Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tá ticéid do chamchuairt Oíche Chultúir ar Theach Laighean ar fáil anois

24 Aug 2022, 12.00

Lógó Oíche Chultúir

Tá ticéid do chamchuairteanna Oíche Chultúir ar Theach Laighean ar fáil ó Eventbrite. Tá saorchead isteach, ach ní mór na ticéid a chur in áirithe roimh ré.

Fágfaidh camchuairteanna ar Theach Laighean gach 10 nóiméad ó 5 pm go dtí 9.40 pm Dé hAoine, 23 Meán Fómhair.

Is é Seanad100 téama na bliana seo. I dteannta le dlísheomraí na Dála agus Sheanad Éireann, tá taispeántais speisialta faoi Ghuthanna na Mionlach, Athruithe Ollmhóra, Mná sa Seanad agus Guthanna an Tuaiscirt chomh maith le píosaí a shamhlaítear leis an Seanad le deich mbliana anuas.

Cén chaoi le ticéid a chur in áirithe
Is féidir ticéid do chamchuairteanna a chur in áirithe ar ár leathanach Eventbrite. Tá camchuairteanna ar fáil i mBéarla, i nGaeilge agus i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann. Is féidir 4 thicéad a chur in áirithe ar a mhéad in aghaidh gach áirithinte.

 

Barr
Roinn