Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tugann an Ceann Comhairle ómós d’Ailbhe Mac Raghnaill

21 Lún 2014, 15:41

Déanann an Ceann Comhairle a chomhbhróin a thairiscint thar ceann na Dála do theaghlach agus do chairde an Iar-Thaoisigh Ailbhe Mac Raghnaill, a fuair bás ar maidin agus é 81 bliana d’aois.

21 Lúnasa 2014

Deir an Ceann Comhairle Seán Ó Bairéad TD: “Is le fíor-bhrón a bhfuair mé fios faoi bhás Ailbhe Mac Raghnaill ar maidin. Toghadh an tUasal Mac Raghnaill don Dáil den chéad uair mar Theachta Dála don dáilcheantar An Longfort/An Iarmhí i 1977 agus thug sé dea-sheirbhís in Aireachtaí éagsúla sular toghadh é mar Thaoiseach i 1992. Nuair a bhí sé ina Thaoiseach, d’úsáid sé na scileanna iomadúla polaitiúla a bhí aige le go gcothófaí síocháin bhuan ar an oileán seo againne, inar leagadh amach clocha tógála Chomhaontú Aoine an Chéasta.

“Beidh cuimhne air timpeall Theach Laighean le gean mar dhuine a bhí croíúil, tiomanta don obair agus mar pharlaiminteoir a bhféadfaí dul i dteagmháil leis gan dua, agus a thaispeáin misneach ollmhór le linn a thionachta mar Thaoiseach inar cuireadh dlús le próiseas na síochána. Thar ceann Chomhaltaí Dháil Éireann agus thar mo cheann féin, ba mhaith liom mo chombhrón ó chroí a dhéanamh lena theaghlach agus leis an iliomad dá chairde.”

Críoch

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh le:

Paul Hand,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2

Guthán: +3531 618 4484
Fón Póca: +353 87 694 9926
paul.hand@oireachtas.ie

Barr
Roinn