Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Doirse Theach Laighean ar oscailt do Theach Oscailte 2023

14 Sep 2023, 08.30

An taobh istigh de sheomra i dTeach Laighean agus solas na gréine ag teacht isteach trí fhuinneog. Tá tábla fada agus cathaoireacha sa seomra.

Tá lúcháir ar Thithe an Oireachtais páirt a ghlacadh arís in Teach Oscailte, féile ina ndéantar ceiliúradh ar ailtireacht agus ar dhearadh uirbeach den scoth agus ar na daoine a chuireann le cruthú Bhaile Átha Cliath tógtha.

Reáchtálfar turais idir Dé hAoine, an 13 Deireadh Fómhair agus Dé Domhnaigh, an 15 Deireadh Fómhair. Is éigean na ticéid a chur in áirithe roimh ré. Féadfar turais a fháil i mBéarla nó i nGaeilge. Cuirfear turais ar fáil i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann freisin, rud a chuireann an-áthas orainn. Is féidir ceithre thicéad, ar a mhéad, a chur in áirithe in aghaidh gach áirithinte.

Cuir in áirithe | Dé hAoine - turais i mBéarla (ina bhféadfar TCÉ a roghnú)
Cuir in áirithe | Dé hAoine - turas i nGaeilge
Cuir in áirithe | Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh - Béarla amháin
Cuir in áirithe | Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh - TCÉ
  • Tá cead isteach saor in aisce ach is gá ticéad a chur in áirithe roimh ré.
  • Is trí bhealach isteach Shráid Chill Dara amháin a bheifear in ann an t-ionad a bhaint amach.

Tugaimid cuireadh do chuairteoirí páirt a ghlacadh inár dturais threoraithe ar sheomraí na Dála agus an tSeanaid. Ní fheictear an chuid seo den fhoirgneamh rómhinic agus is iontach an deis é seo chun léargas a fháil ar áilleacht agus ar stair an fhoirgnimh, foirgneamh a athchóiríodh le blianta beaga anuas. Beidh rud éigin ann don uile dhuine ag an Teach Oscailte i dTeach Laighean agus táimid ag tnúth le bualadh le teaghlaigh agus le cuairteoirí, idir óg agus aosta, agus táimid ag dréim le deireadh seachtaine den scoth.

Féile ailtireachta saor in aisce é Teach Oscailte. Beidh sí ar siúl ar fud na cathrach i mí Dheireadh Fómhair agus reáchtálfar turais threoraithe, scannáin, taispeántais agus imeachtaí lena linn. Féach ar a mbeidh ar siúl i mbliana.

Maidir le Teach Laighean

Is é Teach Laighean suíomh Thithe an Oireachtais (parlaimint náisiúnta na hÉireann), mar atá, Dáil Éireann agus Seanad Éireann. Thóg Iarla Chill Dara, James FitzGerald, Teach Laighean i lár an 18ú haois. Cheannaigh Stát na hÉireann Teach Laighean sa bhliain 1924 chun áras a thabhairt do Dháil agus do Sheanad an Stáit nua. Sa lá atá inniu ann, tá Teach Laighean i lár mórláthair foirgneamh a dhéanann freastal ar ghnó na parlaiminte, ar ionadaithe poiblí agus ar an bhfoireann.

Barr
Roinn