Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 8 Nov 1927

Vol. 21 No. 10

ORAL ANSWERS. - IOC CIOSA.

den Aire Iascaigh an bhfuil fhios aige go bhfuair Martin Fahy (Friddane, an Tobar, Gort Inse Guaire) barántas toisc gan a chuid chíosa a íoc Mí Feabhra so caithte; gur íoc sé an cíos agus na costaisí, acht amháin 4/7 ar ar dhein sé dearmhad; nach bhfuair sé aon admháil ón Sirriam acht go dtáinig admháil ghlan ó Coimisiún na Talmhan; agus do dtáinig ceathrar báile anuas air 28-10-27 agus barántas acu agus iad ag iarraidh £2 4s. 7d. air. Cé an fáth nár cuireadh in iúil don fheirmeoir sin go cneasta go raibh 4/7 air agus gan £2 do chostas a chur air, agus an mian leis an Aire an £2 sin a thabhairt thar n-ais dó.

Táthar ag féachaint isteach sa cheist seo. Is éigin, amh, sgríobhadh chun Dlígheadóir an Stáit agus nuair a béidh eolas iomlán agam cuirfead an t-eolas san go dti an Teachta.

Barr
Roinn