Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tá an Coiste Talmhaíochta lena phléití maidir leis an mBille um Rásaíocht Capall Éireann a chur i gcrích

15 MFómh 2014, 15:38

Cuirfidh an Comhchoiste Oireachtais um Thalmhaíocht, Bia agus Muir a ghrinnscrúdú réamhreachtach ar an mBille um Rásaíocht Capall Éireann (Leasú), 2014 i gcrích amárach. Déanfaidh ionadaithe ón Turf Club, ó Bhord na gCon agus ón Association of Irish Racecourses an Coiste a aitheasc.

15 Meán Fómhair 2014

Leanann an rannpháirtíocht cruinnithe roimhe seo idir an Coiste agus réimse leas sealbhóirí roimh shos an tsamhraidh.

Tá sé i gceist go ndéanfar leasú agus leathnú ag an mBille seo ar an Acht um Thionscal Rásaíochta Capall na hÉireann, 1994, ar an Acht um Rásaíocht Capall agus Con, 2001, ar an Acht um Leigheasanna Ainmhithe, 1993, agus chun rialachas agus riarachán maith laistigh de thionscal rásaíochta capall na hÉireann a chur chun cinn agus nithe gaolmhara.

Faigh an Dréacht-Scéim Ghinearálta trí shuíomh idirlín na Roinne Talmhaíochta suíomh idirlín.

Deir Cathaoirleach an Choiste Aindrias Ó Dubhaill TD: “Cuirfimid críoch amárach leis an ngrinnscrúdú réamhreachtach ar phíosa reachtaíochta tábhachtach i dtaca le tionscal rásaíochta capall na hÉireann. Le leasú agus leathnú a dhéanamh ar líon Achtanna áirithe, leagtar amach ag an mBille seo go ndéanfar athchóiriú ar ról agus feidhmeanna Rásaíochta Capall Éireann, an comhlacht a bhfuil freagracht aige i ndáil le rásaíocht chapall ar oileán na hÉireann. Tar éis pléití mionsonraithe a bheith againn le leas-shealbhóirí ríthábhachtacha eile roimh shos an tsamhraidh, táimid ag súil go mór le rannpháirtíocht fadréimseach ar an mBille leis an Turf Club, le Bord na gCon agus leis an Association of Irish Racecourses”.  

Beidh an cruinniú ar siúl amárach an Mháirt 16 Meán Fómhair 2014 ag 2pm i Seomra Coiste 3, LH 2000. Beidh sé ar fáil beo ar Chainéal Oireachtais UPC 207 agus is féidir é a fheiceáil ar líne anseo.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil le linn duit bheith ag taisteal trí Aip Fóin Chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.

CRÍOCH

Féach ar Chomhaltas an Choiste.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh le:
Paul Hand,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
Guthán: +3531 618 4484
Fón Póca: +353 87 694 9926
paul.hand@oireachtas.ie

Barr
Roinn