Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Saincheisteanna Tráthúla agus Nithe i dTosach Suí

Ar lá suí is féidir le Teachtaí Dála agus le Seanadóirí saincheisteanna plé a ardú a dtabharfaidh Aire freagra orthu. Tugtar Saincheisteanna Tráthúla ar na saincheisteanna seo sa Dáil agus Nithe i dTosach Suí orthu sa Seanad.

Ní mór do Theachtaí Dála fógra a thabhairt don Cheann Comhairle faoi na saincheisteanna is mian leo a tharraingt anuas. Ansin roghnaíonn an Ceann Comhairle ceithre shaincheist lena bplé. I ngach cás déanann an Teachta Dála lena mbaineann ráiteas tosaigh ceithre nóiméad agus bíonn sé de cheart ag an Aire ráiteas ceithre nóiméad a thabhairt mar fhreagra. Ansin, bíonn dhá nóiméad ag an Teachta Dála le haghaidh ráiteas forlíontach agus bíonn dhá nóiméad ag an Aire le haghaidh ráiteas deiridh.

Ní mór do Sheanadóirí fógra a thabhairt don Chathaoirleach faoi na saincheisteanna is mian leo a tharraingt anuas ar lá suí. Roghnaíonn an Cathaoirleach ceithre shaincheist agus féadfaidh an Seanadóir lena mbaineann óráid ceithre nóiméad a thabhairt. I ngach cás, bíonn sé de cheart ag an Aire ráiteas ceithre nóiméad a thabhairt mar fhreagra. Ansin, bíonn nóiméad amháin ag an Seanadóir le haghaidh ráiteas forlíontach agus bíonn nóiméad amháin ag an Aire le haghaidh ráiteas deiridh.

Fiosrúcháin ó na meáin

Garret Farrell
Tithe an Oireachtais
Aonad Cumarsáide
Teach Laighean
Baile Átha Cliath 2

garret.farrell@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn