Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 27 Nov 1990

Vol. 403 No. 1

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Údarás na Gaeltachta.

Dinny McGinley

Ceist:

13 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Taoiseach an bhfuil iarratas aige ó Bhord Údarás na Gaeltachta castáil leo, agus an bhfuil sé ar intinn aige é sin a dhéanamh roimh an chéad chruinniú eile den Bhord a bheidh ann ar 7 Nollaig.

Dinny McGinley

Ceist:

14 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Taoiseach an eol dó go bhfuil géarchéim airgeadais in Údarás na Gaeltachta faoi láthair agus nach féidir leis an mBord breis tograí a ghlanadh de bharr ganntanas airgid.

Tógfaidh mé Ceisteanna a 13 agus a 14 le chéile.

Ar an gcéad dul síos, is mian liom go dtuigfí go soiléir nach bhfuil géarchéim airgeadais ag Údarás na Gaeltachta. Le cúnamh Stáit de bhreis ar £13 mhilliún i mbliana le cur leis an teacht isteach a bhíonn ag an eagraíocht féin, tá dóthain airgid ag an Údarás chun feidhmiú go héifeachtach.

Ar mholadh ón Údarás féin, toilíodh le uasteorainn de £6.2 mhilliún le haghaidh deontas a cheadú i 1990 agus i 1991. Tá an uasteorainn sin sroiste le tamall anuas i leith 1990, rud a chiallaíonn nach féidir leis an Údarás, fad is atá feidhm leis an uasteorainn, tograí de bhreis ar an tsuim sin a cheadú i mbliana. Nuair a bheidh cinneadh déanta ag an Rialtas faoin soláthar airgid a bheidh ar fáil don Údarás ón Stát i 1991, beidh ar an eagraíocht moltaí faoi uasteorainneacha leasaithe le haghaidh deontas a cheadú i 1990 agus 1991 a chur ar aghaidh chugam d'fhonn aontú an Rialtais a lorg dóibh. Ar ndóigh, caithfidh na huasteorainneacha sin freagairt don soláthar airgid a bheidh ar fáil chun deontais a íoc i 1991.

Tá iarratas déanta ag bord an Údaráis ar chruinniú leis an Aire chun ceist na n-uasteorainneacha i leith deontas a cheadú agus soláthar airgid an Údaráis ón Stát le haghaidh 1991 a phlé. Bím toilteanach i gcónaí bualadh leis an Údarás chun cúrsaí a bhaineann le forbairt na Gaeltachta agus cur chun cinn na Gaeilge a phlé. Bhuail mé le cathaoirleach agus príomhfheidhmeannach an Údaráis ar 17 Deireadh Fómhair chun na ceisteanna sin a chíoradh agus bhuail an Taoiseach leis an gcathaoirleach ar 23 Samhain. Ní léir dom go bhfuil gá le cruinniú leis an mbord iomlán chun cur le mo eolas ar an bhfadhb atá cruthaithe cuid mhaith ag an Údarás dó féin agus atáim ag iarraidh a réiteach.

Is é bun agus barr an scéil go bhfuil teorainn leis an méid airgid a dtig leis an Stát a chur ar fáil don Údarás agus ní mór dóibh é sin a thuiscint go soiléir. Is maith an rud é go bhfuil borradh agus fás sa Ghaeltacht i gcaoi go bhfuil go leor tograí tionsclaíocha ag teacht chun cinn ach, leis an iliomad éileamh atá ar an Stát ar airgead le haghaidh forbartha, ní féidir iarratais ó gach eagras a shásamh go hiomlán. Mar sin, caithfidh an tÚdarás cibé céimeanna is gá a ghlacadh feasta trí shocruithe daingne a chur i bhfeidhm le cinntiú go mbeidh ar a chumas maireachtáil leis an soláthar airgid ón Stát, móide cibé teacht isteach a ghineann sé féin.

Agus é sin ráite agam, caithfear a rá, d'ainneoin deacrachtaí airgeadais an Stát Chiste, gur tugadh méadú suntasach don Údarás i mbliana i gcomparáid le 1989 agus go dtig leo bheith ag súil le méadú eile don bhliain seo chugainn. Ní foláir dóibh, áfach, mar atá ráite agam cheana, maireachtáil leis an soláthar sin, cibé suim a bheidh ann.

Tá mé buartha nach dtug Aire na Gaeltachta féin, An Taoiseach, freagra ar an gceist. Ba mhaith liom ceist a chur ar cheachtar agaibh, ar an Aire nó ar an Aire Stáit, ar chas Aire na Gaeltachta, an Taoiseach, ar bhord Údarás na Gaeltachta le trí bliana anuas ar chor ar bith, agus an bhfuil sé ar intinn aige castáil ar bhord Údarás na Gaeltachta fad agus a bheidh sé ina Aire Gaeltachta.

Tá súil agam go mbeidh sé ar intinn aige bualadh leo amach anseo, ach, mar a dúirt mé, chas mé féin leis an chathaoirleach agus an phríomhfheidhmeannach ar an 17 Deireadh Fómhair agus bhí cruinniú againn a mhair breis agus trí huaire a chloig. Chas an cathaoirleach féin ar an Taoiseach, Aire na Gaeltachta, an tseachtain seo caite. Bíonn teagmháil againn lena chéile, mé féin agus Aire na Gaeltachta, an Taoiseach, agus tá a fhios againn na fadhbanna atá sa Ghaeltacht agus táimid ag déanamh ár ndíchill na fadhbanna sin a réiteach.

Caithfidh muid a thuigbheáil go bhfuil 13 bhall ar bhord Údarás na Gaeltachta as gach cearn den Ghaeltacht agus go bhfuil eolas ar leith acu ar na fadhbanna, ní amháin atá san Udarás, ach sa Ghaeltacht féin. Nach síleann an tAire gur mhaith an rud é anois socrú a dhéanamh faoi airgead na bliana seo chugainn, go bhféadfadh an Taoiseach é féin, a bheas istigh sa Rialtas nuair a bheas na socruithe á ndéanamh, bualadh leis an bhord, éisteacht le cad iad na deacrachtaí atá acu agus b'fhéidir go ndéanfaí cinneadh níos fearr ná mar a rinneadh go dtí seo.

B'fhéidir go mbeidh díomá ar an Teachta nuair a bheas an t-eolas seo aige go luath amach anseo. Tá a fhios agam na fadhbanna atá sa Ghaeltacht agus atá ag pobal na Gaeilge sa tír agus, dá bhrí sin, tá a fhios ag an Taoiseach agus ag an Rialtas cad iad na fadhbanna atá ann. Tá idirbheartaíocht ar siúl i láthair na huaire maidir leis seo, agus geallaim don Teachta go bhfuil muidne ag déanamh ár ndíchill chun soláthar breise a chur ar fáil.

Barr
Roinn