh is measa nach mbeadh aon athchóiriú polaitiúil ann. Ag an am céanna, scoith seasamh Caitliceach mhuintir Uí Chonaill comhaltaí Protastúnacha an ghrúpa. Mheas na hÉireannaigh Óga freisin gur cheart go mbeadh streachailt armtha ann dá dteipfeadh ar iarrachtaí polaitiúla chun rialtas dúchais a bhunú. Bhí muintir Uí Chonaill, áfach, iomlán i gcoinne an fhoréigin.
Réimse eile easaontais idir an dá ghrúpa ba ea an sclábhaíocht i Meiriceá. Daonfhuascailteoirí diongbháilte a bhí i muintir Uí Chonaill. Ach mhionnaigh na hÉireannaigh Óga go bhféadfaí tacaíocht luachmhar Mheiriceá a chailleadh dá labhrófaí amach i gcoinne na sclábhaíochta. D’éirigh rudaí níos measa i rith blianta an ghorta, nuair nach raibh cúnamh ar fáil ón rialtas Whig nuathofa, bhí faoiseamh gorta ag brath go mór ar thabhartais phríobháideacha ó dhaoine thar lear. Bhí Dónall Ó Conaill go láidir den tuairim gur cheart don Chumann diúltú ‘d’airgead fuilsmeartha’ ó Mheiriceánaigh a bhí ar son na sclábhaíochta nó a raibh sclábhaithe acu. Shínigh sé achainíocha frithsclábhaíochta, labhair sé go poiblí ar an gceist agus bhuail sé le daonfhuascailteoirí mór le rá cosúil le Frederick Douglass, a thug cuairt ar Éirinn ar feadh roinnt míonna in 1845.
Chuaigh reitric frithsclábhaíochta Dhónaill Uí Chonaill (ar dheis) i gcion ar an daonfhuascailteoir mór le rá Frederick Douglass (ar chlé) nuair a thug sé cuairt ar Éirinn in 1845
Ar deireadh, níorbh fhéidir teacht ar réiteach ar na saincheisteanna. Fuair Dónall Ó Conall bás in 1847. Theip ar John O’Connell na deighiltí sa Repeal Association a leigheas agus chuaigh na hÉireannaigh Óga amach astu féin chun an Chónaidhm Éireannach a bhunú.
Tagairtí
Clarke, R. (1942). The relations between O’Connell and the Young Irelanders. Irish Historical Studies, 3(9), 18-30
Delahunty, I. (2013). ‘A noble empire in the West’: Young Ireland, the United States and Slavery. Britain and the World, 6(2), 171-191
Meán Fómhair 2020
An mhí seo, tá meonta i leith an impiriúlachais á lorg againn ina bhailiúchán de chartúin náisiúnacha na hÉireann ó na 1880idí.
Tugadh “Scramble for Africa” agus an “Great Game” ar dhá fhiontar impiriúla mór le rá sa 19ú haois. Tagraíonn an dara téarma go scaoilte do choimhlintí taidhleoireachta agus míleata idir an Bhreatain agus an Rúis san Áise láir, áit a raibh an Bhreatain ag iarraidh leasanna na Rúise a chosc ó theacht isteach chuig an India. Tugann “Scramble for Africa” an tréimhse idir na 1880idí agus 1914 le fios, tráth a ndearna tíortha na hEorpa críochdheighilt ar timpeall 90% de mhór-roinn na hAfraice.
A game of brag, Weekly Freeman, 25 Aibreán 1885
Bhí meonta na hÉireann i leith an impiriúlachais sa 19ú haois casta. Rinne go leor daoine Éireannacha seirbhís thar lear i riar míleata agus sibhialta na gcríoch faoi riail na Breataine. Do roinnt daoine, bhí an-mhórtas ag baint le bheith mar chuid d’impireacht iontach. Chreid daoine go bhféadfadh tionchar “an Iarthair” saol na ndaoine i náisiúin choilínithe a fheabhsú nó dhírigh siad ar na tairbhí a bhain le deiseanna tráchtála agus trádála leathnaithe. Do roinnt ceannairí Rialtais Dúchais, ar nós Issac Butt, ní raibh aon chomheisiachas idir bheith i do náisiúnach Éireannach agus bheith mar chuid d’impireacht na Breataine. Bhí daoine eile, ar nós Michael Davitt, iomlán i gcoinne na himpireachta.
Lean nuachtáin náisiúnacha na hÉireann beartas eachtrach na Breataine go géar. Nuair a bhris an choimhlint amach i gcoilíneachtaí mar an tSúdáin agus an Afganastáin, lean nuachtáin go tapa le tuairiscí, eagarfhocail agus cartúin pholaitiúla. Bhí meonta uaireanta ag magadh faoi chliseadh míleata na Breataine, nó ag ceiliúradh laige na Breataine i gcomparáid leis an Rúis, mar a fheictear i gcartúin an Weekly Freeman A game of brag agus Outside the gate.
Outside the gate, Weekly Freeman, 2 Bealtaine 1885
Ag amanna eile, léirigh na cartúin comhbhá le náisiúnaithe eachtracha. Taispeántar sa chartún seo ón Weekly News baill Éireannacha d’arm na Breataine ag léamh nuachta faoin míshuaimhneas sa bhaile, fad is a rinneadh comhbhá le reibiliúnaithe na Súdáine mar fhir nach raibh ach ag cosaint a dtíre féin.
Private McCarthy..., Weekly News, 28 Feabhra 1885
Chumasc nuachtáin náisiúnacha go láidir míshuaimhneas polaitiúil agus sibhialta na hÉireann sna 1880idí le cur faoi chois gluaiseachtaí náisiúnacha i gcoilíneachtaí na Breataine. Cé go raibh braistint éirí in airde go minic thar mhuintir na hAfraice agus na hÁise, ba é an tuairim ghinearálta gur cheart go mbeadh na náisiúin sin in ann cinneadh a dhéanamh dóibh féin cén chaoi a ndearnadh rialáil orthu. Cosúil le hathbheochan chultúrtha na hÉireann, ba bhealach coitianta é an dearcadh i gcoinne na himpireachta do náisiúnaigh na hÉireann ag deireadh an 19ú haois le tuilleadh béime a chur ar an “éagsúlacht” idir Éire agus an Bhreatain.
Léitheoireacht bhreise
De Nie, M. (2012). "Speed the Mahdi!" The Irish Press and Empire during the Sudan Conflict of 1883-1885. Journal of British Studies, 51(4), 883-909.
Townend, P.A. (2016). The Road to Home Rule: Anti-Imperialism and the Irish National Movement. Madison, Wisconsin: University of Wisconsin Press.
Lúnasa 2020
An mhí seo, déanfaimid ceiliúradh ar 100 bliain ó ritheadh an Restoration of Order in Ireland Act (ROIA) trí chóip de na rialacháin lena mbaineann a thaispeáint. Tá leasuithe lámhscríofa ar an tsraith rialachán seo ar an gclúdach tosaigh agus coinníodh iad in oifig an Fho-Rúnaí John Anderson ag Caisleán Bhaile Átha Cliath.
Go bunúsach, chuir ROIA síneadh le rialacháin faoin Defence of the Realm Act 1914 (DORA). Tugadh smacht ollmhór sóisialta agus eacnamaíoch ar shibhialtaigh don rialtas sa reachtaíocht éigeandála seo a ritheadh i rith cogaidh. An rud ba chonspóidí ba ea gur cheadaigh sé imtheorannú agus armchúirt ar shibhialtaigh a d’fheidhmigh nó a bhí ag pleanáil le feidhmiú mar shárú ar shlándáil náisiúnta.
Tar éis an chogaidh, leanadh le forfheidhmiú na rialachán in Éirinn le bac a chur le gluaiseacht phoblachtach a bhí ag éirí níos muiníní. D’éirigh go leor daoine as an bhfórsa póilíneachta mar gheall ar imeaglú agus foréigean. Thosaigh daoine ag diúltú fianaise a thabhairt i gcásanna, agus mar gheall air sin bhí sé deacair comhaltaí Shinn Féin nó an IRA a chiontú. Bhunaigh Dáil Éireann nuadhearbhaithe a córas cúirte féin fiú.
Faoi 1920, bhí údarás an rialtais ar shochaí shibhialta na hÉireann ag titim as a chéile ach bhí drogall ar an bPríomh-Aire dlí míleata a fhógairt. Roghnaigh an rialtas Constáblacht Ríoga na hÉireann a láidriú trí iar-shaighdiúirí agus oifigigh na Breataine a earcú. Ar an 9 Lúnasa, rith an pharlaimint an Restoration of Order in Ireland Act. Shínigh rialacháin a bhain leis an Acht seo dlínse cúirteanna míleata faoi DORA. Bhí na húdaráis ag súil go laghdódh ráta ciontaithe níos mó don IRA agus Sinn Féin an choimhlint fad is a chuir siad pleananna i gcrích chun rialtas dúchais de chineál éigin a achtú.
Tháinig méadú ar dtús ar chiontuithe ach scaradh sibhialtaigh na hÉireann a thuilleadh ó bheartas rialtais mar gheall ar chur i bhfeidhm rialachán danartha. Rinneadh an cás níos measa mar gheall ar ghníomhartha fórsa póilíneachta agus mhíleata gan disciplín. Géaraíodh ar an díoltas agus frithdhíoltas, agus mar bhuaicphointe leis dhóigh fórsaí na Breataine cuid mhór de chathair Chorcaí ar oíche an 11 Nollaig. Faoi dheireadh na bliana, bhí dlí míleata fógartha ag an rialtas sa chuid is mó de chúige Mumhan.
Tagairtí
Ainsworth, J. S. (2000). British Security Policy in Ireland, 1920-1921: A Desperate Attempt by the Crown to Maintain Anglo-Irish Unity by Force. Proceedings 11th Irish-Australian Conference, Murdoch University, Perth
Connell Jr., J. E.A. (July/August 2020). Restoration of Order in Ireland Act. History Ireland 28(4).
Mí Iúil 2020
Tá paimfléad neamhghnách ónár mbailiúchán againn an mhí seo. Infection is teideal dó, agus foilsíodh an doiciméad an chéad lá riamh in 1867 ach rinne an t-údar – Sir J. Clarke Jervoise – atheisiúint air in 1882.
Tá argóint phaiseanta sa phaimfléad i gcoinne na húsáide a bhí á baint as coraintín chun galair a chur faoi smacht. I gcás Clarke Jervoise, a bhí ina Theachta Parlaiminte nuair a foilsíodh an paimfléad an chéad uair, níorbh fhiú an fhulaingt a bhain le cruálacht an aonraithe, go háirithe do na boicht nó do sheandaoine.
Ní mba leor an fhianaise (ina thuairim féin) gur chuir coraintín cosc ar scaipeadh tinneas.
Chreid Clarke Jervoise, murab ionann le neart Victeoiriach lena linn, i dteoiric miasma maidir le galair. Chiallaigh sé sin gurbh droch-aer ba chúis le galair, agus gur éirigh siad nimhneach de bharr sceitheadh ó choirp na marbhán nó ó fhásra a bhí ag lobhadh. I lár an 19ú haois chreid go leor daoine go raibh borradh in ann teacht faoi ghalair, go háirithe i ndálaí salacha, sáinnithe cosúil le tithe cónaithe na mbocht. Díríodh go láidir fós ar shláintíocht agus ar ghlaineacht i dtionscnaimh sláinte poiblí, fiú nuair a bhí reachtaíocht á rith chun vacsaíniú don bholgach agus coraintíní le haghaidh raon de ghalair ionfhabhtaíocha a fhorfheidhmiú.
Léiriú ealaíonta ó 1831 ar an gcalar ag scaipeadh san aer, teoiric a bhí coitianta go dtí na 1860idí
Bhí an bhéim sin a cuireadh ar ghlaineacht fite fuaite go minic le tuairim phápaireachta nó díspeagúil de na boicht. Mar a scríobh Clarke Jervoise: “Good air, good food, and good habits, good lodgement, moderation, and cleanliness, which is next to godliness, will do more to stamp out disease than even if the Ark had been placed in quarantine”. Dó féin, ba mhiotas a bhí san “fhrídín” fisiciúil, nach raibh cruthaithe ag an eolaíocht. Agus bhí áibhéil amach is amach dá bhrí sin ag baint leis an mbaol “tógála”, sin daoine a bheith ag scaipeadh galair trí bheith i dteagmháil ghar le daoine eile.
Rud suimiúil ná go bhfuil “Remarks by Miss Nightingale” ag gabháil leis an bpaimfléad, cé go bhfuil leathanach cumhdaigh an rannáin seo sínithe mar Anon agus is cinnte nár tugadh chun dáta é ón gcéad fhoilsiú in 1867. Anseo áitíonn an t-údar “the disease-germ-fetish, and the witchcraft-fetish are the produce of the same mental condition; both of them spring from the same source, a desire to group together a number of detached phenomena, so as to make a kind of raft on which weak minds can float”. Bíodh is gur féidir nó nach féidir na focail a cheangal go díreach le Nightingale, tá sé fíor gur chreid sí freisin sa teoiric miasma. Is mar gheall air sin a bhí sí ar bís chomh mór sin ag glaineacht agus aerú sna hospidéil inar oibrigh sí. Chuidigh a cuid oibre chun galair a chosc agus a chur faoi smacht, ach níor thuig sise cén fáth go dtí i bhfad níos déanaí ina saol.
Idir an t-am ar foilsíodh agus ar athfhoilsíodh paimfléad Clark Jervoise bhí réabhlóid de chineál éigin tagtha chun cinn maidir leis an tuiscint a bhí ar ghalair ionfhabhtaíocha agus thógálacha. De bharr obair leithéidí Louis Pasteur, Robert Koch agus daoine eile sna 1860idí agus 1870idí ní hamháin gur aithníodh na frídíní miotasacha seo mar a glaodh orthu agus ba chúis le galair ar leith ach léirigh siad gan amhras ar bith nach raibh na miocrorgánaigh seo in ann giniúint go tobann.
Louis Pasteur circa 1895. Chuir a chuid turgnamh tús le “ré na baictéareolaíochta”, agus ar theacht chun cinn theoiric an fhrídín maidir le galair
Faoi dheireadh an 19ú haois thit an teoiric miasma i dtraipisí. Sainaithníodh raon de bhaictéir agus víris chontúirteacha, cuireadh tús leis an obair ar vacsaíní nua leis an tuiscint ar conas a d’oibrigh siad agus cén fáth ar oibrigh siad, agus chuir máinlianna mar Joseph Lister antaiseipteáin ar an bhfód, rud lenar laghdaíodh go mór líon na n-othar a bhí ag fáil bháis. Tá fianaise ann gur ghlac Nightingale le teoiric an fhrídín sa deireadh thiar, ach go raibh sí fós an-tógtha le glaineacht sna hospidéil. Ní fios cibé ar tháinig athrú intinne ar Clarke Jervoise faoin ábhar ach drochsheans gur tháinig mar gheall nach raibh aon athrú ar an méid a bhí i leagan atheisithe a phaimfléid in 1882.
Tagairtí
Halliday, S. (2001). Death and miasma in Victorian London: an obstinate belief. British Medical Journal 323 (7327), 1469-71.
McDonald, L. (Eag.) (2009). Florence Nightingale: The Nightingale school. Waterloo, Ontario: Wilfred Laurier University Press.
Storor, D. (1996). “Pestilence measured and registered”: Victorian sanitary reform and the moral ordering of urban space. Australasian Victorian Studies Journal, 2 (1), 56-64.
Meitheamh 2020
Táimid ag tarraingt aird an mhí seo ar bhailiúchán digiteach de chartúin pholaitiúla ó dheireadh an 19ú haois. Tá os cionn 600 cartún digitithe sa Leabharlann ó na nuachtáin náisiúnacha Weekly Freeman, Weekly News agus United Ireland a bhí i leabharlann oifig an phríomh-rúnaí i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Sa chartún atá ar taispeáint taispeántar Susan O’Donnell, "banchéile" Patrick O'Donnell, fear a bhí báúil leis na Fíníní agus a chaith agus a mharaigh an brathadóir póilíní James Carey in 1883.
Ar an 6 Bealtaine 1882 dhúnmharaigh baill de na Invincibles an Tiarna Frederick Cavendish, príomh-rúnaí na hÉireann, agus Thomas Henry Burke, an fo-rúnaí buan, i bPáirc an Fhionnuisce. Ba ghrúpa náisiúnach a bhí sna Invincibles a bhí tar éis scaradh amach ó Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann.
Sheol na póilíní fiosrúchán mór, agus d'áitigh siad ar roinnt de na daoine a gabhadh a bhí faoi amhras sceitheadh ar dhaoine eile. Ba é James Carey an brathadóir ba thábhachtaí, ar chuidigh a fhianaise ghéar chun cúigear fear a chiontú agus a chrochadh. Bhí Carey scoite amach sa phobal náisiúnach dá bharr, d'athraigh sé a ainm go Power agus i mí Iúil 1883 sheol sé lena bhanchéile agus a chuid leanaí go Capetown, san Afraic Theas. Is beag iarracht a rinne sé fanacht i mbréagriocht, agus faoin am a ndeachaigh sé ar bord an dara long in Capetown chun dul ar aghaidh go Natal, bhí a fhios ag gach duine cérbh é féin.
Bhí Patrick O'Donnell ar bord na loinge in éineacht le Carey. Ba náisiúnach é O'Donnell agus thacaigh sé le cúis na bhFíníní agus bhí sé ag cur faoi sna Stáit Aontaithe anois is arís ó bhí sé an-óg. In 1883, le linn dó a bheith ina chónaí agus ag obair ina chontae dúchais, Dún na nGall, shocraigh sé triail a bhaint as an Afraic Theas, agus tharla sé go raibh sé ag taisteal ar an long chéanna le James Carey go Capetown. Bhí bean óg darbh ainm Susan O'Donnell ina chuideachta. Níor thúisce a dúirt O'Donnell gurbh í Susan a bhanchéile ná a neacht, ach tuairiscíodh ina dhiaidh sin gurbh Susan Gallagher an t-ainm ceart a bhí uirthi, agus gur fhan a bhanchéile féin i Meiriceá nuair a d'fhill O'Donnell ar Éirinn.
Chuir O'Donnell aithne ar "Power" agus ar a theaghlach ar an aistear, agus d’éirigh siad mór le chéile, ach nuair a fuair sé amach gurbh é an brathadóir James Carey é, chaith sé é agus mharaigh sé é ar an mbád go Natal. Bhí ceiliúradh mór i measc náisiúnaigh na hÉireann timpeall an domhain ar chloisteáil dóibh faoi bhás Carey. Lasadh tinte cnámha in Éirinn agus lasadh samhlacha dó ar na sráideanna. Bhí aird mhór ar thriail O'Donnell ina dhiaidh sin, agus de bharr leaganacha éagsúla na bhfinnéithe a tháinig salach ar a chéile (agus a mbíonn cur is cúiteamh fúthu fós inniu) dúradh gurb iad na Fínínigh a chuir fios air chun Carey a fheallmharú. Bailíodh airgead i measc na náisiúnach chun cabhrú lena chosaint. Rinne a dhlíodóirí an argóint go ndearnadh an dúnmharú in iarracht é féin a chosaint, ach fuarthas ciontach as dúnmharú é agus crochadh é i mí na Nollag 1883, agus ar bhealach éigin bhí sé ina mhairtíreach don chúis náisiúnach.
Póstaer náisiúnach ag comóradh Patrick O'Donnell (Leabharlann na Comhdhála)
Tagairtí
McCracken, J. L. (Samhradh, 2001). The fate of an infamous informer. History Ireland, 9(2). https://www.historyireland.com/18th-19th-century-history/the-fate-of-an-infamous-informer/
Murphy, D. (2009). O'Donnell, Patrick. In McGuire, J. & Quinn, J. (eag.), Dictionary of Irish Biography. Cambridge, an Ríocht Aontaithe: Cambridge University Press.
Quinn, J. (2009). Carey, James. In McGuire, J. & Quinn, J. (eag.), Dictionary of Irish Biography. Cambridge, an Ríocht Aontaithe: Cambridge University Press.
Bealtaine 2020
An mhí seo, táimid ag féachaint ar aitheasc a thug an Dr E. D. Mapother don Statistical and Social Inquiry Society of Ireland in 1880. Foilsíodh an óráid agus ceanglaíodh í le paimfléid eile mar chuid de leabharlann tagartha Oifig an Ard-Rúnaí i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.
Tugtar léargas iontach san óráid ar dhálaí sláinte poiblí in Éirinn ag deireadh an 19ú haois.
Anuas ar fhorbairtí sa tithíocht, sláintíocht, clárú agus rialú galar tógálach a phlé, pléann Mapother iarrachtaí le déanaí chun cáilíocht agus soláthair bia, uisce agus bainne a fheabhsú. Déanann sé casaoid mar gheall ar an easpa scileanna cócaireachta in Éirinn agus cáineann sé an chaoi a bhfuil níos mó daoine i measc na mbocht uirbeach ag roghnú arán bán agus tae. Déanann Mapother cur síos freisin ar chleachtas an tae bhig, a deir sé atá ina chúis le “dyspeptic and nervous females” a bheith ag lorg cúnaimh ag clinicí leighis.
Currier & Ives (1884). A cup that cheers / Le caoinchead Leabharlann na Comhdhála
Bhí tóir tagtha ar ól an tae san 19ú haois. I measc mheánaicme agus uasaicme na Breataine agus na hÉireann, ba nós an-fhaiseanta a bhí sa tae beag a bhain le mná den chuid is mó. Bhí rialacha géara maidir le réiteach agus riaradh ag baint le bheith ag ól tae. Bhí sé sin i gcodarsnacht le teaghlaigh bhochta i gceantair uirbeacha agus faoin tuath ina mbíodh tae “ag borradh” i bpota ar feadh an lae. Breathnaíodh ar ól tae mar rud iomarcach agus sómasach, cosúil leis an gcaoi ar breathnaíodh ar ithe prátaí roimh an nGorta.
Thit praghas an tae ag deireadh an 19ú haois, rud a chiallaigh go raibh sé níos éasca le fáil ag na haicmí níos ísle. Tháinig méadú ar an líon siopaí freisin, go háirithe in áiteanna iargúlta, agus bhí sé níos éasca fós teacht ar an tae dá bharr. Ní raibh sé saor, áfach, agus is cás le Mapother an cur amú airgid a d’fhéadfaí a chaitheamh ar fheoil agus glasraí.
Cheap roinnt dochtúirí agus daoine eile a raibh údarás acu go raibh fadhbanna ag baint leis an méadú ar ól tae sa Bhreatain agus in Éirinn. Dúirt Déan Bheannchair, Henry Thomas Edwards, in 1883 “excessive tea-drinking creates a generation of nervous, hysterical, discontented people, always complaining of the existing order of the universe, scolding their neighbours, and sighing after the impossible”. Bhí an tuairim dhiúltach seo maidir le hól tae ag an Dr Mapother freisin. Is léir nach raibh mórán tionchair ag na meonta seo, áfach: inniu is í Éire an dara hóltóir tae is mó per capita ar domhan.
Tagairtí
Ian Miller. (2015). Nutritional decline in post-Famine Ireland, c. 1851–1922. Proceedings of the Royal Irish Academy: Archaeology, Culture, History, Literature, 115C, 307-323. doi:10.3318/priac.2015.115.01
Cusack, T. (2018). “This pernicious tea drinking habit”: Women, tea, and respectability in nineteenth-century Ireland. The Canadian Journal of Irish Studies, 41, 178-209. Arna fháil an 1 Aibreán, 2020, ó www.jstor.org/stable/26435227
Statista. (2016). Annual per capita tea consumption worldwide as of 2016, by leading countries. Arna fháil an 11 Bealtaine, 2020 ó www.statista.com/statistics/507950/global-per-capita-tea-consumption-by-country/.
Aibreán 2020
An mhí seo, táimid ag féachaint ar eagrán 1762 de The Dublin Magazine, iris nár foilsíodh ach ar feadh cúpla bliain. Bhíodh meascán d’ailt ar thopaicí mar stair, tíreolaíocht, leigheas, litríocht, cúrsaí reatha agus polaitiúla in The Dublin Magazine. Bhí cuntas agus pictiúr san eagrán seo fiú ar “remarkable machine for flying”, ar leathanach 549.
Bhí tuairiscí san iris freisin ar institiúidí móra Bhaile Átha Cliath cosúil le teach na mbocht agus ospidéil dheonacha. Táimid ag díriú ar chuntas ar Ospidéal Mercer, ar leathanach 104.
Ag tús an 18ú haois déag bhí géarchéim mhaireachtála agus eacnamaíoch in Éirinn, agus mar gheall air sin bhí go leor bochtaineachta, galair agus gorta don daonra a bhí ag fás. Níorbh fhéidir neamhaird a thabhairt ar fhánaíocht agus iarraidh déirce, go háirithe sna bailte agus sna cathracha. Bunaíodh líon beag teach na mbocht, mar aon le hospidéil dílleachta do leanaí tréigthe. D’uireasa dlí eagraithe na mbocht, bhí idirghabháil an rialtais teoranta. Chuir eagraíochtaí reiligiúnacha agus roinnt cumann carthanais a bhí ag dul i méid cúnamh ar fáil do na boicht.
Is sa timpeallacht seo a bhunaigh bean darbh ainm Mary Mercer as Baile Átha Cliath teach do chailíní bochta ar Shráid Stiabhna in 1724. Deich mbliana ina dhiaidh sin, aistríodh bainistíocht na háise chuig grúpa dochtúirí agus máinlianna, a rinne ospidéal deonach do dhaoine bochta a bhí tinn den áitreabh. Ba é seo an tríú ospidéal den chineál seo in Éirinn, i ndiaidh an Charitable Infirmary (1718) agus Dr Steevens (1733). Is iondúil gur bunaíodh na hospidéil dheonacha, a d’fhreastail orthu siúd nach raibh in acmhainn cúram sláinte príobháideach a íoc, trí shuibscríbhinn nó síntiús, agus reáchtáil eagraíochtaí carthanachta nó reiligiúnacha iad.
Tagraítear i gcuntas Mercer a thugtar in The Dublin Magazine do na dúshláin a bhain le tiomsú airgid chun an t-ospidéal a choinneáil ag imeacht ag an tús. Bhí an-tóir ar cheolchoirmeacha chun cistiú carthanais a bhailiú san 18ú haois in Éirinn, agus ba é an sampla ba cháiliúla de seo an chéad taispeántas domhanda den Messiah le Handel i mBaile Átha Cliath ar an 13 Aibreán 1742. D’eagraigh an Charitable Musical Society é seo ar mhaithe le roinnt institiúidí i mBaile Átha Cliath. Chun 700 duine a chur isteach i halla ceoil le 600 suíochán ar Shráid Sheamlas an Éisc iarradh ar mhná gan fáinní a chaitheamh ina sciortaí, agus iarradh ar fhir gan a gclaimhte a thabhairt leo. Bailíodh os cionn £400, agus chuaigh roinnt de i dtreo Ospidéal Mercer.
Cosúil le hospidéil dheonacha eile, bhí Mercer ina ospidéal teagaisc tábhachtach, agus mheall sé go leor dochtúirí agus máinlianna mór le rá. Dhún sé in 1983.
Is cuid de Bhailiúchán Bhaile an Mhuillin an doiciméad seo, bailiúchán leabhar a thug Gailearaí Náisiúnta na hÉireann do Leabharlann an Oireachtais sna 1920idí.
Tagairtí
Kelly, J. (1992). Harvests and Hardship: Famine and Scarcity in Ireland in the Late 1720s. Studia Hibernica, (26), 65-105
Kelly, J. (2012). Coping with Crisis: The response to the Famine of 1740-41. Eighteenth-Century Ireland / Iris an Dá Chultúr, 27, 99-122
Mercer’s Medical Centre (n.d.) History of Mercer’s. Arna rochtain 20/04/2020 ag: www.mercersmedicalcentre.com/about/history
Márta 2020
An mhí seo, tá Leabharlann an Oireachtais ag cur prionta 1797 den Ghinearál Lazare Hoche ar taispeáint. Ba é Hoche an ceannasaí ar iarracht na Fraince ionradh a dhéanamh ar Éirinn i mí na Nollag 1796.
Chreid Poblacht nua-bhunaithe na Fraince go mbeadh Éire ina hionad foirfe chun tús a chur le hionradh ar Shasana. Thaistil roinnt comhaltaí de na hÉireannaigh Aontaithe réabhlóideacha, Theobald Wolfe Tone ina measc, go dtí an Fhrainc chun ceannairí a chur ar a suaimhneas go mbeadh na céadta mílte Éireannach sásta tacú leo.
Ceapadh an Ginearál Lazare Hoche, a raibh taithí mhaith aige, le bheith i gceannas ar an turas taiscéalaithe. Tugadh coimisiún do Tone in arm na Fraince, agus bhí sé ar bord ceann de na longa a cuireadh chun farraige ó Brest i mí na Nollag 1796. Cé gur sheachain siad longa na Breataine den chuid is mó, níorbh fhada gur thit an cabhlach as a chéile de bharr na drochaimsire, agus séideadh roinnt long amach san Atlantach. Dóibh siúd a shroich cósta na hÉireann, níorbh fhéidir leo dul i dtír, d’ainneoin caoineadh Tone go raibh siad “gar go leor chun briosca ón long a chaitheamh i dtír”. Cailleadh roinnt long, agus d’fhill a raibh fágtha den chabhlach abhaile go dtí Brest roinnt seachtainí ina dhiaidh sin.
Cartún leis an scigealaíontóir James Gillray a spreag tubaiste arm na Fraince
D’éirigh le Hoche ina dhiaidh sin i gcogaí réabhlóideacha na Fraince. D’éirigh sé tinn go tobann agus fuair sé bás i Meán Fómhair 1797. Ba ar bord long cheannais Hoche a d’fhill Tone le fórsaí na Fraince in 1798 ach buadh ar an dara hionradh sin. Gabhadh Tone, cuireadh faoi thriail é agus fuarthas ciontach é. Chuir Tone lámh ina bhás féin sula rabhthas in ann é a chur chun báis.
Tá portráid Hoche i measc bailiúchán beag de ghreanadh agus priontaí de dhaoine mór le rá agus de pholaiteoirí ón 18ú agus 19ú haois ó Bhailiúchán Chaisleán Bhaile Átha Cliath Thithe an Oireachtais.
Tagairtí
Bartlett, T. (2010). Ireland: a history. Cambridge: Cambridge University Press.
Tone, T. W., & O'Faoláin, S. (1937). The autobiography of Theobald Wolfe Tone. Londain; Nua-Eabhrac: T. Nelson.
Feabhra 2020
An mhí seo, tá leabhar cartúin neamhghnách á taispeáint ag Leabharlann an Oireachtais maidir leis an bplean a bhí ag na Fíníní nár éirigh leis chun ruathar a dhéanamh ar Chaisleán Chester ar an 11 Feabhra 1867. Déantar cur síos ar Ensign Smith sa scéal agus é ag teacht isteach ar dualgas ag Caisleán Chester, áit a n-éiríonn sé ólta, a mbíonn brionglóid aige faoin gceann is fearr a fháil ar na Fíníní agus ansin dul abhaile chuig baisteadh teaghlaigh.
Bhí John McCafferty, Gael-Mheiriceánach teasaí a throid leis an arm cónaidhmeach, i gceannas ar an bplean chun ruathar a dhéanamh ar Chaisleán Chester. Faoi cheannaireacht Mheiriceánach, bhí baill de na Fíníní as gach áit i dtuaisceart Shasana le bualadh le chéile in Chester ar an 11 Feabhra 1867. Bhí siad le taisce arm agus armlóin nach raibh mórán gardáil á ndéanamh orthu a ghoid ón gcaisleán agus iad a thabhairt ar ais go hÉirinn don éirí amach a bhí pleanáilte i mBaile Átha Cliath.
Ach, ar oíche an 10 Feabhra chuir brathadóir póilíní Learpholl ar an eolas agus b’éigean an plean a chur ar ceal. Ní raibh dóthain ama chun scéal a chur chuig gach duine, agus tháinig os cionn 1,000 Fínín go Chester luath ar an 11 Feabhra, ach ní raibh acu ach an líon beag arm a bhí acu a chaitheamh uathu agus sceitheadh chomh luath agus ab fhéidir leo.
Seoladh na céadta saighdiúirí go Chester chun cosaint an chaisleáin a láidriú, ach níor ghá mórán a dhéanamh nuair a tháinig siad ann. Baineadh an-sult as an imeacht ar fad, agus dúradh sa Manchester Guardian “the excitement seemed to be welcomed by many as an agreeable relief to the oppressive monotony of ordinary Chester life”.
Is cosúil gur cruthaíodh an leabhar aorach go gairid tar éis an imeachta, bunaithe ar an dáta atá scríofa ar an gclúdach.
Tagairtí
Moody, T.W. (1981) Davitt and Irish revolution 1846-82. Clarendon Press, 1981
"Late Georgian and Victorian Chester 1762-1914: Politics, 1835-1914." A History of the County of Chester: Volume 5 Part 1, the City of Chester: General History and Topography. Eds. C P Lewis, agus A T Thacker. Victoria County History, 2003
Eanáir 2020
Déanfaidh Leabharlann an Oireachtais ceiliúradh an mhí seo ar 200 bliain ó foilsíodh stair cháiliúil James Hardiman ar Ghaillimh trínár gcóip chéad eagráin a thaispeáint i gcás taispeána i dTeach Laighean.
“Many a single shire in England has been more copiously described and better illustrated than the whole of Ireland!”
Rugadh Hardiman i Maigh Eo ach chaith sé a óige i nGaillimh. Bhí sé i gceist aige bheith ina shagart ach ní raibh sé in ann mar gheall ar ghortú tromchúiseach a bhain de cheann dá shúile. Rinne sé staidéar ar an dlí i mBaile Átha Cliath, agus cháiligh sé mar dhlíodóir agus d’oibrigh sé in Oifig na dTaifead Poiblí i mBaile Átha Cliath. Mar gheall ar an bpaisean a bhí aige do thaighde stairiúil, d’fhoilsigh sé a chéad leabhar, The History of the Town and County of the Town of Galway, in 1820.
Leathanach teidil de leabhar Hardiman, The History of the Town and County of the Town of Galway
Dar le réamhrá Hardiman, bhí sé i gceist leis an leabhar an bhearna i dtaifead stairiúil na hÉireann a líonadh. Chreid sé nach raibh dóthain ar eolas sa Bhreatain faoi Éirinn, go háirithe an chuid thiar d’Éirinn. Tá léarscáileanna macasamhlacha agus greanadh sa leabhar, agus tugtar breac-chuntas ann ar stair na Gaillimhe óna tús go dtí an tréimhse iar-Aontais. Meastar go fóill gur obair thagartha thábhachtach í.
Na 14 theaghlach ársa nó “treibh” de chuid na Gaillimhe
Bhí Hardiman ina bhall gníomhach d’Acadamh Ríoga na hÉireann, agus Gaeilgeoir líofa a bhí ann. Rinne sé taighde agus scríobh sé faoi stair, seandálaíocht agus cultúr na hÉireann. Ag pointe amháin, bhí sé páirteach in éileamh tiarnais James Netterville, agus rinne sé taighde fairsing le cabhrú le gaol i bhfad amach le teaghlach tiarnúil le héileamh ar theideal Bíocunta. B’éigean do Hardiman roinnt dá lámhscríbhinní a dhíol le Músaem na Breataine ag ráta laghdaithe díreach chun an taighde a mhaoiniú, ar éirigh leis ar deireadh (cé nach bhfuair sé luach saothair as). Bhí sé ina bhall bunaithe den Chumann Ceilteach agus den Irish Archaeological Society, agus bhí sé ina leabharlannaí ag Coláiste na Banríona i nGaillimh nuair a d’oscail sé in 1849. Ainmníodh Leabharlann Shéamais Uí Argadáin in OÉG ina dhiaidh.
Tagairt
O'Brien, A. & Lunney, L. (2012). Hardiman, James. In McGuire, J. & Quinn, J. (eag.), Dictionary of Irish Biography. Cambridge, an Ríocht Aontaithe: Cambridge University Press
Mí na Nollag 2019
An mhí seo, tá ceiliúradh á dhéanamh ag Leabharlann an Oireachtais ar 185 bliain ón gcéad iarnród paisinéara in Éirinn – Iarnród Bhaile Átha Cliath agus Bhaile an Rí – trí bhileog eolais a thaispeáint a rinne James Pim, Jr., pearsa lárnach taobh thiar d’fhorbairt an iarnróid. Ag labhairt le Comhalta Parlaiminte Frederick Shaw, pléann Pim na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann le hiarnród náisiúnta a thógáil in Éirinn.
Cé gur stocbhróicéir agus fhear gnó a bhí ann, chreid sé gur cheart go mbeadh an stát páirteach i bpleanáil agus i bhforbairt an iarnróid, ní hamháin i gcomhair brabúis ach mar bhealach chun fás tionsclaíoch a chur chun cinn in Éirinn. Déanann sé cur síos ar an gceist mar cheann de na ceisteanna is tábhachtaí, nó an cheist phraiticiúil Éireannach is tábhachtaí a pléadh riamh laistigh de bhallaí na Parlaiminte seans.
Rugadh Pim i dteaghlach de chuid Chumann na gCarad i mBaile Átha Cliath. Bhí sé paiseanta faoi iarnród Éireannach a fhorbairt tar éis d’fhorbairt an chéad iarnróid idirchathrach ar domhan idir Learpholl agus Manchain ag deireadh na 1820idí. Bhunaigh sé an Dublin & Kingstown Railway Company le fir ghnó eile as Baile Átha Cliath, a rinne stocaireacht ar son acht parlaiminte a achtú chun iarnród a bhunú i mBaile Átha Cliath, a ritheadh in 1831.
Ba é an t-innealtóir mór le rá William Dargan a threoraigh dearadh agus tógáil na líne ó Rae an Iarthair go Dún Laoghaire (cuireadh síneadh níos déanaí leis chuig Baile an Rí). Maidin an 17 Nollaig 1834, d’fhág an chéad traein ó Rae an Iarthair. Faoi dheireadh an lae, thaistil beagnach 5,000 paisinéir ar bord. Bhí sé i gceist, cosúil le go leor iarnróid luatha, tacú le hiompar lastais, ach bunaíodh go tapa é mar an chéad iarnród paisinéara fo-uirbeach sa Ríocht Aontaithe.
Tagairtí
Jones, S.P. (2009). Pim, James. In McGuire, J. & Quinn, J. (eag.), Dictionary of Irish Biography. Cambridge, an Ríocht Aontaithe: Cambridge University Press.
Murray, K., & Irish Railway Record Society. (1981). Ireland's first railway. Baile Átha Cliath: Irish Railway Record Society.
Samhain 2019
Tá Leabharlann an Oireachtais ag comóradh Sheachtain na hEolaíochta an mhí seo le taispeántas de thuarascáil 1847 Robert Thompson ar thurgnaimh chun leigheas a fháil ar an dúchan a bhí ag scriosadh na bprátaí ar fud Mheiriceá agus Thuaisceart na hEorpa. Bhí tionchar tubaisteach aige in Éirinn, áit a raibh formhór an daonra ag brath ar an bpráta mar phríomhfhoinse bhia.
B’fheitheoir ag an gCumann Gairneoireachta i Londain é Thompson, agus chuir sé tiúbair agus rinne sé turgnamh trína scaipeadh thar mheascáin dhifriúla aoil, gualaigh, salainn, sulfáití, potaise agus cailce. Chuir sé tiúbair agus mhalartaigh sé iad le plandaí pónairí agus faoi scáth arbhar Indiach agus chuir sé sraitheanna nár cuireadh aon rud orthu, mar rialú.
Sa dara cuid den tuarascáil, déanann John Lindley, luibheolaí cáiliúil, iniúchadh ar an teoiric dá bhfaighfí prátaí óna “dtír dhúchais” go bhféadfadh sé cabhrú chun an galar a dhíothú. Nuair a shroich an dúchan Sasana bhí a fhios ag Lindley go raibh Éire i gcontúirt freisin, agus bhí sé ar an gcoimisiún a seoladh ann ar dtús ag deireadh 1845 chun na héifeachtaí a iniúchadh. Ag deireadh na tuarascála sin ó 1847 baineann sé de thátal as gur léirigh a chuid oibre agus obair Thompson nach bhféadfaí an galar a chosc, agus nach bhféadfaí moladh amháin féin a dhéanamh don phobal chun cosc a chur ar scaipeadh na dúchana.
Nuair a bhuail an dúchan an práta ar dtús in Éirinn, bhí tuairimí aisteacha ag daoine faoin gcúis ar tharla sé, lena n-áirítear sióga, tintreach nó mallacht a tháinig le fuascailt na gCaitliceach. Tháinig dhá theoiric chun cinn go láidir san eolaíocht – gurbh fhungas ba chúis leis an dúchan, agus gur thaise rómhór ó bháisteach throm ba chúis leis.
John Lindley
Bhí an chúis mheitéareolaíoch, ar thacaigh an luibheolaí John Lindley leis mar theoiric, ar an teoiric ba mhó a bhí i réim ar feadh roinnt blianta go dtí gur taispeánadh le breis scrúdaithe cé nár chuidigh an aimsir fhliuch agus gharbh le scaipeadh an ghalair, gurbh fhungas ba chúis leis i ndáiríre. In 1882 d’aimsigh an t-ollamh Pierre Marie Alexis Millardet, luibheolaí Francach, bealach le fungaicíd rathúil a dhéanamh le haghaidh fíniúnacha agus is trí thimpiste a fuair sé é sin amach. Fuarthas amach gur oibrigh an meascán céanna de shulfáit chopair agus aol go maith chun dúchan prátaí a smachtú agus úsáidtear an meascán sin fós sa lá atá inniu ann.
Tagairtí
O’Neill, T.P. (1946) The Scientific Investigation of the Failure of the Potato Crop in Ireland, 1845-6. Irish Historical Studies, 5 (18), lgh 123-138.
Bourke, P.M.A. (1964) Emergence of Potato Blight, 1843-46. Nature, 4947, lgh 805-808.
Deireadh Fómhair 2019
An mhí seo tá Leabharlann an Oireachtais ag comóradh 140 bliain ó bunaíodh Conradh na Talún le cartún a thaispeáint ina léirítear iarracht a rinneadh daoine a chur amach as a gcuid tithe ag Radharc an Chaisleáin, Co. Chorcaí in 1886. Bhí an cartún i bhforlíonadh in United Ireland, an nuachtán seachtainiúil náisiúnach.
Bhí an aimsir go dona in Éirinn i ndeireadh na 1870í agus mar sin, ní raibh an fómhar go maith, rud a chuaigh i bhfeidhm go mór ar fheirmeoirí beaga tionónta.
Cuireadh amach as a dtithe go leor tionóntaí de bharr nárbh fhéidir leo an cíos a íoc leis an tiarna talún,. Mar fhreagra air sin, bunaíodh roinnt eagraíochtaí cearta tionóntaí, lena n-áirítear Conradh na Talún Mhaigh Eo faoin ngníomhaí agus faoin bpoblachtach Michael Davitt. Ag an am céanna, bhí Charles Stewart Parnell, a bhí ina bhall cáiliúil de Pháirtí an Rialtais Dúchais, cinnte go mbeadh comhghuaillíocht leis an ngluaiseacht don athchóiriú ar chóras na talún luachmhar don fheachtas polaitiúil ar son neamhspleáchas na hÉireann.
Ar an 21 Deireadh Fómhair 1879 bunaíodh Conradh na Talún, agus bhí Parnell ina uachtarán air. Theastaigh ón gConradh cíosanna cothroma agus úinéireacht talún a bhaint amach do thionóntaí Éireannacha. Bhí an Conradh chun tosaigh i ‘gCogadh na Talún’ idir 1879 agus 1882. Nuair a cuireadh faoi chois é sa bhliain 1882, tháinig Léig Náisiúnta na hÉireann i gcomharbacht air, agus tosaíodh Cogadh na Talún arís nuair a tháinig méadú ar an dhíshealbhú athuair i lár na 1880í.
Bhí ceist thalamh na hÉireann go mór chun cinn i bpolaitíocht na Breataine sna 1880í. Is minic a bhailigh grúpaí móra nuair a bhíothas ag iarraidh daoine a chur amach agus bhí spéis mhór ag na meáin sna himeachtaí seo. Léirítear sa chartún anseo iarrachtaí Chonstáblacht Ríoga na hÉireann Timothy Hurley a chur amach as a theach agus muileann.
De réir tuairisc nuachtáin, “tháinig an tionónta go dtí an fhuinneog agus dúirt sé go raibh sé toilteanach cíos cóir a íoc, ach ní fhéadfadh sé cothrom na féinne a fháil óna thiarna talún, agus bhí sé sásta anois a theach a chosaint nó bás a fháil”. Chuir Hurley agus grúpa dá lucht tacaíochta baracáid thart orthu féin isteach san fhoirgneamh, chaith siad clocha, adhmaid agus uisce fiuchta leis na póilíní a bhí ag druidim leo. Taispeánann an radharc sa chúinne íochtarach ar dheis slua mór de bhaill Chonradh na Talún ag iompar botháin go dtí an láthair, ionas go mbeadh áit éigin ag Hurley chun an oíche a chaitheamh. Mar sin féin, níor éirigh leo an fear a chur amach as a theach sa deireadh.
Léitheoireacht bhreise
McLachlan, N. (2009). Davitt, Michael. In J. McGuire, & J. Quinn (Ed.) Dictionary of Irish Biography. Cambridge: Cambridge University Press
Moody, T.W. (1981). Davitt and Irish revolution, 1846-82. Oxford: Clarendon Press
Meán Fómhair 2019
Tá Leabharlann an Oireachtais ag taispeáint forlíonadh leis an Dublin Gazette an mhí seo ón 11 Meán Fómhair 1919, ina bhfuil forógra Fhear Ionaid an Rí agus na Ríchomhairle gur measadh gur eagraíocht chontúirteach a bhí in “The Dáil Éireann” agus go raibh cosc uirthi anois.
Ón mbliain 1918 bhí iarrachtaí ar bun ag an rialtas chun an claonadh i dtreo neamhspleáchais a bhí ag dul i méid in Éirinn a chur faoi chois trí dhíriú ar eagraíochtaí náisiúnacha i roinnt contaetha ar leith, lena n-áirítear Sinn Féin, clubanna Shinn Féin, Óglaigh na hÉireann, Cumann na mBan agus Conradh na Gaeilge.
I bhforógra a foilsíodh in Dublin Gazette i mí na Samhna 1919 eisreachtaíodh na grúpaí sin ar bhonn náisiúnta.
Tógadh na gníomhartha faoin Criminal Law and Procedure (Ireland) Act 1887, a thug Príomh-Rúnaí na hÉireann Arthur Balfour isteach chun Léig Náisiúnta na hÉireann de chuid Parnell a chur faoi chois agus déileáil le hagóidí talmhaíochta i rith Chogadh na Talún. Bronnadh cumhachtaí ar Fhear Ionaid an Rí chun eagraíochtaí contúirteacha a eisreachtú agus trialacha speisialta giúiré a thionól. Ó dheireadh na bliana 1918, de réir mar a chuaigh an choinbhleacht náisiúnach in olcas in Éirinn, láimhseáladh na céadta cás faoin Acht, agus ionchúisíodh os cionn 1,000 duine.
Tá alt nuachta á thaispeáint freisin ag an Leabharlann ó dheireadh mhí na Samhna 1919 ina bhfuil tuairisc ar an bhforógra deiridh ag Fear Ionaid an Rí. Tuairiscítear freisin go ndearna saighdiúirí, póilíní le héidí agus bleachtairí ruathair “again” ar oifigí Shinn Féin agus Dháil Éireann ar Shráid Fhearchair. Luaitear san alt gur bhailigh slua mór lasmuigh i rith na ruathar agus gur léirigh siad “considerable hostility towards the police and military”. Tá sé suntasach ón liosta d’eagraíochtaí eisreachtaithe in 1919 nach ndearna an rialtas idirdhealú idir grúpaí náisiúnacha míleata, polaitiúla agus cultúrtha, cinneadh nach raibh de thoradh air ach tacaíocht a mhéadú do phoblachtaigh de réir mar a chuaigh an choimhlint ar aghaidh.
Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Dáil100 chun cuntas soiléir finné a léamh den ruathar an oifigí na Dála agus Shinn Féin agus faigh tuilleadh amach faoin gcaoi ar cuireadh an Chéad Dáil faoi chois.
Lúnasa 2019
An mhí seo, tá cothrom 170 bliain ó chéad chuairt na Banríona Victoria ar Éirinn á cheiliúradh ag Leabharlann an Oireachtais trí dhán ceiliúrtha le John D’Alton a thaispeáint. Priontáladh an dán seo nár foilsíodh agus chuir John D’Alton féin isteach chuig Oifig na hÉireann i Londain é agus tá sé anois mar chuid den bhailiúchán stairiúil ag Leabharlann an Oireachtais.
Thug Victoria an Prionsa Albert agus ceathrar dá leanaí léi ar a céad chuairt ar Éirinn. Tháinig an luamh ríoga isteach go Cóbh ar an 2 Lúnasa 1849 agus cuireadh an-fháilte rompu. Athainmníodh an baile mar Bhaile na Banríona ina honóir.
Rinne sí ridire de Mhéara Chorcaí agus thug sí faoi thuras timpeall ar chathair Chorcaí, ag rá níos déanaí ina dialann “níl Corcaigh cosúil le baile Sasanach in aon chor. Breathnaíonn sé eachtrach. Tá an slua glórmhar, sochorraithe, ach an-deas, ag rith agus ag brú, ag caint agus ag screadach”. Lean Victoria uirthi ansin go Baile Átha Cliath, agus ar deireadh Béal Feirste, sula ndeachaigh sí chuig an Albain ar an 12 Lúnasa.
Léiríonn dán maoithneach D’Alton an chroíúlacht ghinearálta a léiríodh do Victoria. Cé nach mar sin a mhothaigh gach duine, bhí iontas fós ag baint leis an bhfáilte mar gheall go raibh sé chomh luath tar éis an ghorta uafásach, agus nach raibh sé ach bliain tar éis éirí amach armtha na nÉireannach Óg. Ach, d’fhéadfadh sé gur tharraing an mustar agus an searmanas aird sluaite na cathrach ón mbrón. Níor thug an grúpa ríoga cuairt ar an tuath, áit a raibh na tionchair is measa den ghorta le feiceáil. Ní raibh aon eagar ach oiread ar náisiúnachas na hÉireann. Bhí gluaiseacht mhór Dhónaill Uí Chonaill chun Acht an Aontais 1801 a aisghairm imithe i léig, agus ba theip náireach a bhí san iarracht ar éirí amach a rinne na hÉireannaigh Óga in 1848.
Cé gur éirigh leis an gcuairt, níor tharla aon athruithe bunúsacha dá bharr sa chaidreamh polaitiúil idir Éire agus an Bhanríon Victoria. Tháinig sí ar cuairt arís in 1853 agus 1861, ach mhéadaigh a doicheall i dtreo na tíre le teacht chun cinn an tsuaite talún agus Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann, mar aon le scaipeadh foréigean na bhFíníní. Faoin am ar tháinig sí ar a cuairt dheiridh i 1900 bhí cáineadh i bhfad níos oscailte ó bhaill na gluaiseachta polaitiúla agus cultúrtha de náisiúnaigh Éireannacha, a chonaic siad riamh mar “bhanríon an ghorta”.
Léigh an dán iomlán i gcatalóg Leabharlann an Oireachtais
Tagairtí
Loughlin, J. (2002) Allegiance and Illusion: Queen Victoria’s Irish Visit of 1849. History, 87 (288), lgh. 491-513.
Johnson, J.D.A. (1933) Queen Victoria’s visit to Cork. Journal of the Cork Historical and Archaeological Society, 38 (148), lgh. 103-107.
Iúil 2019
An mhí seo, tá tuarascáil 1883 ó choiste Tuke á taispeáint ag Leabharlann an Oireachtais. I mbliana, déantar ceiliúradh ar chomóradh 200 bliain ó bhreith James Hack Tuke, Sasanach a bhí i gCumann na gCarad, a bhfuil cuimhne air as a chuid oibre daonchairdiúla in iarthar na hÉireann sna 1880idí.
Ag deireadh na 1870idí, mar gheall ar dhrochaimsir, fómhar teipthe agus iomaíocht ó allmhairí saora, bhí feirmeoirí tionónta na hÉireann ag fulaingt go mór. Faoi 1879 bhí gorta ann.
D’fheidhmigh na húdaráis níos tapúla ná mar a rinne siad sna 1840idí, ach bhí sé deacair acu an cás a fheabhsú i ndúichí plúchta Chonnacht, áit a raibh an talún níos boichte agus na gabháltais an-bheag.
In 1880, thug James Hack Tuke cuairt ar an réigiún agus chinn sé gur theastaigh idirghabháil eacnamaíoch seachas polaitiúil (mar a rinne Conradh na Talún agus Páirtí Parlaiminteach na hÉireann tosaíocht de) chun an cás a réiteach. I measc roinnt moltaí, d’éiligh sé scéim imirce cuidithe chuig SAM agus Ceanada, agus chuir sé coiste príobháideach le chéile chun cistí a bhailiú agus an próiseas a riaradh.
D’fhonn a chinntiú go n-éireodh le Tuke, dhírigh an coiste ar roinnt prionsabal: Ba cheart gur teaghlaigh iomlána a bheadh sna himircigh seachas daoine aonair, ionas go laghdófaí an plúchadh ar an talamh agus go mbeadh gabháltais iomlána saor le haghaidh tionóntaí comharsana. Níor cheart aon bhrú a chur ar aon duine dul ar imirce. Thabharfaí éadaí nua agus airgead maireachtála do theaghlaigh, agus ba cheart áirithintí a dhéanamh dóibh chuig a gceann scríbe deiridh. Ba ghá go mbeadh formhór na ndaoine sa teaghlach a théadh ar imirce in aois oibre (i.e. os cionn 12). Rinne an coiste na socruithe taistil ar fad, bealach taistil do na teaghlaigh chuig na báid ina measc. Chuir siad seoltaí tosaíochta ar siúl níos luaithe sa bhliain fiú ionas go mbeadh am ag daoine socrú síos roimh an ngeimhreadh.
Rinneadh go leor iarratas, agus luann Tuke ina thuarascáil chomh deacair is a bhí sé diúltú do theaghlaigh éadóchasacha nach raibh oiriúnach don scéim. Mar gheall ar chomh maith is a d’éirigh leis, chuir an rialtas airgead breise ar fáil trí Arrears of Rent Act 1882 agus Tramways and Public Companies Act 1883. Chuaigh cuid de seo chuig coiste Tuke, agus d’úsáid boird coimeádaithe sna haontais dlí bhochta an chuid eile chun a gclár imirce cuidithe féin a riaradh.
Cé nár réitigh sé na fadhbanna in iarthar na hÉireann, chabhraigh scéim phríobháideach Tuke le níos mó ná 9,000 duine chun saol nua a thosú i dTuaisceart Mheiriceá. Lean sé ag obair chun an bhochtaineacht agus an t-ocras in Éirinn a mhaolú, agus bhí tionchar ag a thuarascálacha maidir le coinníollacha san iarthar agus san iarthuaisceart ar bhunú Bhord na gCeantar Cúng in 1891. Fuair sé bás in 1896.
Tagairtí
Moran, G. (1995) Escape from hunger: the trials and tribulations of the Irish state-aided emigrants in North America in the 1880s. Studia Hibernica, 29, lgh 99-115.
Moran G. (2013) James Hack Tuke and his schemes for assisted emigration from the west of Ireland. History Ireland, 21 (3). Faighte ó https://www.historyireland.com/18th-19th-century-history/james-hack-tuke-and-his-schemes-for-assisted-emigration-from-the-west-of-ireland/
Meitheamh 2019
Chun comóradh a dhéanamh ar Bloomsday an mhí seo, tá Leabharlann an Oireachtais ag caitheamh súil níos géire ar chinsireacht in Éirinn trí Thuarascáil an Choiste ar Litríocht an Oilc ó 1926 a chur ar taispeántas. Tharraing úrscéal James Joyce Ulysses, a ndéantar comóradh anois air i bhféile bhliantúil an 16 Meitheamh, go leor clampair nuair a foilsíodh é ar dtús. Cheap cuid mhaith go raibh an t-úrscéal gáirsiúil, cuireadh cosc air sna Stáit Aontaithe agus sa Bhreatain, agus lasadh na céadta cóip.
Cé nár cuireadh cosc foirmiúil air riamh in Éirinn, cuireadh cosc ar é a iompórtáil, rud lenar cinntíodh cinsireacht ar a inneachar ar feadh na mblianta fada.
Nuair a bunaíodh Saorstát Éireann in 1922, bhí glacadh ginearálta leis an Caitliceachas Rómhánach – reiligiún mhóramh an daonra – mar bhealach riachtanach chun líne a tharraingt idir aitheantas na Breataine agus na hÉireann. Bhí cúrsaí morálta na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí go mór i gceist, dá bhrí sin, i mbeartais Rialtas nua an tSaorstáit.
Ba i gcoinne an chúlra sin a chuaigh grúpa beag gníomhaithe Caitliceacha Rómhánacha i mbun feachtais chun cinsireacht a dhéanamh ar leabhair agus nuachtáin "domheanmnaithe", agus díríodh ar fhoilseacháin nár chinn Éireannacha iad. Bhí imní orthu faoin tionchar truaillitheach a bheadh ag sonraí cásanna cúirte gáirsiúla orthu (lena n-áirítear "cásanna colscartha") i nuachtáin Shasana, agus ag paimfléid iompórtáilte a raibh faisnéis orthu faoi bhreithrialú. Mar gheall ar a gcuid stocaireachta bhunaigh an tAire Dlí agus Cirt Caoimhghin Ó hUigín coiste in 1926 “chun breithniú a dhéanamh agus tuairisciú ar cibé an bhfuil gá nó an inmholta ar mhaithe le leas na moráltachta poiblí cumhachtaí reatha an Stáit maidir le cosc nó srian a chur ar dhíol agus scaipeadh ábhar clóite a leathnú”.
An tAire Dlí agus Cirt, Caoimhghin Ó hUigín
I measc na bhfinnéithe ar an gcoiste bhí baill as grúpaí leasa creidimh agus ionadaithe ón tseirbhís phoist, ón bhfórsa póilíní agus miondíoltóirí, lena n-áirítear an tUasal Charles Eason. Tugadh le fios sa tuarascáil gur thacaigh an móramh do reachtaíocht nua, agus díríodh ar chosc a chur ar iompórtáil ábhar a bhí maslach. Luaigh an coiste an deacracht a bhain le cinsireacht a dhéanamh ar leabhair ach mhol sé go mbunófaí coiste cinsireachta ar aon nós, chun athbhreithniú a dhéanamh ar fhoilseacháin: “Níor cheart go mbeadh sé ródheacair do ghrúpa saoránach a roghnaíodh de bharr a gcultúir, a stuamachta agus a gcuid ómóis don mhoráltacht leabhair a scríobhadh le hintinn thruaillithe a aithint”.
De bharr obair an choiste dréachtaíodh Bille um Scrúdóireacht Fhoillseachán, a achtaíodh in 1929 (scrúdóireacht a thugtaí ar chinsireacht an t-am sin). As sin bunaíodh Bord um Scrúdóireacht Fhoillseachán chun athbhreithniú a dhéanamh ar fhoilseacháin agus tá an Bord sin ann fós sa lá atá inniu ann, faoin teideal Bord um Chinsireacht Fhoilseachán.
Tagairtí
Horgan, J. (1995) Saving us from ourselves: contraception, censorship and the ‘evil literature’ controversy of 1916, Irish Communication Review, 5 (1), lgh 61-67.
Keating, A. (2013) Censorship: the cornerstone of Catholic Ireland, Journal of Church and State, 57 (2), lgh 289-309.
Bradshaw, D. (2016) Ulysses and obscenity, British Library. Ar fáil ar: https://www.bl.uk/20th-century-literature/articles/ulysses-and-obscenity
Bealtaine 2019
Holinshed’s Chronicles of England, Scotland and Ireland
An mhí seo tarraingíonn Leabharlann an Oireachtais aird ar cheann de na leabhair is sine inár mbailiúchán, Holinshed’s Chronicles of England, Scotland and Ireland. Is é cóip na Leabharlainne an dara heagrán, a foilsíodh in 1587, agus a bhí mar chuid de leabharlann an Phríomh-Rúnaí ag Caisleán Bhaile Átha Cliath an chéad lá riamh.
D’eascair na Croinicí an chéad lá riamh ó iarracht uaillmhianach a rinne an printéir Reyner Wolfe a rugadh san Ísiltír ach a bhí bunaithe i Londain chun stair den domhan a fhoilsiú. Fuair sé bás sula bhféadfaí an leabhar a chríochnú, agus mar sin thóg a chúntóir, Raphael Holinshed, an togra ar láimh, ach shocraigh sé teorainn a chur le scóip an leabhair agus gan a chur isteach ach an Bhreatain agus Éire. Foilsíodh an chéad eagrán in 1577, á léiriú ag greantaí adhmaid. Foilsíodh eagrán leathnaithe deich mbliana ina dhiaidh sin. Ní raibh aon ghreantaí adhmaid sa cheann sin ach bhí leathanaigh thosaigh a bhí maisithe go mór ar gach imleabhar agus bhí litreacha maisithe ag tús go leor de na caibidlí.
Cé gur ainmníodh an leabhar i ndiaidh Raphael Holinshed ba chomhoibriú ollmhór a bhí sa leabhar féin idir thart ar ochtar scríbhneoirí agus roinnt printéirí agus foilsitheoirí. Is é Richard Stanihurst, scoláire, taidhleoir, scríbhneoir agus ailceimiceoir as Baile Átha Cliath, a chuir na chéad sleachta ar Éirinn a dtoll a chéile, a bhunaigh formhór dá shaothar ar stair a thiomsaigh a mheantóir Edmund Campion. Thug an scríbhneoir Sasanach agus an riarthóir cathartha John Hooker an píosa ar Éirinn cothrom le dáta in 1587.
Cé nárbh fhéidir brath i gcónaí ar an stair a bhí in Holinshed’s Chronicles tá cáil ar leith ar eagrán 1587 toisc gur úsáid William Shakespeare é mar fhoinse le haghaidh breis agus an tríú cuid dá dhrámaí, lena n-áirítear Macbeth, King Lear agus na drámaí staire. Fuair scríbhneoirí eile ré Eilíse, lena n-áirítear Marlowe agus Spenser, inspioráid ó na scéalta in Holinshed’s Chronicles.
Tagairtí
Colm Lennon (2009). Stanihurst, Richard in James McGuire, James Quinn (eag.), Dictionary of Irish Biography. Cambridge, an Ríocht Aontaithe: Cambridge University Press.
The Holinshed Project. http://www.cems.ox.ac.uk/holinshed/index.shtml
Holinshed’s Chronicles, 1577. Leabharlann na Breataine. https://www.bl.uk/collection-items/holinsheds-chronicles-1577
Aibreán 2019
An chéad tuarascáil ón mBord Sláinte Ginearálta 1822
An mhí seo, chun ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Domhanda na Sláinte ar an 7 Aibreán, tá an Chéad Tuarascáil ó Bhord Sláinte Ginearálta na hÉireann in 1822 á taispeáint ag Leabharlann an Oireachtais. Tagann an tuarascáil seo ó Bhailiúchán stairiúil Chaisleán Bhaile Átha Cliath.
Bhí diantréimhse gorta agus galair sa dara leath de na 1810idí.
In 1815, sheol brúchtadh millteach de Mount Tambora sna Dutch East Indies (an Indinéis anois) an oiread luatha isteach san atmaisféar gur fhuaraigh an domhan. Dá bharr seo bhí géarchéim cothaithe uafásach ar fud an domhain. In Éirinn, theip ar bharra agus bhí an mhóin fliuch mar gheall ar an bhfuacht agus an bháisteach gan staonadh. Bhí eipidéim tífis ina dhiaidh sin idir 1817 agus 1819, a mharaigh na mílte daoine. Mar fhreagra ar na himeachtaí sin bhunaigh Ard-Leifteanant na hÉireann, Charles Talbot, Bord Sláinte Ginearálta buan agus láraithe in 1820.
Charles Talbot, Ard-Leifteanant na hÉireann 1817-1822 agus an chéad tuarascáil ón mBord Sláinte Ginearálta
Tháinig méadú ar ospidéil fiabhrais agus íoclanna ar fud na hÉireann agus bunaíodh coistí sealadacha, áitiúla go minic mar gheall ar bhriseadh amach fiabhrais. Ach go dtí an pointe seo ní dhearnadh aon iarracht riarachán an chúraim sláinte poiblí a lárú. Cuireadh de chúram ar an mBord fiosrúchán a dhéanamh maidir le staid na sláinte poiblí ar fud na tíre agus iniúchadh a dhéanamh ar bhealaí chun í a fheabhsú. Cuireadh tús leis trí shuirbhé a eisiúint ar úinéirí talún Éireannacha agus Angla-Éireannacha, ar shagairt, ar ghiúistísí agus ar dhochtúirí i ngach contae. Cuireadh ceisteanna sa suirbhé maidir le coinníollacha sláinte na mbocht i ngach ceantar, an riocht a bhí ar a dtithe cónaithe, a soláthar breosla, éadach, bia agus fostaíocht. Mar gheall go bhfuair an Bord an oiread sinn freagraí chinn siad díriú ar Chúige Mumhan dá gcéad tuarascáil, a cuireadh i láthair an Ard-Leifteanaint in 1822.
Tugtar léargas i dtorthaí an tsuirbhé ar ghanntanas forleatach ar fud chontaetha na Mumhan. I gCluain Meala bhí “the condition of the poor as to bedding is wretched; they sleep on straw, seldom changes, and frequently on the damp ground”. I gContae an Chláir, ag Cora Chaitlín “numbers are reported to be half-naked and half-starved from deficiency of employment”.
Cé go bhfuil formhór na bhfreagraí comhbhách, a léirigh aitheantas méadaitheach ar an nasc idir an mbochtaineacht agus drochshláinte, tá breithiúnas morálta le feiceáil anois is arís síos tríothu. Rinne freagróir amháin gearán nach raibh mná Éireannacha ag coinneáil a gcábán sách glan, agus nach raibh “nothing is more difficult than to induce the common Irish to allow proper ventilation in their houses”.
Dearadh an Bhoird do theachín Éireannach feabhsaithe
Críochnaíonn an tuarascáil le roinnt moltaí chun sláinte a fheabhsú, ar nós paimfléad a fhoilsiú chun glacadh le vacsaín ar an mbolgach a spreagadh, a raibh na haicmí níos boichte fós amhrasach ina leith. Dhear an Bord freisin dearaí do theachíní ardaithe chun tais a dhíbirt agus aerú a fheabhsú, mar aon le dearaí d’ospidéil fiabhrais shealadacha. Cé gur fheidhmigh an Bord Sláinte Ginearálta go príomha mar chomhlacht comhairleach, bhí méadú suntasach ar idirghabhálacha sláinte poiblí an rialtais mar gheall ar a bhunú – beagnach scór bliain ó bunaíodh a chomhionann i Sasana.
Tagairtí
Geary, L. M. (2018) From voluntary hospitals to voluntary health insurance: a history of Irish healthcare from the early-eighteenth to the mid-twentieth century. In The Irish Healthcare System: an historical and comparative review. Baile Átha Cliath, Healthcare Insurance Authority, lgh 9-27
Maye, B. (2016) A volcanic eruption with global repercussions: An Irishman’s Diary on 1816, the year without a summer. The Irish Times, 16 Lúnasa. Faighte ó https://www.irishtimes.com/opinion/a-volcanic-eruption-with-global-repercussions-an-irishman-s-diary-on-1816-the-year-without-a-summer-1.2760797
Ó Gráda, C. (1995) Ireland: a new economic history 1780-1939. Oxford, Oxford University Press.
O’Neill, T.P. (1973) Fever and public health in pre-famine Ireland. The Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland, 103, lgh 1-34. Faighte ó http://www.jstor.org/stable/25508612
Márta 2019
An mhí seo, tá Leabharlann an Oireachtais ag féachaint ar oidhreacht Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann trí chartúin pholaitiúla a thaispeáint ó dhá eagrán den tréimhseachán Irish Fun: A Tonic in Type.
Arna bhfoilsiú i mí Dheireadh Fómhair 1917 agus mí na Bealtaine 1918, déantar magadh sna cartúin seo faoi Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann, a bhí ag meath ó 1916 agus a bhí ina ábhar aoire do go leor tréimhseachán de chuid Shinn Féin ar nós Irish Fun.
Ba iad Páirtí Parlaiminteach na hÉireann ba mhó a spreag náisiúnachas polaitiúil na hÉireann ar feadh na scórtha blianta, ag tacú le parlaimint Éireannach féinrialála laistigh den Ríocht Aontaithe. In 1914, bhí an chosúlacht ar an scéal go mbeadh rialtas dúchais ann ar deireadh ach cuireadh ar feitheamh é nuair a thosaigh an cogadh. Sna blianta ina dhiaidh sin, thit lucht leanúna Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann go mór. Faoin am ar reáchtáladh toghchán i mí na Nollag 1918, ní bhfuair an páirtí ach sé shuíochán in Éirinn i gcomparáid le 73 ag Sinn Féin, buille marfach.
Cartún Irish Fun, Deireadh Fómhair 1917
Murab ionann is Sinn Féin, ghlac Páirtí Parlaiminteach na hÉireann lena suíocháin in Westminster, áit ar lean siad lena n-ionadaíocht thar ceann leasa náisiúnaithe na hÉireann faoi cheannaireacht Joseph Devlin. Cháin siad beartas rialtas na Breataine i leith na hÉireann i rith 1919 agus 1920. Tar éis Dhomhnach na Fola ar an 21 Samhain 1920, d’ionsaigh Teachta Parlaiminte eile Devlin go fisiciúil sa seomra as ceisteanna a ardú maidir le tuairiscí ar mharú sibhialtach i bPáirc an Chrócaigh. Bhí an páirtí an-choinsiasach as an tuairim a bhí ag daoine orthu gur thacaigh siad leis na Briotanaigh. D’aontaigh siad gan dul san iomaíocht do shuíocháin Shinn Féin i dtoghchán 1921 i ndeisceart na hÉireann. Mar gheall air seo, níor toghadh ceachtar dá gcomhaltaí chuig an dara Dáil (nó Teach na dTeachtaí i nDeisceart Éireann), a ndearna comhaltaí de idirbheartaíocht agus díospóireacht ar an gConradh.
Joseph Devlin, Ceannaire Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann (1918–21)
Ó thuaidh, bhunaigh Joseph Devlin agus iarbhaill eile de Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann an Páirtí Náisiúnach. Chomhoibrigh siad le Sinn Féin ionas go bhfuair an dá pháirtí sé shuíochán an ceann i dTeach na dTeachtaí i dTuaisceart Éireann i dtoghcháin 1921. Thug siad faoi bheartas neamhfhreastail den chuid is mó sna blianta ina dhiaidh sin.
Ó dheas, bhunaigh comhalta ceannasach Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann Stephen Gwynn an Irish Centre Party in 1919 mar iarracht chun an díospóireacht don rialtas dúchais a athbheochan in Éirinn. Gan mórán tacaíochta ó náisiúnaithe ná aontachtaithe, áfach, chónasc Gwynn an páirtí leis an Irish Dominion League de chuid Sir Horace Plunkett. Thacaigh siadsan freisin le cineál rialtas dúchais ach níor mhair an páirtí ach go dtí 1921.
Rith roinnt iarchomhaltaí de Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann don Dáil mar iarrthóirí neamhspleácha, lena n-áirítear Alfie Byrne, ardmhéara cáiliúil Bhaile Átha Cliath. Bhunaigh an Captaen William Redmond, mac le John Redmond, an National League Party le Thomas O’Donnell in 1926, ach chaill siad tacaíocht tar éis iarracht in 1927 nár éirigh leis ceannaire Chumann na nGaedhal a dhíbirt i bhfabhar chomhrialtas Pháirtí an Lucht Oibre/Fhianna Fáil. Chuaigh daoine eile le Cumann na nGaedhal agus leis an National League Party, agus tháinig an dá pháirtí sin le chéile chun Fine Gael a bhunú in 1933. Bhí Thomas O’Donnell ar dhuine d’iarchomhaltaí mór le rá Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann a chuaigh le Fianna Fáil.
Tá Irish Fun mar chuid de bhailiúchán beag de nuachtáin agus irisleabhair ó thús an 20ú haois i mBailiúcháin Speisialta Leabharlann an Oireachtais.
Tagairtí
HC Deb 22 Samhain 1920, iml. 135, col. 38-43. Arna rochtain 21/02/2019 ag: https://api.parliament.uk/historic-hansard/commons/1920/nov/22/murder-conspiracy
Dorney, J. agus O’Donoghue, M. (2017). The Irish Parliamentary Party after 1918, an interview with Martin O’Donoghue. Arna rochtain 21/02/2019 ag: http://www.theirishstory.com/2017/01/21/the-irish-parliamentary-party-after-1918-an-interview-with-martin-odonoghue/#.XFrU1_43aUl
Michael L. (2009). Redmond, John Edward. In J. McGuire, J. Quinn (eag.), Dictionary of Irish Biography. Cambridge, an Ríocht Aontaithe: Cambridge University Press. Arna rochtain 21/02/2019 ag: http://dib.cambridge.org/viewReadPage.do?articleId=a7602
O’Donovan, J. (2015). The Decline of Irish Parliamentary Party. Arna rochtain 21/02/2019 ag: http://theirishrevolution.ie/decline-irish-parliamentary-party/#.XFrSiP43aUk
Feabhra 2019
An mhí seo, tá Leabharlann an Oireachtais ag cuimhneamh ar éalú Éamoin de Valera ó phríosún Lincoln trí chóip d’irisleabhar The Shamrock ó mhí Feabhra 1919 a thaispeáint. Taispeántar sa chartún aorach ar an gclúdach an Rúnaí Baile, Edward Shortt, ag lorg a “German Plot”, a léirítear mar mhadra lena “TALE cut SHORTT”.
Comhcheilg pholaitiúil a bhí sa Phlota Gearmánach a tharla i mí na Bealtaine 1918 nuair a bhí Shortt ina Phríomh-Rúnaí ar Éirinn. Chuir riarachán Chaisleán Bhaile Átha Cliath i leith Shinn Féin go raibh siad páirteach i gcumarsáid thréasach leis an nGearmáin agus bailíodh ceannairí an pháirtí le chéile ina dhiaidh sin agus cuireadh i bpríosúin Shasanacha iad.
Faoin am ar tháinig an t-eagrán seo de The Shamrock amach i lár mhí Feabhra 1919, bhí de Valera tar éis éalú ó phríosún Lincoln mar aon le Seán Milroy agus Seán McGarry, rud a d’fhág an líon daoine a d’éalaigh ag seachtar. Bhí brú mór ag teacht ar rialtas nuathofa na Breataine, agus ón rialtas féin, chun príosúnaigh eile Shinn Féin a scaoileadh saor. Ag tús mhí an Mhárta, ghéill an Chomh-aireacht ar deireadh do scaoileadh na bpríosúnach eile de réir a chéile.
Tá gearrscéalta, dánta, léirmheasanna cultúrtha agus tráchtaireacht maidir le saincheisteanna náisiúnacha san eagrán freisin agus ceannteidil mhaisiúla ar gach rannán.
Tá leathanach greannmhar fiú tiomanta do “press cuttings of tomorrow”, ina dtuairiscítear in alt nuachta ón mbliain 2000 gur eagraigh cumann de dhaoine Ceilteacha ar fud na Eorpa, agus go bhfuil “all means of aerial transport is in the hands of the Gael, who has by this means forced all the world to learn his almost impossible language”.
Tá The Shamrock mar chuid de bhailiúchán beag de nuachtáin agus irisleabhair ó thús an 20ú haois i mBailiúcháin Speisialta Sheirbhís Leabharlainne agus Taighde an Oireachtais.
Léitheoireacht bhreise
McCullagh, D. (2017) De Valera: Rise 1882-1932. Baile Átha Cliath: Gill Books.
De Valera in sensational escape from Lincoln Prison, RTÉ Century Ireland: https://www.rte.ie/centuryireland/index.php/articles/de-valera-in-sensational-escape-from-lincoln-jail
Foghlaim tuilleadh faoi chomóradh céad bliain Dháil Éireann ag www.dail100.ie
Mí na Nollag 2018
An mhí seo tá Leabharlann na Parlaiminte ag taispeáint cóip de phaimfléad Airt Uí Ghríobhtha dar teideal The Resurrection of Hungary: A Parallel for Ireland, a foilsíodh in 1904. Dar leis an staraí Brian Maye, gur chuir an chosúlacht sin idir an Ungáir agus Éire iontas mór ar Ó Gríobhtha – dhá thír bheaga nasctha le himpireachtaí móra. Chreid sé go raibh ceacht tábhachtach ag stair na hUngáire d'Éirinn a linne.
Dá bharr sin d'iarr sé ar Theachtaí Parlaiminte na hÉireann, i mí Dheireadh Fómhair 1902, gan freastal ar Westminster a thuilleadh agus d'iarr orthu a bparlaimint féin a bhunú i mBaile Átha Cliath.
Thug sé cuntas ar a bheartas i sraith 27 alt sa nuachtán United Irishman. Foilsíodh na hailt i bhfoirm paimfléid i mí na Samhna 1904 agus díoladh breis is 20,000 cóip taobh istigh de thrí mhí.
Moladh sa bheartas go mba chóir d’Éirinn a bheith ina ríocht ar leithligh in éineacht leis an mBreatain Mhór, agus go mbunóidís démhonarcacht eatarthu le monarcacht roinnte ach rialtais dá gcuid féin. Mheas Ó Gríobhtha go mbeadh na Sasanaigh ní ba thógtha leis an réiteach sin. Nuair a bunaíodh Sinn Féin in 1905 chuir Ó Gríobhtha an teoiric sin i láthair ar dtús mar "polasaí Shinn Féin". Faoin mbliain 1916 áfach ba é an poblachtánachas an polasaí in ionad na démhonarcachta.
Bhí Art Ó Gríobhtha ar dhuine de 73 ball de Shinn Féin a gabhadh i mí na Bealtaine 1918 siocair is go raibh comhcheilg ar bun acu leis an nGearmáin (Comhcheilg na Gearmáine mar a tugadh air). Chaith sé an tréimhse suas go dtí olltoghchán 1918 i bpríosún ach toghadh é do thoghcheantair an Chabháin Thoir agus Thír Eoghain Thiar-Thuaidh. Bhí sé ar dhuine de na Comhaltaí a ndearnadh cur síos air mar dhuine a bhí “fé ghlas ag Gallaibh” (i ngéibheann ag namhaid eachtrach) nuair a glaodh an rolla ag an gcéad chruinniú de Dháil Éireann ar an 21 Eanáir 1919.
Ní raibh fonn ar Ó Gríobhtha riamh a bheith ina cheannaire ar pháirtí polaitíochta, b'fhearr leis a bheith ag déanamh cinntí beartais agus a bheith ina chomhairleoir. Dar le Seán Ó Lúing:
“his mature and realistic mind was a valuable stabilizing factor in the First Dáil, which, like its successor, was composed of extreme and militant nationalists. Dáil Eireann itself was designed out of the thought of many years which Griffith had given to national planning, and it, and its institutions, provided the moral and democratic structure that sustained the later years of Irish revolution”.
Tagairtí agus léitheoireacht bhreise
McGee, O. (2015). Arthur Griffith. Baile Átha Cliath, Merrion Press.
Ó Lúing, S. (1971). Arthur Griffith, 1871-1922: Thoughts on a Centenary. Studies: An Irish Quarterly Review, Iml. 60, Uimh. 238, lgh 127-138.
Samhain 2018
Tá Leabharlann na Parlaiminte ag comóradh 100 bliain ó dheireadh an Chéad Chogaidh Dhomhanda an mhí seo le taispeántas den chéad tuarascáil eatramhach a thug an Coiste um Léirmhíniú an Téarma “Tréimhse an Chogaidh”. Is ó bhailiúchán Chaisleán Bhaile Átha Cliath é seo, a aistríodh chuig an Leabharlann sna 1920idí ó Oifig an Phríomh-Rúnaí. Bhunaigh Aireacht na hAtógála an coiste; bhíodh sé de chúram ar an Aireacht sin pleananna a dhéanamh do dheireadh an chogaidh.
Bhunaigh an Aireacht roinnt coistí chun imscrúdú a dhéanamh ar chúrsaí tithíochta, fostaíochta, sláinte, oideachais agus ar nithe eile i ndiaidh an chogaidh, go háirithe do na milliúin lucht pearsanra míleata a bhí díshlógtha.
Faoi théarmaí tagartha an choiste, d’fhiosróidís aon cheisteanna dlí a d’eascródh as an dáta a bhí socraithe chun deireadh a chur leis an gcogadh. Theastaigh uathu scrúdú a dhéanamh go háirithe ar an tionchar a bheadh aige ar aon Achtanna, orduithe agus rialacháin a cruthaíodh i rith na coimhlinte. Don choiste féin, “tá feidhmiú na reachtanna agus na n-orduithe éigeandála chomh fadréimseach sin, tá na cumhachtaí a thugtar chomh fairsing, an cúram atá orthu sin atá á gcur i gcrích chomh trom, go mbeadh tubaiste ann dá mbeadh aon amhras i ndáiríre ann faoi cathain a tháinig deireadh leis na cearta agus na dualgais faoi seach”.
Ba é an pointe tosaigh don choiste, mar atá leagtha amach sa tuarascáil eatramhach ghearr seo ó mhí Eanáir 1918, na frásaí go léir a úsáideadh i reachtaíocht le linn an chogaidh chun cur síos a dhéanamh ar thréimhse an chogaidh a bhailiú le chéile.
Mheas siad toisc go raibh siad ag súil go dtiocfadh deireadh go foirmiúil leis an gcogadh trí bhíthin conartha nó conarthaí, go bhféadfaí an dáta dleathach a gcuirfí deireadh leis an gcogadh a thógáil mar an dáta ina malartófaí na daingnithe. Faoin am ar síníodh an Sos Cogaidh an 11 Samhain 1918, bhí thart ar 40 milliún duine, idir lucht míleata agus sibhialtaigh tugtha leis ag an “gCogadh Mór”, agus cailleadh a leath de bharr cogaíochta, gorta nó galair. Bhí ar a laghad 200,000 fear as Éirinn san arm (b’óglaigh a bhformhór) agus maraíodh thart ar 35,000 Éireannach.
Tagairtí
Dungan, M. (1997) Irish Soldiers and the Great War. Baile Átha Cliath: Four Courts Press.
Imperial War Museum https://www.iwm.org.uk/history/irelands-role-in-the-first-world-war
BBC http://www.bbc.co.uk/history/british/britain_wwone/ireland_wwone_01.shtml
Deireadh Fómhair 2018
An mhí seo, tá Leabharlann an Oireachtais ag comóradh Bhuiséad 2019 trí chomhad ábhar a bhaineann le buiséid, meastacháin agus caiteachais idir 1923 agus 1924 a thaispeáint. Tagann an comhad ó bhailiúchán ábhar cartlainne an Oireachtais atá á choinneáil ag Seirbhís Leabharlainne agus Taighde an Oireachtais.
Taispeántar sa chomhad nóta ón gCeann Comhairle, Michael Hayes T.D., faoin nós imeachta atá le leanúint chun déileáil le rúin bhuiséid agus leis an mBille Airgeadais.
Pléadh an buiséad do 1923 sa Dáil ar an 13 Aibreán 1923. Chuir an Ceann Comhairle an díospóireacht i láthair agus, mar gheall gurbh é an chéad uair é a raibh ráiteas Buiséid le déanamh, chuir sé an nós imeachta a bhí le leanúint i gcuimhne do na Comhaltaí. Ansin chuir William T. Cosgrave, T.D., Uachtarán na hArd-Chomhairle* agus an tAire Airgeadais an Buiséad i láthair.
Ina fhorléargas ar gheilleagar na hÉireann dúirt an tUachtarán Cosgrave :
“mar gheall ar staid ghinearálta ár n-airgeadais faoi láthair, is léir nach féidir cánachas a laghdú i láthair na huaire. Mar gheall ar an bhfeachtas scriosta a tógadh in aghaidh na tíre i rith na bliana seo caite, beidh gá go leor airgid a thógáil ar iasacht i rith na bliana airgeadais reatha. Cúrsaí iad creidmheas an Stáit, agus na coinníollacha ar a bhfuil iasacht ar an scála sin indéanta, nach féidir torthaí cinnte a chruthú fós dóibh, agus tá sé, dá bhrí sin, tábhachtach nach mbraithfimid níos mó ná mar atá muid in ann a sheasamh ar iasachtaí.”
Tugadh an buiséad seo isteach díreach agus an Cogadh Cathartha ag críochnú. Chuir tionchar an chogaidh ar an ngeilleagar brú mó ar an rialtas nua. Meastar gurbh ionann an damáiste ábhartha agus os cionn £30 milliún agus gur chosain sé £17 milliún chun an cogadh a mhaoiniú. Scríobh Ronan Fanning “in 1923-24, caitheadh 30% den ioncam náisiúnta ar chosaint agus caitheadh 7% eile ar chúiteamh as caillteanais mhaoine agus gortuithe pearsanta.”
Mar fhocal scoir, dúirt an tUachtarán Cosgrave:
“tá an t-easnamh don bhliain amach romhainn tromchúiseach, ach ní leor é chun aon amhras a chur orainn maidir le todhchaí airgeadais an tSaorstáit agus creidmheas na tíre. Tá líon mór den chaiteachas neamh-athfhillteach, agus is léir nuair a shocraíonn coinníollacha síos go mbeidh dóthain ioncaim ag an tír chun a dliteanais a chlúdach.”
Áirítear sa chomhad ar taispeáint freisin cóip den Bhille Leithreasa 1923; Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí; an Bille Airgeadais 1923; Bille an Lárchiste (Uimh 1) 1923; Meastacháin Fhorlíontacha chun “costais a ghlanadh” a bhaineann le hoibreacha agus foirgnimh phoiblí, iarnróid, oideachas poiblí, an t-arm, oifig an phoist agus “costais a íoc” do Sheanad Éireann agus an Aireacht Tionscail agus Tráchtála.
Tagairtí
Fanning, R. (1978) An Roinn Airgeadais, 1922-58. Baile Átha Cliath: An Foras Riaracháin.
Hopkinson, M. (1988) Green against green: the Irish Civil War. Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan.
*Ó mhí na Nollag 1922 go dtí mí na Nollag 1937 tugadh Uachtarán na hArd-Chomhairle ar cheannaire an rialtais. Tar éis theacht i bhfeidhm Bhunreacht na hÉireann i mí na Nollag 1937 tugadh an Taoiseach mar theideal ar an oifig agus bunaíodh Uachtarán na hÉireann.
Meán Fómhair 2018
An mhí seo, tá Leabharlann an Oireachtais ag ceiliúradh 90 bliain ó cuireadh na chéad nótaí bainc i gcúrsaí. Tá tuarascáil an Choimisiúin Airgeadra ó 1929 ar taispeáint. Bunaíodh an Coimisiún chun maoirseacht a dhéanamh ar tháirgeadh agus eisiúint an airgeadra nua.
Lean nótaí agus boinn na Breataine i gcúrsaíocht ar feadh roinnt blianta tar éis bhunú an tSaorstáit. Bhí trádáil agus airgeadas na hÉireann nasctha go dlúth leis an Ríocht Aontaithe, agus mar gheall ar an mbéim ar chaidreamh maith a chothabháil agus cobhsaíocht sa gheilleagar, ní tosaíocht an-phráinneach a bhí i rolladh amach an airgeadra náisiúnta don rialtas nua.
Thosaigh díospóireacht pharlaiminteach faoin tsaincheist i lár na 1920idí i gceart. Ritheadh an tAcht Coighneála in 1926, agus bunaíodh Coimisiún Baincéireachta, leis an Ollamh Henry Parker-Willis, saineolaí airgeadais Meiriceánach, mar chathaoirleach air, chun tuairisciú a dhéanamh ar athruithe féideartha ar dhlíthe na baincéireachta agus eisiúint nótaí sa Stát nua. Mhol an Coimisiún seo go mbunófaí airgeadra an tSaorstáit féin, a bheadh ar comhchéim leis an steirling, agus mhol siad go mbunófaí Coimisiún Airgeadra chun maoirseacht a dhéanamh ar an mbeart. Foirmíodh an Coimisiún Airgeadra tar éis an Achta Airgid Reatha, 1927 a rith agus bhí iar-Rúnaí leis an Roinn Airgeadais, Joseph Brennan mar chathaoirleach air.
Is é an doiciméad atá ar taispeáint an chéad tuarascáil a chuir an Coimisiún i láthair an Oireachtais tar éis an t-airgeadra nua a eisiúint. Taifeadtar ann an dul chun cinn maidir le dáileach an airgeadra, agus déantar cur síos ann ar na roghanna dearaidh do nótaí an airgid dlíthairgthe. Áiríodh anseo “fíor mná shamhailteach” a dhear Sir John Lavery (seo an chúis a dtagraítear go minic do “nótaí bainc Lady Lavery”). Ar chúl na nótaí bhí sraith ceann dealbhaithe ó Theach Custam Bhaile Átha Cliath, mar shiombailí d’aibhneacha na hÉireann.
Íomhánna
Chuir Cartlanna Bhanc Ceannais na hÉireann íomhánna de nótaí bainc Shraith A ar fáil. Tá taispeántas ar fhorbairt airgeadra neamhspleách an stáit ar taispeáint anois in Ionad Cuairteoirí Bhanc Ceannais na hÉireann.
Tagairtí
Kelly, J. (2003). The Irish Pound: From Origins to EMU. Banc Ceannais na hÉireann: Feasachán Ráithiúil, Earrach, 89-115.
Honohan, P. (2002). Using Other People’s Money: Farewell to the Irish Pound. History Ireland, 10(1), 34-37.
Pratschke, J.L. (1969). The Establishing of the Irish Pound: a Backward Glance. Economic and Social Review, 1(1) 51-75.
Banking Commission (1926). First Interim Report on Banking and Currency. Ar fáil ag http://opac.oireachtas.ie/AWData/Library3/Library2/DL068535.pdf
Lúnasa 2018
Mar gheall ar an aimsir neamhghnách le déanaí in Éirinn, i mí Lúnasa chaitheamar súil siar ar bhlianta tosaigh an bhreithnithe aimsire eolaíoch in Éirinn. Thaispeánamar cóip de A Comparative View of Meteorological Observations Made in Ireland (circa 1793). Taifead laethúil atá sa pháipéar seo, a léigh Richard Kirwan ag Acadamh Ríoga na hÉireann ar an 2 Feabhra 1793, ar an aimsir in Éirinn i rith na mblianta 1789 agus 1790. Tá sé le fáil in imleabhar dar teideal Kirwan’s essays and sundries others agus fuair Leabharlann an Oireachtais é sna 1920idí.
I rith 1789, thug Kirwan faoi deara:
“ón 1 go dtí an 13 Iúil, bhí sé ag báisteach gach lá i gceathanna cosúil le ceathanna toirní. Ach ar an 22ú bhí sé ag báisteach ar feadh an lae; ar an 23ú bhí cith throm ann ... As seo go dtí an 3 Lúnasa bhí sé ag báisteach gach re lá. Ar an 7ú, timpeall 64 míle siar ó thuaidh ó Bhaile Átha Cliath, tháinig mé ar stoirm uafásach le báisteach agus cloichshneachta”.
Thaisteal Kirwan taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath freisin, agus maidir le 1790, scríobh sé:
“An 1 Lúnasa, báisteach throm i nGaillimh. 3ú, 4ú agus 5ú, dorcha agus scamallach, ach ní raibh aon bháisteach ann; ach ón 6ú is beag lá nach raibh báisteach go dtí an 24ú”.
Choinnigh Kirwan taifead laethúil ar aimsir Bhaile Átha Cliath ar feadh na mblianta. Bhreathnaigh sé ar an aimsir i ngairdín a thí i Rae Cavendish. Choinnigh daoine eile dialanna roimhe, ach ba iad breithnithe Kirwan na chéad bhreithnithe a cuireadh i dtoll a chéile le cúnamh ó ionstraimí beachta. Tá taifid ar marthain ó 1787 go 1808, ina dtugtar léamha ó bharaiméadar, ó theirmiméadair, ó mhéadar báistí, agus ó ainéimiméadar a dhear sé é féin.
Údar torthúil páipéar agus leabhar ar an gceimic, mianreolaíocht, méadreolaíocht agus ábhair eile, agus foilsíodh go minic é in Transactions of the Royal Irish Academy. Foilsíodh a leabhair in eagráin éagsúla sa Bhéarla, agus aistríodh ceithre cinn go Fraincis, go Gearmáinis, go Spáinnis agus go Rúisis. Áiríodh lena fhoilseacháin thíreolaíocha na leabhair thábhachtacha Elements of mineralogy (1784), an chéad leabhar Béarla ar an ábhar agus Geological essays (1799).
Dúirt an meitéareolaí agus iar-cholúnaí leis an Irish Times Brendan McWilliams gur chuir Kirwan:
“roinnt eolas bunaidh leis an réimse. Go deimhin, bhí go leor dá smaointe mar réamhtheachtaithe le go leor coincheap san 20ú haois: d’éabhlóidigh sé teoiric na n-aermhaiseanna, mar shampla, agus rangaigh sé iad mar ‘polach’, ‘trópaiceach’ agus ‘muirí’ – smaointe a mbeadh an-aithne ag lucht aimsire an lae inniu orthu. Bhail sé triail freisin as tuar na haimsire, le faisnéis chlíomeolaíochta chun an séasúr amach romhainn a thuar, agus is é an scéal atá ann go raibh an oiread sin de thóir agus meas ar an méid a thuar sé gur chuir feirmeoirí moill ar an gcur go dtí go raibh sonraí a fháistinithe is déanaí ar eolas acu”.
Prionta James Malton den Rotunda agus Rae Cavendish c. 1792 / Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Léitheoireacht bhreise: Foilseacháin Met Éireann
Tá sraith Historical Note Met Éireann á bhfoilsiú ó 1995. Eisítear ar bhonn neamhrialta é. Cuireann foireann Met Éireann na heagráin le chéile agus dírítear ar stair na meitéareolaíochta, le béim ar leith ar stair na meitéareolaíochta in Éirinn.
Áiríodh leis an tsraith Major Weather Events tuairisc ar shamhradh 1798 a bhí an-bhreá agus te nuair a bhí formhór na troda i rith an éirí amach ar siúl. Léirítear sa tuairisc go raibh tionchar ag an aimsir bhreá ar an éirí amach: chónaigh reibiliúnaithe Loch Garman agus a dteaghlaigh taobh amuigh ar feadh roinnt seachtainí agus mháirseáil siad achar fada, agus chabhraigh an aimsir leo sin a dhéanamh.
Tagairtí
Burns, D.T. (2003). Richard Kirwan, 1733–1812: “the philosopher of Dublin”’, An Coiste Náisiúnta um Stair agus Fhealsúnacht na hEolaíochta, 8ú Léacht Bhliantúil, Acadamh Ríoga na hÉireann.
Dixon, F. E. (1971). Richard Kirwan: the Dublin philosophe. Dublin Historical Record, 24, 52-64.
Donovan, M. (1847 – 1850). Biographical account of the late Richard Kirwan Esq. Proceedings of the Royal Irish Academy, 4, App. VIII, lxxxi-cxviii.
McWilliams, B (1988). A memorable eccentric, The Irish Times 23 Meitheamh, leathanach 2.
Treanor, M. (2012). A large area and a common plan: the progress of scientific meteorology in Ireland. Science at the Royal Irish Academy, 28-36, 404-408.
Wyse Jackson, P.N. (2009) Richard Kirwan. In McGuire, J; Quinn, J. (eag.) Dictionary of Irish Biography. Cambridge, an Ríocht Aontaithe: Cambridge University Press.
Iúil 2018
I mí Lúnasa, chun comóradh a dhéanamh ar 170 bliain ó éirí amach na nÉireannach Óg, thaispeánamar tuairisc ar thriail William Smith O'Brien. Tá an tuairisc ar cheann amháin de roinnt imeachtaí trialach ceangailte ón 19ú haois a aistríodh chuig Leabharlann an Oireachtais sna 1920idí ó Oifig an Phríomh-Rúnaí i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.
Ba de shliocht Bhrian Bóramha é William Smith O'Brien. Feisire ba ea é freisin. Bhí sé i bhfách go diongbháilte le haisghairm Acht an Aontais i dTeach na dTeachtaí. Chuaigh sé le Cumann Aisghairm Dhónaill Uí Chonaill in 1843.
Bhí dealú idir glúine le sonrú i ngluaiseacht an Reipéil faoi na 1840idí. D'éirigh reipéilithe óga – intleachtóirí oilte liobrálacha amhail Séarlas Gabhánach Ó Dubhthaigh agus Thomas Francis Meagher – mífhoighneach leis an easpa athchóiriú polaitíochta in Éirinn. Mar bharr ar an donas, bhí an gorta ina thús. I mí Iúil 1846, scoilt an scata Éireannach Óg seo, faoi cheannas O'Brien, ó Chumann na hAisghairme de thairbhe gur dhearbhaigh Ó Conaill gur chóir go mbainfí aisghairm amach ar bhealach síochánta amháin.
I mí Feabhra 1848, threascair muintir na Fraince an Rí Louis-Philippe agus bunaíodh Dara Poblacht na Fraince. D'éirigh O'Brien, Ó Dubhthaigh agus daoine eile ní ba dhóchasaí. Thosaigh siad ag tabhairt cainteanna lasánta. Ina theannta sin, thosaigh siad ag taisteal ar fud na hÉireann chun lucht tacaíochta a earcú le haghaidh éirí amach armtha. Chuir an rialtas (a raibh imní air) habeas corpus ar fionraí ar an 22 Iúil agus thosaigh sé ag gabháil na gceannairí.
Bhí deireadh náireach leis an gcorraíl ar an 29 Iúil – "Cath Gharraí Cabáiste Bhaintreach Mhic Chormaic". Fuair aonad de chuid Chonstáblacht Ríoga na hÉireann tearmann ó na hÉireannaigh Óga i dteach Mhaighréad Mhic Chormaic i mBaile an Gharraí, Contae Thiobraid Árann. Choinnigh siad a cúigear páistí ina ngialla. Cé go ndearna O'Brien idirbheartaíocht ar son shaoradh na bpáistí, thit troid ghunnaí amach agus maraíodh beirt Éireannach Óg. Nuair a tháinig póilíní breise cúpla uair an chloig ina dhiaidh sin, scaip na reibiliúnaigh.
Greanadh adhmaid d'aistriú William Smith O'Brien chuig an bpríosún in 1848 / Foilsithe sa nuachtán The Citizen, 1854
Gabhadh O'Brien agus cuireadh ar a thriail é as ardtréas i gCluain Meala i rith Mheán Fómhair agus Dheireadh Fómhair 1848. Gearradh pionós an bháis air, ach rinneadh díbirt go Críoch Van Diemen (an Tasmáin) den bhreith bháis. Tugadh pardún iomlán dó sa deireadh, macasamhail na gceannairí eile. Bhí saol breá polaitíochta ag go leor acu siúd san Astráil agus sna Stáit Aontaithe ina dhiaidh sin.
Tagairtí
Cronin, M. (2005). Young Ireland in Cork, 1840-1849. In Dunne, T.; Geary, L.M. History and the Public Sphere: Essays in Honour of John A. Murphy. Corcaigh: Cork University Press.
Davis, R.P. (2009). O'Brien, William Smith. In McGuire, G; Quinn, J. (eag.), Dictionary of Irish Biography. Cambridge, an Ríocht Aontaithe: Cambridge University Press.
Ó Cathaoir, B. (1998). The Rising of 1848. History Ireland, 6(3), 26-28.
Petler, D.N. (1985). Ireland and France in 1848. Irish Historical Studies, 24(96), 493-505.
Meitheamh 2018
Bhí cóip de Thuairisc ar Imeachtaí Chomhdháil na hÉireann, a foilsíodh sa bhliain 1918, á taispeáint againn i mí an Mheithimh. Bhí an tuairisc mar chuid de bhailiúchán leabharlainne Phríomh-Rúnaí na hÉireann i gCaisleán Bhaile Átha Cliath a fuair Leabharlann an Oireachtais sna 1920idí.
Ba é an Príomh-Aire David Lloyd George ar dtús a mhol Comhdháil na hÉireann, a reáchtáladh i dTeach an Rialóra i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath i mí na Bealtaine 1917 chun an tsáinn maidir le Rialtas Dúchais in Éirinn a réiteach. Mar sin féin, breathnaíodh air mar sheift chun moill a chur ar chúrsaí le go mbeifí in ann ceist na hÉireann a chur ar an méar fhada go dtí deireadh an chogaidh.
Baill de Chomhdháil na hÉireann ag Coláiste na Tríonóide / Íomhá le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Faoi stiúir an Chathaoirligh Sir Horace Plunkett, áiríodh na catagóirí seo a leanas sa bhallraíocht: Ainmnithe de chuid an Rialtais (15), Easpagóideacht na hÉireann (7), Páirtí na hÉireann(5), Páirtí Uladh (5), Tiarnaí de chuid na hÉireann (2), Aontachtaithe ón Deisceart (5), Ardmhéaraí agus Méaraí (6), toscairí ó na Comhairlí Contae (32), Comhairlí Ceantar Uirbeach(8), Comhlachais Tráchtála (3) agus toscairí Pháirtí an Lucht Oibre (7).
Chruinnigh Coiste Gnó Chomhairle Náisiúnta Shinn Féin ag 6 Sráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath i mí na Bealtaine 1917 agus shocraigh nach nglacfadh Sinn Féin páirt i gcomhdháil ar bith a reáchtálfadh an Rialtas. Agus é ag déanamh cur síos ar an amhras a bhí air i leith na comhdhála a bhí beartaithe, dúirt an Cunta George Plunkett:
“Ní linn an chomhdháil. Is é Sasana a thionóil an chomhdháil agus beidh cleasaíocht Shasanach ar bun ar mhaithe le Sasana. An gceapann Éireannach ar bith go bhfuil rialtas Shasana sásta an náisiún beag seo a scaoileadh saor chun bunreacht de réir mar is mian linn féin a cheapadh? Níl! Agus mar sin, tugaimis aghaidh ar chomhdháil na síochána agus ar ár réitigh féin, ar mhaithe leis an tsaoirse.”
Tagairtí
Bealtaine 2018
Bhí cóip d'óráid feachtais a thug an tAthair Michael O'Flanagan i mBaile Shéamais Dhuibh, Contae an Chabháin, Dé Domhnaigh, 26 Bealtaine 1918, á taispeáint againn i mí na Bealtaine 2018. Thacaigh aitheasc O'Flanagan le hArt Ó Gríofa, uachtarán Shinn Féin. Bhí Ó Gríofa ag seasamh i bhfothoghchán an Chabháin Thoir agus bhí sé ag súil le stádas Feisire a bhaint amach sa toghcheantar sin. Léiríodh go soiléir san óráid go raibh Sinn Féin i gcoinne an choinscríofa. Mar gheall air sin, sheas Sinn Féin amach ó Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann (dream a bhí sa dé dheireanach) agus bhí bua mór acu san olltoghchán níos déanaí an bhliain sin.
"Is mar Náisiún, mar sin, agus mar Náisiún amháin, atá an ceart againn cur i gcoinne an choinscríofa, agus mar Náisiún ní thig linn dul i ndáil chomhairle le haon Pharlaimint eachtrach a thuilleadh."
Rugadh Michael O'Flanagan i gCill Chaoimhín, Contae Ros Comáin sa bhliain 1876. D'fhás sé aníos i dteaghlach a bhí gníomhach ó thaobh na polaitíochta agus an chultúir de. Rinneadh sagart de sa bhliain 1900 agus rinneadh ollamh Gaeilge de i gColáiste Chnoc an tSamhraidh i gContae Shligigh. Bhí baint mhór aige le saincheisteanna talmhaíochta agus athchóirithe talún, agus le gluaiseacht náisiúnach na linne a raibh borradh fúithi. Chuaigh sé ar choistí feidhmiúcháin Chonradh na Gaeilge agus Shinn Féin go luath sna 1910idí. Cainteoir poiblí iomráiteach paiseanta ba ea é. Dúirt sé paidreacha ag tórramh Dhiarmada Uí Dhonnabháin Rosa sa bhliain 1915.
O'Flanagan in éineacht le Pádraig Mac Piarais ag uaigh Uí Dhonnabháin Rosa / Íomhá le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Rinneadh leas-uachtarán ar Shinn Féin de sa bhliain 1917. Bhí sé an-bhríomhar mar fhear feachtais i dtoghcháin – thacaigh sé leis an gCunta Pluincéid i bhfothoghchán Ros Comáin Thuaidh in 1917 agus thacaigh sé le hArt Ó Gríofa agus le comhaltaí eile de chuid Shinn Féin in 1918. Chuir Easpaig Ail Finn ar fionraí é go luath tar éis a chuid óráidí teasaí sa Chabhán. Tugadh rabhadh dó gan freastal ar chruinnithe polaitiúla den sórt sin tar éis thoghchán Ros Comáin Thuaidh. Rinneadh séiplíneach na Chéad Dála de i mí Eanáir 1919, áfach.
An tAthair O'Flanagan (ina sheasamh ar dheis ar fad) i gcuideachta Comhaltaí den Dáil i mí Aibreáin 1919
Cé gur thug an tEaspag a phost ar ais dó, bhí sé an-ghníomhach ar choiste feidhmiúcháin Shinn Féin i rith an ama. Rinneadh uachtarán gníomhach de nuair a bhí ceannairí polaitíochta ar a seachaint le linn Chogadh na Saoirse. Toisc go raibh an méid foréigin a bhí ag titim amach ar fud na tíre ag déanamh imní dó, chuaigh sé i dteagmháil le Lloyd George ar a chonlán féin maidir le cainteanna síochána féideartha i mí na Nollag 1920. Níor éirigh leis an ngníomh sin agus ní raibh mórán daoine i bhfách leis an ngníomh sin ach oiread. Chuir sé i gcoinne an Chonartha, ach chaith sé na blianta beaga tar éis Chogadh na Saoirse ag cruinniú airgid i Meiriceá agus i dtíortha eile do Shinn Féin. Chuir an tEaspag ar fionraí arís é tar éis dó filleadh ar Éirinn. Thit sé amach le hÉamon de Valera i dtaca leis an moladh go bhféadfadh poblachtaigh dul isteach sa Dáil dá ndíothófaí an mionn dílseachta; rud a bhí ina bhunús le bunú Fhianna Fáil.
Bhíodh tuairimí casta ag an Athair O'Flanagan, tuairimí a thagadh salach ar a chéile go minic. Ba dhuine den bhunaíocht é a dhiúltaíodh údarás go minic. Rinneadh uachtarán Shinn Féin de sa bhliain 1933 ach ruaigeadh as an bpáirtí é in 1936 as ucht páirt a ghlacadh in athléiriú raidió stáit ar an gCéad Dáil. Thacaigh sé le hionradh na hIodáile ar an Aibisín agus leis an taobh poblachtach de Chogadh Cathartha na Spáinne. Thug Easpag Ail Finn a phost ar ais dó sa bhliain 1939. Bhí sé ina shéiplíneach in dhá chlochar i mBaile Átha Cliath agus in ospidéal ar feadh roinnt blianta sular bhásaigh sé ar an 7 Lúnasa 1942.
Tagairtí
Maume, P. (2009). O'Flanagan, Michael. In James McGuire, James Quinn (eag.), Dictionary of Irish Biography. Cambridge, an Ríocht Aontaithe: Cambridge University Press. (http://dib.cambridge.org/viewReadPage.do?articleId=a6756)
Laffan, M. (1999). The Resurrection of Ireland: the Sinn Féin Party, 1916-1923. Cambridge, an Ríocht Aontaithe: Cambridge University Press.
Aibreán 2018
Bhí cóip d'fhorógra olltoghcháin Pháirtí an Lucht Oibre á taispeáint againn in Aibreán 2018. Foilsíodh an forógra i mí Mheán Fómhair 1918. Cé gur cuireadh an forógra seo i dtoll a chéile, níor ghlac Páirtí an Lucht Oibre páirt in olltoghchán 1918 ná i dtoghcháin pharlaiminte 1921. Rinneadh an cinneadh sin chun éascaíocht a dhéanamh ar chinneadh glansoiléir na dtoghthóirí maidir leis an gceist náisiúnta agus chun go bhféadfaí scoilt sa ghluaiseacht oibreachais, a bhí á heagrú ar bhonn uile-Éireann, a sheachaint.
Sa bhliain 1918, in oirchill an olltoghcháin a bhí le teacht, d'iompaigh Comhdháil Cheardchumann na hÉireann agus Páirtí an Lucht Oibre ord an teidil droim ar ais go dtí Páirtí an Lucht Oibre agus Comhdháil Cheardchumann na hÉireann (ILP&TUC). Tháinig níos mó ná méadú faoi dhó ar líon na gcomhaltaí (go 250,000) idir 1916 agus 1918.
Sliocht as forógra Pháirtí an Lucht Oibre, 1918
Tar éis an fhuinnimh a bhain leis an bhfeachtas i gcoinne an choinscríofa níos luaithe sa bhliain, beartaíodh ag Comhdháil Bhliantúil ILP&TUC, a bhí ar siúl i Halla na Cathrach, Port Láirge idir an 5 agus an 7 Lúnasa 1918, go ndréachtófaí forógra don olltoghchán a bhí ag teacht aníos chomh maith le bunreacht nua. Bhí an dá dhoiciméad sin le cur i láthair Comhdháil Speisialta roimh dheireadh na bliana. Foilsíodh an forógra sé seachtaine ina dhiaidh sin.
Comhdháil Speisialta
Reáchtáladh an Chomhdháil Speisialta (chun cinneadh a dhéanamh maidir le straitéis toghcháin agus plé a dhéanamh ar fhorógra ILP&TUC) i dTeach an Ard-Mhéara, Baile Átha Cliath, an 1 agus an 2 Samhain 1918.
Toscairí chuig Comhdháil ILP&TUC, Port Láirge, 1918 / Íomhá le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Thiar i mí Lúnasa 1918, nuair a chinn an Feidhmeannas Náisiúnta dul san iomaíocht san olltoghchán a bhí le teacht, ba bheag comhartha a bhí ann go mbeadh deireadh luath leis an gcogadh san Eoraip. Tugadh 'toghchán cogaidh' ar an toghchán óna n-eascródh díscaoileadh agus toghchán eile ag deireadh an chogaidh. Tháinig athrú ar an gcogadh taobh istigh de roinnt seachtainí, áfach. Bhí an Ghearmáin ag cúlú agus bhí síocháin ar na bacáin. Bhí an toghchán ina ‘thoghchán síochána' anois. Bhí poblachtaí nua á mbunú san Eoraip agus bhí brú á chur ar an ngluaiseacht oibreachais tarraingt siar d'fhonn go mbeifí ábalta aontacht a léiriú maidir leis an tsaincheist i dtaobh fhéinchinntiúchán na hÉireann. Ag Ard-Fheis Shinn Féin, a reáchtáladh dhá lá roimh an gComhdháil Speisialta, bhí aontacht á héileamh ag na cainteoirí. Luaigh Seán T. Ó Ceallaigh in Freeman's Journal gur chóir do Pháirtí an Lucht Oibre seasamh siar agus "ligean don tsaincheist ghlan maidir le hÉirinn in aghaidh Shasana a bheith i lár an aonaigh sa toghchán".
Tháinig an Feidhmeannas Náisiúnta le chéile maidin na Comhdhála Speisialta agus mhol sé gur chóir do Pháirtí an Lucht Oibre tarraingt siar ón olltoghchán a bhí le teacht. Níos déanaí an lá sin, thug an cisteoir Thomas Johnson, thar ceann an Fheidhmeannais Náisiúnta, breac-chuntas ar an seasamh do thoscairí (mar a luaitear i dtuarascáil na comhdhála, leathanach 104):
"Tá léiriú aontachta maidir leis an gceist seo á iarraidh i ngach cearn d'Éirinn, faoi mar a bhí ann i gcás cheist an Choinscríofa. Creideann bhur bhFeidhmeannas go seasann oibrithe na hÉireann leis an mian seo go dúthrachtach, go mbeidís sásta, ar feadh tréimhse ghearr, a gcuid rún i leith cumhacht pholaitiúil a ghéilleadh dá bhféadfadh feabhas teacht ar rathúnas an náisiúin (bualadh bos).
"Rinne an Feidhmeannas Náisiúnta athbhreithniú ar an scéal i bhfianaise na gcúinsí nua seo, agus molann sé go dtarraingeofaí gach Iarrthóir de chuid Pháirtí an Lucht Oibre siar ón Toghchán seo (bualadh bos). Tá sé sin á dhéanamh acu ar mhaithe leis an mbealach a réiteach don éileamh daonlathach ar fhéinchinntiúchán, a dtugann Páirtí an Lucht Oibre agus a chuid iarrthóirí lántacaíocht dó, tráth na vótála."
Chuidigh an tUasal Thomas McPartlin (Cumann Cónasctha na Siúinéirí agus na Saor Adhmaid, Baile Átha Cliath) leis an rún agus gan ach fáth amháin aige ina leith, is é sin "an mhaitheas a dhéanfadh sé chun oibrithe na hÉireann a choinneáil aontaithe don troid a bheadh ann sa todhchaí".
Ghlac na toscairí le moladh an Fheidhmeannais Náisiúnta.
Tagairtí
Taispeántas Cartlann ag Comhdháil na gCeardchumann agus Cartlann Náisiúnta na hÉireann. Faighte ó http://centenaries-ituc.nationalarchives.ie/introduction/
Devoy-McAulliffe, F. (2017), 'The day when Irish labour found itself: the general strike against conscription' in Crowley, J. Ó Drisceoil. D. agus Murphy, M. (eag.), Atlas of the Irish Revolution, lgh 330–334.
Farrell, B. (1970), 'Labour and the Irish political party system: A suggested approach to analysis', The Economic and Social Review, 1(4), lgh 477-509
Halligan, B. (1978) Snapshots: Five Days in Labour Party History. Faighte ó http://brendanhalligan.com/wp-content/uploads/2012/10/BH-5-Days-Labour-History-NC.pdf
O'Connor Lysaght, D. R. (2013), 'Labour in waiting: the after-effects of the Dublin Lockout', History Ireland, 21(4) Iúil/Lúnasa, lgh 44-47
Márta 2018
I mí an Mhárta 2018, thaispeánamar eagrán Éireannach den fhoilseachán The Police Gazette or Hue-and-Cry ón 25 Márta 1921. Léirítear san eagrán seo an chaoi a raibh Éire ina cíor thuathail ag an am, tar éis méadú suntasach ar an bhforéigean i gCogadh na Saoirse ag deireadh 1920. Áirítear sa liosta de na "coirpigh" a rabhthas sa tóir orthu ceannairí Óglaigh na hÉireann, Michael Collins (Mícheál Ó Coileáin), Richard Mulcahy agus Cathal Brugha, chomh maith le duine a ghoid capaillín agus cairt i gContae Ard Mhacha agus fear a chúigleáil pingin mhaith ó Chomharchumann Mhainistir na Corann i gContae Chorcaí.
Liosta de na gabhálacha a rabhthas sa tóir orthu, an 25 Márta 1921
Ar an leathanach cúil, déantar cur síos ar dhaoine eile lena n-áirítear na poblachtaigh Rory O'Connor, a d'éalaigh ó champa imtheorannachta an Churraigh tamall roimhe sin, agus Dan Breen, a raibh a shnua dorcha cosúil le "gabha ag teacht amach as ceárta". Bhí Breen ar an liosta daoine a rabhthas sa tóir orthu ó bhí sé páirteach i luíochán i Sulchóid Bheag, Contae Thiobraid Árann an 21 Eanáir 1919, inar maraíodh beirt phóilíní. Tharla an luíochán ar an lá céanna a tháinig an Chéad Dáil le chéile i mBaile Átha Cliath. Meastar go minic gurbh é an luíochán sin eachtra thosaigh Chogadh na Saoirse.
Roderick "Rory" O'Connor
Bunaíodh The Police Gazette ar bhonn trialach go mall san 18ú haois i Londain. Ní raibh coincheap na póilíneachta ach ina thús ag an am sin. Chuireadh na deartháireacha Sir John Fielding agus Henry Fielding, ceannródaithe an imscrúdaithe choiriúil, fógraí i gcló inar iarraidh ar dhaoine sonraí a thabhairt faoi choireanna a rinneadh agus cur síos a dhéanamh ar na coirpigh a rinne iad. Ina dhiaidh sin, foilsíodh an fhaisnéis a fuarthas ón bpobal agus tugadh do ghiúistísí áitiúla í le go mbeidís in ann coirpigh a ghabháil agus a ionchúiseamh. D'éirigh go geal leis an triail. Cuireadh irisleabhair den chineál céanna i gcló ar feadh roinnt blianta. Ar deireadh thiar, socraíodh go gcuirfí an foilseachán i gcló go hoifigiúil; thosaigh Póilíní Cathrach Londan ag foilsiú The Police Gazette or Hue-and-Cry dhá uair sa tseachtain lena dháileadh ar stáisiúin phóilíní. Scaipeadh na húdaráis phóilíneachta i gCaisleán Bhaile Átha Cliath eagrán speisialta in Éirinn.
Cuireadh tús leis an bpóilíneacht eagraithe in Éirinn go luath sa 19ú haois le bunú Chonstáblacht na hÉireann, agus Phóilíneacht Chathrach Bhaile Átha Cliath, a ghníomhaigh mar fhórsa cathartha neamharmtha i gCathair Bhaile Átha Cliath. Bhí tuairimí difriúla ag muintir na hÉireann faoi Chonstáblacht na hÉireann. Mheas mórán náisiúnaithe go raibh baint aici le riarachán impiriúil na Breataine; chreid siad go raibh sé de nós aici díshealbhuithe a chur i bhfeidhm agus faisnéis a bhailiú. Chuir an Bhanríon Victoria an focal "Ríoga" le teideal na Constáblachta as ucht a cuid iarrachtaí chun deireadh a chur le hÉirí Amach na bhFíníní in 1867. Mar sin féin, bhí baill de Chonstáblacht Ríoga na hÉireann (RIC) fite fuaite go maith sna pobail áitiúla freisin. Bhí baint ag go leor acu leis an bhfeirmeoireacht agus thugaidís faoi thascanna rialtais shibhialta agus áitiúil ar nós an daonáirimh. B'annamh a mbíodh gunnaí á n-iompar ag baill de Chonstáblacht Ríoga na hÉireann cé gurbh fhórsa póilíní armtha í an Chonstáblacht.
Baill de Chonstáblacht Ríoga na hÉireann i bPort Láirge, 1917 (Íomhá le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann)
Nuair a bhris Cogadh na Saoirse amach sa bhliain 1919, bhí sé ina sprioc láithreach ag Óglaigh na hÉireann aghaidh a thabhairt ar Chonstáblacht Ríoga na hÉireann. Bhí sé fíordheacair póilíneacht a dhéanamh ar an ngnáthchoireacht de bharr bhaghcat Óglaigh na hÉireann agus an rialtais shealadaigh, bhunú chúirteanna na Dála agus imeaglú na bhfinnéithe. D'éirigh cúrsaí ní ba mheasa fós de bharr earcú iarshaighdiúirí ón mBreatain Mhór mar chonstáblaí RIC (nó na Dúchrónaigh mar ab fhearr aithne orthu). Ag an am céanna earcaíodh grúpa iar-oifigigh airm de chuid na Breataine mar Rannán Cúnta de Chonstáblacht Ríoga na hÉireann. Fórsa paraimíleata ba ea an Rannán seo a tharraing míchlú orthu féin mar go dtugaidís faoi mharuithe díoltais agus gur chuir siad Cathair Chorcaí trí thine.
Fógraíodh sos cogaidh ar deireadh thiar ar an 11 Iúil 1921. Díscaoileadh Constáblacht Ríoga na hÉireann tar éis shíniú an Chonartha Angla-Éireannaigh in 1922. Rinneadh an Garda Sibhialta di a chéaduair agus rinneadh an Garda Síochána di sa deireadh. Cumascadh Póilíneacht Chathrach Bhaile Átha Cliath leis an nGarda Síochána sa bhliain 1925. Athainmníodh an fórsa póilíneachta i dTuaisceart Éireann mar Chonstáblacht Ríoga Uladh.
Aistríodh roinnt eagráin Éireannacha de The Police Gazette or Hue-and-Cry (ó 1915 go 1922) ó Leabharlann Chaisleán Bhaile Átha Cliath chuig Leabharlann an Oireachtais sna 1920idí. Féadtar amharc ar chóip dhigiteach de The Police Gazette or Hue-and-Cry ón 25 Márta 1921 nó is féidir eagráin eile a chuardach inár gcatalóg. (Ós rud é go bhfuil na comhaid mór, d'fhéadfadh an íoslódáil a bheith mall)
Íomhánna
Tagairtí
Fedorowich, K. (1996) The problems of disbandment: the Royal Irish Constabulary and imperial migration, 1919–29. Irish Historical Studies, 30 (117) Bealtaine, lgh 88–110.
Goodman, J. agus Waddell, B. (1987) The black museum: Scotland Yard’s chamber of crime, Londain, Harrap
Hopkinson, M. (2002) The Irish War of Independence, Baile Átha Cliath, Gill and Macmillan
Leeson, D.M. (2011) The Black and Tans: British police and auxiliaries in the Irish War of Independence, Oxford, Oxford University Press
Pike, A.R. (1978) A Brief History of the Criminal Investigation Department of the London Metropolitan Police. Police Studies: Intnl Review of Police Development, 1 (2) Meitheamh, lgh 22–30.
Feabhra 2018
Is ionann 2018 agus cothrom 320 bliain ó bhásaigh William Molyneux, scríbhneoir, fealsúnaí, eolaí agus comhalta de Pharlaimint na hÉireann i mBaile Átha Cliath. Go gairid sular bhásaigh sé in 1698, d’fhoilsigh sé paimfléad conspóideach dar teideal The Case of Ireland’s being bound by Acts of Parliament in England, Stated.
I rith an dara cuid den 17ú haois, rith Parlaimint Shasana sraith dlíthe a rinne damáiste do thrádáil agus do thráchtáil na hÉireann – trádáil olla go háirithe. Mar gheall ar an rialáil mhéadaithe agus ar an méid a scríobh a chara mór John Locke faoi chearta an duine, rinneadh argóint i bhfoilseachán Molyneaux ar son neamhspleáchas na hÉireann i ndéanamh dlíthe:
“For tis the cause of the whole race of Adam that I argue: liberty seems the inherent right of all mankind.”
Bhí argóint dlí Molyneaux bunaithe ar an mbunús nár tógadh Éire trí choncas in 1172, ach gur ghéill ríthe na hÉireann go toilteanach d'Anraí II, a bhronn cearta orthu ansin le parlaimint reachtúil a bheith acu. Ní raibh aon fhasach, dá bhrí sin, do Pharlaimint Shasana chun na cearta reachtúla fadbhunaithe sin ó lár an 17ú haois a sheachaint. Cé nach raibh sé sin i gceist ag an údar – a raibh argóint á déanamh aige ar son ‘rialtas dúchais’ seachas scaradh ó Shasana – bhí an leabhar an-chonspóideach. Cháin Teach na dTeachtaí i Sasana an foilseachán mar go raibh sé contúirteach, agus rinne iad achainí ar an rí pionós a ghearradh ar Molyneaux, ach níor glacadh aon ghníomh. Fuair sé bás cúpla mí i ndiaidh a fhoilseacháin, i mí Dheireadh Fómhair 1698, agus cuireadh i Séipéal Naomh Audoen i mBaile Átha Cliath é.
Bhí tionchar an tsaothair seo i bhfad níos mó ná mar a bhí Molyneux ag súil leis, agus leanadh dá athchló i rith na haoise ina dhiaidh agus níos deireanaí. Tar éis bhunú Shaorstát Éireann, fuair Leabharlann an Oireachtais cúig chóip den leabhar ó leabharlanna Chaisleán Bhaile Átha Cliath agus ó Oifig na hÉireann i Londain. Léiríonn tagairtí i scríobh agus óráidí ó Éireannaigh Phrotastúnacha mór le rá, lena n-áirítear Jonathan Swift agus Henry Grattan, an tionchar a bhí aige ar an gcomhfhiosacht réabhlóideach a bhí ag éirí níos treise san 18ú haois.
Tagairtí
Kelly, P. H. (2009) Molyneux (Molyneaux), William. In: McGuire, J. agus Quinn, J. eag. Dictionary of Irish Biography. Cambridge, Cambridge University Press.
Kelly, P. (1988) William Molyneux and the Spirit of Liberty in Eighteenth-Century Ireland, Eighteenth-Century Ireland/Iris an Dá Chultúr, 3, lgh.133–148.
Luce, J. V. (1986) William Molyneux of Dublin. Trinity Monday Memorial Discourse, inrochtana ag https://www.tcd.ie/Secretary/FellowsScholars/discourses/discourses/1986a_J%20V%20Luce%20on%20W%20Molyneux.pdf
McBride, I. (2005) The nation in the age of revolution. In: Scales, L. agus Zimmer, O. eag. Power and the Nation in European History. Cambridge: Cambridge University Press, lgh.248–272.
Íomhánna
Leathanach tosaigh phaimfléad 1698
Eanáir 2018
Géarchéim an Choinscríofa
I mí Eanáir 2018, chuireamar cóip de Ireland's Case Against Conscription ar taispeáint. Scríobh Éamon de Valera an doiciméad sa bhliain 1918. Foilsíodh é ar mhaithe le tacaíocht a thabhairt don fheachtas in Éirinn i gcoinne an choinscríofa le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda.
Go luath sa bhliain 1918, bhí easpa trúpaí in arm na Breataine faoi choinne an fhronta thiar agus éilíodh i dTeach na dTeachtaí agus i meáin na Breataine go gcuirfí coinscríobh i bhfeidhm in Éirinn. Diúltaíodh do rún i dTeach na dTeachtaí an 17 Eanáir chun coinscríobh a leathnú a fhad le hÉirinn ach, tar éis ionsaí earraigh na Gearmáine inar baineadh cor coise mór as Arm na Breataine, socraíodh Bille Seirbhíse Míleata nua a thabhairt isteach chun foráil a dhéanamh maidir le leathnú an choinscríofa.
Ritheadh an Bille i mí Aibreáin 1918 agus, mar fhreagairt air sin, eagraíodh léirsithe ar fud na tíre agus síníodh geall i gcoinne an choinscríofa. Tháinig an geall chun cinn de bharr Choiste na hÉireann i gcoinne an Choinscríofa – comhghuaillíocht de phríomhnáisiúnaithe Éireannacha lenar áiríodh Éamon de Valera, John Dillon agus Arthur Griffith. Chuir an beart, ar thacaigh an Eaglais Chaitliceach Rómhánach in Éirinn agus an ghluaiseacht oibreachais leis, in iúl an chaoi ar mhothaigh pobal na hÉireann faoin gcogadh, ar chogadh é a raibh níos mó daoine ag cur ina aghaidh de réir a chéile. Thug eagraíochtaí ban tacaíocht don fheachtas i gcoinne an choinscríofa fosta. Ina measc siúd bhí Cumann na mBan; gheall baill an Chumainn nach nglacfaidís áit na bhfear ar a gcuirfí iallach liostáil san arm.
Íomhánna le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
D'eagraigh agus stiúir na ceardchumainn agus Páirtí an Lucht Oibre ollstailc rathúil i gcoinne an choinscríofa an 23 Aibreán. Toisc go rabhthas chomh mór sin ina éadan, mar a luaitear sa bhailéad seo a bhaineann leis an tréimhse úd, cinntíodh nár cuireadh coinscríobh i bhfeidhm riamh.
Nuair a bhí an feachtas i gcoinne an choinscríofa ag an bpointe ba threise, mhaígh Rialtas na Breataine go raibh fianaise aige ar chomhghuaillíocht idir Sinn Féin agus an Ghearmáin (“an chomhcheilg Ghearmánach” mar a tugadh air). Cé nach bhfuarthas fianaise ar bith ar chomhcheilg den sórt sin riamh, gabhadh ceannaireacht iomlán Shinn Féin beagnach i mí na Bealtaine 1918. Chuir Robert Brennan (a bhí i gceannas ar phoiblíocht Shinn Féin ag an am) an doiciméad atá ar taispeáint in eagar. Luaigh sé sa réamhrá go raibh sé ar intinn ag Éamon de Valera é a leasú sular gabhadh é. Luaigh sé ann freisin: "má tá scaoilteacht le sonrú san fhoclaíocht, tá sí ann mar gur cuireadh isteach ar an leasú sin".
Léitheoireacht bhreise
Crowley, J. Ó Drisceoil. D. agus Murphy, M. (eag.) (2017) Atlas of the Irish Revolution. Féach go háirithe, Travers, P. 'The conscription crisis and the general election of 1918', lgh 323–330, agus Devoy-McAulliffe, F. 'The day when Irish labour found itself: the general strike against conscription', lgh 330–334.
McAuliffe, M (2017), 'The campaign against conscription 1918' in History Ireland (forlíonadh speisialta): 1916–18 Changed Utterly, lgh 46–48.
McCarthy, C. (2014), Cumann na mBan and the Irish Revolution.
Plunkett, H. (1918), Home Rule and Conscription.
Nollaig 2017
Bunreacht na hÉireann agus Bunreacht an tSaorstáit
I mí na Nollag 2017, thaispeánamar athchlónna luatha de Bhunreacht nua-aimseartha na hÉireann, agus a réamhtheachtaí, Bunreacht 1922 an tSaorstáit.
Bunreacht na hÉireann
I mí na Nollag 2017, rinneadh comóradh ar cheithre scór bliain ó tháinig Bunreacht na hÉireann i bhfeidhm tar éis reifrinn ar an 1 Iúil 1937. Fiafraíodh ‘An gceadaíonn tú an dréacht-bhunreacht seo atá mar ábhar ag an reifreann seo?’ agus ritheadh é 57% i gcoinne 43% den vóta (scriosadh 10% de na vótaí).
Ba thogra tábhachtach de chuid Éamoin de Valera a bhí sa Bhunreacht nua ó chuaigh Fianna Fáil i gcumhacht in 1932, agus rinne sé maoirseacht ar an dréachtú a rinne an saineolaí dlí John Hearne agus foireann státseirbhíseach.
Ba léiriú i ndáiríre é an Bunreacht a cruthaíodh dá bharr den náisiúnachas agus den choimeádachas a bhí i réim ag an am, in Éirinn agus i stáit eile na hEorpa (cé go ndearnadh argóintí go raibh gnéithe áirithe de, cosúil leis an aitheantas sainráite don phobal Giúdach, forásach don tréimhse ama sin). Leasaíodh an Bunreacht 34 uair, lena n-áirítear nuair a baineadh amach an tagairt do “seasamh speisialta” na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí (1973) agus an cosc ar cholscaradh (1996) agus leantar den chur is den chúiteamh maidir leis in Éirinn fós inniu.
Bunreacht Shaorstát Éireann
Is coiste (sa ghrianghraf ar dheis) faoi chathaoirleacht Mhichíl Uí Choileáin a scríobh Bunreacht 1922, tar éis an Conradh Angla-Éireannach a shíniú agus suas go dtí na toghcháin i Meitheamh 1922. Ar an gcoiste bhí dlíodóirí, státseirbhísigh, lucht acadúil agus fir ghnó, agus bhuail siad le chéile in Óstán Shelbourne (cé gur cheap an Coileánach gur rabairne mhór é de chuid leaschathaoirleach an choiste Darrell Figgis) agus chuir siad cúpla dréacht le chéile taobh istigh de chúpla mí.
Ba dhoiciméad nuálach é an dréacht a roghnaíodh, a tugadh go Londain i mí na Bealtaine 1922, agus a chuir uafás ar oifigigh na Breataine leis an mbéim láidir a cuireadh ann ar cheannas na hÉireann agus leis an dearbhú ‘Sóivéadach’ déarfá, go raibh úinéireacht réadmhaoine príobháidí ‘íochtarach le hais cheart agus leas poiblí an Náisiúin’. Bhí foráil ann freisin le haghaidh ‘airí seachtracha’, nó oifigigh neamhthofa a bhféadfaí punann roinne a bhronnadh orthu.
Diúltaíodh amach is amach i Londain do na gnéithe ba réabhlóidí, agus níorbh iontas mór é sin, agus maolaíodh go mór ar ghnéithe eile, agus thug Ó Coileáin agus Ó Gríofa doiciméad i bhfad níos laige ar mhaithe leis an gcomhréiteach ar ais go Baile Átha Cliath, áit ar glacadh leis le hAcht na Dála i mí Dheireadh Fómhair 1922.
Bhí an chumhacht chun athruithe a dhéanamh ar Bhunreacht Shaorstát Éireann ag an bparlaimint agus ní ag na daoine (aisiompaíodh é sin i ndoiciméad 1937), agus leasaíodh an Bunreacht 27 uair sna cúig bliana déag a raibh sé ann. Chomh luath is a chuaigh Fianna Fáil i gcumhacht in 1932, thosaigh de Valera ag baint amach na ngnéithe ba mheasa leis an dream a bhí i gcoinne an Chonartha , lena n-áirítear an mionn dílseachta don rí, ceart maidir le hachomhairc na Ríchomhairle, post Sheanascal Shaorstát Éireann (ionadaí an rí in Éirinn), agus go deimhin aon tagairt a rinneadh do rí Shasana ar fud an téacs. Ach fágadh istigh go leor de na gnéithe nach raibh an oiread conspóide fúthu a bhí ina réamhtheachtaí i ndoiciméad 1937.
Tagairtí
Ó Tuama, S. (2011) Revisiting the Irish Constitution and De Valera’s Grand Vision. Irish Journal of Legal Studies, Iml. 2, Uimh. 2, lgh 54–87
Mohr, T. (2008) British Involvement in the Creation of the First Irish Constitution. Dublin University Law Journal, Iml. 30 Uimh. 1, lgh 166–186
Hogan, G, (2012) The 1937 Constitution. Address to the Constitutional Convention. Tras-scríbhinn.