Mar gheall ar an gcompánach digiteach seo a ghabhann leis an gclár faisnéise, The Geneva Window: Through a Glass Darkly, tá Ardal O’Hanlon mar threoir againn d’fhonn fiosrú níos doimhne a dhéanamh ar na painéil.
Tá painéil le fáil i saothar Clarke ina léirítear radhairc as saothair Phádraig Mhic Phiarais, Lady Gregory, G.B. Shaw, J.M. Synge, Seumas O’Sullivan, James Stephens, Sean O’Casey, Lennox Robinson, W.B. Yeats, Liam O’Flaherty, George Russell, Padraic Colum, George Fitzmaurice, Seumas O’Kelly agus James Joyce.
Cíor an fhuinneog go mion lenár dtaispeántas idirghníomhach agus féach ar ár bhfíseáin réamheolais faoi choinne gach painéil.
Fiosraigh an fhuinneog
Filíocht tírghráthóra agus dráma páise miotasach
The Wayfarer
Ceannaire ab ea an Piarsach in Éirí Amach 1916 agus chum sé “The Wayfarer” díreach sular cuireadh chun báis é; ní fhéadfaí cuimsiú an phainéil seo a lochtú.
The Story Brought by Brigit
Níltear amhrasach faoi náisiúnachas cultúrtha Lady Augusta Gregoryach an raibh amhras ar dhaoine faoina cúlra sa Chinsealacht Phrotastúnach?
Féach
The Wayfarer | Pádraig Mac Piarais
The beauty of the world hath made me sad,
This beauty that will pass.
Sometimes my heart hath shaken with
great joy...
“traigéide gan bhithiúnaigh” le Shaw
Saint Joan
Siocair go raibh George Bernard Shaw díreach i ndiaidh Duais Nobel na Litríochta a ghnóthú, tá seans maith go raibh gnaoi bhunaíocht na hÉireann air. Ar leor sin chun cúiteamh a dhéanamh ar a nathaíocht ghéar nó a chlaonadh sóisialach?
Féach
Saint Joan | G.B. Shaw
Joan: O God that
madest this beautiful
earth, when will it be ready
to receive Thy Saints? How
long O Lord, how long?
Dráma conspóideach Synge agus tuiscint úr ar dhán O’Sullivan
The Playboy of the Western World
Is ann do dhiabhlaíocht i gcuilceach J.M. Synge ach baineann na dathanna a úsáidtear chun fís Harry den dráma conspóideach a chruthú an bláth de ghotha an scannail.
The Others
Tá dán draíochtúil Seumas O’Sullivan saonta, murab ionann is leagan Clarke de na sióga agus na daoine daonna.
Féach
The Playboy of the Western World | J.M. Synge
Well, the heart's a wonder; and, I'm thinking, there
won't be our like in Mayo, for gallant lovers, from this hour today
Finscéal le hais ceann de na carachtair is so-aitheanta sa litríocht
The Demi-Gods
Tagann aingil eiteacha go hÉirinn chun eirleach a dhéanamh; scéal adhfhuafar fantaiseach arna shamhlú de réir stíl aitheanta Clarke.
Juno and the Paycock
Tugtar léiriú réalaíoch ar Joxer, duine de na carachtair is cáiliúla agus is fearr i litríocht ha hÉireann, i radharc thar a bheith mionsonraithe.
Féach
The Demi Gods | James Stephens
The dark curtain of night moved
noiselessly, and the three angels
stepped nobly in the firelight
Drámaí comhaimseartha ina bhfuil léirithe conspóideacha
The Dreamers
Pléitear le héirí amach míchinniúnach Robert Emmet in 1803 sa dráma seo. Léiriú conspóideach é, b’fhéidir, ar cheannaire leitheadach luascánach seachas moladh do laoch urramach.
The Countess Cathleen
Bhí an dráma seo le Yeats ina ábhar alltachta cionn is go ndíolann Cathleen a hanam leis an áibhirseoir chun beatha a feirmeoirí tionónta a tharrtháil.
Féach
The Dreamers | Lennox Robinson
If I were to die tomorrow all I would ask
from the world would be the charity of its silence.
Croílár mhíchlú Fhuinneog na Ginéive
Mr. Gilhooley
Maidir leis an bpainéal seo, arb é an painéal is conspóidí é b’fhéidir, taispeántar Mr. Gilhooley ag breathnú ar leagan nocht de Nelly a bheag nó a mhór; sreabhann an leabhar agus nádúr conspóideach an údair tríd an bpainéal.
Deirdre
Bhí an t-aon dráma le Russell bunaithe ar an mbanlaoch tragóideach Éireannach, Deirdre an Bhróin agus a leannán, Naoise; is beag coibhneas idir an painéal agus an saothar drámaíochta, de réir dealraimh.
Féach
Mr. Gilhooley | Liam O’Flaherty
She came towards him dancing, moving
the folds of the veil, so that they
unfolded slowly, as she danced.
An dobrón agus an mhire shícideileach in éineacht
A Cradle Song
Tá codarsnacht le sonrú idir an léiriú a dhéantar ar dhobrón bantuathánaigh bhoicht i ndán lena ngabhann téama dorcha agus leagan Clarke den bhean agus fallaing den bhroicéad is fearr á caitheamh aici.
The Magic Glasses
Casann an dobrón in “A Cradle Song” ar an mire shícideileach neamhghnách sa dráma seo le Fitzmaurice; gnáthshuíomh Clarke is ea an méid sin.
Féach
A Cradle Song | Padraic Colum
Mavourneen is going from me
and from you
Where Mary will fold him in
mantle of blue!
Geis agus greann i scéal O’Kelly agus saothar Joyce nach bhfuil an oiread céanna clú air
The Weaver's Grave | Seumas O’Kelly
Gearrscéal adhfhuafar deisbhéalach a bhfuil beocht curtha ann ag Clarke; lán de ghreann agus teannas gnéasach.
James Joyce
B’fhéidir gur smaoinigh Clarke ar Ulysses a chur san áireamh ach bhí sé faoi thoirmeasc cheana féin; ar rogha ní ba shábháilte na línte seo ó chnuasach filíochta Joyce, “Chamber Music”?
Féach
The Weaver’s Grave | Seamus O’Kelly
The widow thought that the world was
strange, the sky extraordinary, the man's
head against the red sky a wonder, a poem
Déan tuilleadh fiosraithe
The Geneva Window: Through a Glass Darkly
Breathnaítear sa chlár faisnéise seo ar an gcaoi ar tháinig an saothar ealaíne ar an bhfód, ar na gnéithe conspóideacha a d’fhág gur dhiúltaigh Rialtas na hÉireann glacadh leis an gcoimisiún dá chuspóir beartaithe agus ar scéal na fuinneoige sna blianta tar éis bhás anabaí Clarke.
Ardal O’Hanlon a chuireann an clár faisnéise i láthair agus tá Gerry Hoban i mbun stiúradh. Tá cómhaoiniú á fháil ó Theilifís an Oireachtais agus ó Choimisiún na Meán faoin gCiste Fuaime agus Físe.
Déan fiosrú ar ealaín Harry Clarke
Aithnítear Harry Clarke mar dhuine de na healaíontóirí gloine daite ba thréithí in Éirinn. Chruthaigh sé de bhreis ar 160 fuinneog dhaite. Tá an mhórchuid díobh le fáil in Éirinn agus timpeall na cruinne.
Amharc ar an léarscáil seo againne chun a fháil amach cá háit a bhfuil fuinneoga daite Harry Clarke
The Wolfsonian-FIU
Tá Fuinneog na Ginéive de chuid Harry Clarke le fáil i Músaem Wolfsonian in Florida, ar músaem é a phléann le nádúr samhlaíoch gríosaitheach an tsaoil nua-aimseartha.
Maidir le The Geneva Window: Through a Glass Darkly agus an leathanach seo, baintear leas as acmhainní arna gcur ar fáil go caoideanach ag Músaem Wolfsonian. Is leis an Músaem Fuinneog na Ginéive agus faightear an uile íomhá le caoinchead ó The Wolfsonian-FIU, Miami, Florida.