Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 9 Nov 1927

Vol. 21 No. 11

CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - OBAIR NA nOLLSCOIL.

D'fhiafruigh

den Aire Airgid cad é an méid den bhreis airgid bhliana do tugadh do na hollscoileanna sa tSaorstát atá dá chaitheamh acu ag soláthar cúrsaí árdléighinn agus cultúir tré Ghaedhilg.

Níl aon Tuairisg fachta ag an Roinn Airgid i dtaoibh an mhéid den deóntas breise a tugadh do Choláiste Bhaile Atha Cliath den Ollsgoil agus do Chólaiste Chorcaighe den Ollsgoil atá dá chaitheamh aca ag soláthar cúrsaí árdléighin agus cultúir tré Ghaedhilg. Tá Coláiste na Gaillimhe den Ollsgoil tar éis cuid dá dheóntas breise do chaitheamh le léigheachtóirí lán-aimsire do cheapadh i (a) Stair, (b) Matamaitice, agus (c) Economaíocht, Tráchtáil agus Cúnntaisíocht agus tá de dhualgas ar an daoine do cheapadh, leigheachtaí tré Ghaedhilg do thabhairt uatha. Na theanta san, cuirfear sgéim speisialta sgoláireachtaí ar bun i gcóir mac léighinn gur cainnteóirí dúthchais iad. Tá aontuithe ag Bord Riartha an Choláiste, mar choingheall a bhaineann leis an ndeontas breise, go ndéanfar gach iarracht, nuair a bhéifear ag soláthar fuirinne don Choláiste pé uair a bhéidh post folamh feasta ar ollamhna agus léigheachtóirí d'fháil a bhéidh ábalta na cúrsaí léighinn do mhúineadh tríd an nGaedhilg.

Barr
Roinn