Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Déanfaidh an Coiste Airgeadais scéimeanna árachais morgáiste a phlé

26 Samh 2014, 14:51

Beidh scéimeanna árachais morgáiste ar chlár oibre an chruinnithe den Choiste um Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú

26 Samhain 2014

Is mar seo a leanas a bheidh sceideal an chruinnithe:

Seisiún A: 10am.
Ionadaithe ó Arch Mortgage Insurance; Genworth Mortgage Insurance Europe; agus JLT Insurance Brokers Ltd.

Seisiún B: 2pm
Brendan Burgess ó Askaboutmoney.com, Karl Deeter, Irish Mortgage Brokers; Paul Joyce, Senior Policy Researcher, FLAC; an Dr Ronan Lyons, Eacnamaí, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Ross Maguire, Abhcóide Sinsir, New Beginning.  

Deir Cathaoirleach an Choiste Liam Ó Tuama: “Tá mórán airde tugtha le déanaí do na rialacha nua atá beartaithe ag an mBanc Ceannais i ndáil le héarlaisí morgáiste le roinnt ábhair imní léirithe go bhféadfadh siad ceannach teach a dhéanamh níos deacra do go leor daoine. Úsáideadh scéimeanna árachais mhorgáiste i roinnt tíortha le go gcumasófar iasachtaithe airgeadas a fháil le haghaidh tithíochta gan an méid iomlán a choigilt a bheadh ar shlí eile curtha faoi deara ag na hiasachtóirí nó ag a rialtóirí. I bhfianaise moltaí an Bhainc Cheannais, tá sé tráthúil go ndéanfaimid breithniú ar shaincheist scéimeanna árachais morgáiste agus conas a bhféadfadh feidhm a bheith acu maidir le hÉirinn. Beidh plé againn amárach ó thaobh an thomhaltóra agus an tionscail.”

Beidh an cruinniú ar siúl ag 10am Déardaoin, 27 Samhain, 2014 i Seomra Coiste 3.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil ar líne anseo.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil le linn duit bheith ag taisteal trí Aip Fóin Chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh le:

Ciaran Brennan,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2

Guthán: +3531 618 3903
Fón Póca: +086-0496518
F: +3531 618 4551

Comhaltas an Choiste

Teachtaí

Tomás de Barra, Fine Gael
Risteard Buíd Bairéid, People Before Profit,
Ciarán Ó Canáin, Fine Gael
Micheál Ó Críod, Fine Gael
Piaras Ó Dochartaigh, Sinn Fein
Regina Doherty, Fine Gael
Stephen Donnelly, Neamhspleách
Tadhg Ó Dubhlaoigh, Fianna Fáil
Ailín Ó Fearghail, Fine Gael
Seán Ó Pléamonn, Fianna Fáil
Pól Ó Murchú, An Páirtí Sóisialach
Mary Lou McDonald, Sinn Fein
Ciarán Ó Loingsigh, An Lucht Oibre
Micheál Mac Craith, Fianna Fáil
Ciarán Ó Dónaill, Fine Gael
Ciara Ní Chonbhuí, An Lucht Oibre
Pádraic Ó Coinín, An Lucht Oibre
Art Mac an Earraigh, An Lucht Oibre
Brian Stanley, Sinn Féin
Liam Ó Tuama, Fine Gael
Brian Breathnach, Fine Gael

Seanadóirí

Sean D Barrett
Tomás Ó Broin
Pól Ó Cochlain
Micheál Ó Dorcmaí
Aideen Hayden
Tomás Ó Siocháin

Barr
Roinn