Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 14 May 1991

Vol. 408 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Grants to County Kerry Companies.

Dick Spring

Ceist:

5 Mr. Spring asked the Taoiseach if he will (1) list the number of grants which have been paid by Údarás na Gaeltachta to companies in County Kerry since 1987 and (2) the number of persons employed by these companies as at 1991.

Tuigtear ó Údarás na Gaeltachta gur íocadh suim thart ar £1.458 milliún san iomlán i leith 144 thionscal i nGaeltacht Chiarraí sa thréimhse ó 1 Eanáir 1987 to dtí 31 Nollaig 1990. Tá eolas faoi na híocaíochtaí do chuideachtaí ar leith do na blianta 1987 to dtí 1989 le fáil i dtuarascálacha agus cuntais an Údaráis do na blianta sin atá foilsithe. Foilseofar an t-eolas céanna maidir le 1990 i dtuarascáil agus cuntais na bliana sin.

Maidir leis an líon daoine atá fostaithe sna tionscail dá dtagraítear thuas tuigtear ón Údarás go raibh 262 dhuine fostaithe go lánaimseartha agus 233 dhuine go páirtaimseartha/go séasúrach iontu ar 31 Nollaig 1990 — an dáta is déanaí a bhfuil figiúirí fostaíochta ar fáil ina leith.

An bhfuil aon eolas ag an Aire faoi ghrúpa amháin a fuair £30,000 ó Údarás na Gaeltachta ach nach bhfuil aon phoist curtha ar fáil acu?

Ceist ghinearálta a fiafraíodh agus ní féidir liom aon mhioneolas a thabhairt. Ach má chuirtear ceist síos leis na sonraí cuí beidh mé sásta freagra a thabhairt.

Barr
Roinn