Bunaítear Roghchoiste Bhuan-Ordú 131 (Dáil Éireann) chun fanacht i bhfeidhm go dtí go mbunófaí coistí earnála an 33ú Dáil.
Cuirtear an coiste idirthréimhseach ar bun mar bheart eatramhach chun cumhachtaí an Oireachtais faoi Chonradh Liospóin a fheidhmiú, go háirithe chun a áirithiú go gcloífeadh dréachtghníomhartha reachtacha AE le “prionsabal na coimhdeachta” mar a shainmhínítear faoin gConradh. Tiocfaidh deireadh leis an gcoiste nuair a bhunófar na coistí earnála Oireachtais níos déanaí in 2020.
Ba le glacadh Bhuan-Ordú 131 ón Dáil a bunaíodh an roghchoiste.
Féach Buan-Orduithe Dháil Éireann.
Léigh an rún sa Dáil chun an coiste a bhunú.