Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Láithreoidh Oifig na nOibreacha Poiblí os comhair an Choiste Airgeadais

9 Noll 2014, 12:57

Beidh forléargas ar oibríochtaí agus feidhmiú Oifig na nOibreacha Poiblí ar chlár oibre an Choiste um Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú amárach, Dé Céadaoin, 10 Nollaig 2014.

9 Nollaig 2014

Deir Dr Liam Ó Tuama TD Cathaoirleach an Choiste: “Bainistíonn agus cothabhálann Oifig na nOibreacha Poiblí punann mhaoine an Stáit, tá freagracht aici maidir le reáchtáil ó la go lá a dhéanamh ar na Séadchomharthaí Náisiúnta agus ar na hIonaid Náisiúnta Ionad Réadmhaoine Stairiúla go léir agus is í an ghníomhaireacht tús-áite i ndáil le priacal tuile a bhainistiú in Éirinn. Beimid ag bualadh amárach le hionadaithe ó Oifig na nOibreacha Poiblí le forléargas ar oibríochtaí agus ar fheidhmiú na heagraíochta a fháil. Mar aon le forléargas ar Oifig na nOibreacha Poiblí a fháil, is deis í freisin do chomhaltaí nithe a phlé ar nós an mhaoinithe d’fhoirgnimh phoiblí agus straitéis OOP chun líon na gcuairteoirí chuig séadchomharthaí agus maoine náisiúnta a mhéadú maille le huasdátú ar bhainistiú priacail tuile agus ar an mbeartas i leith bainistiú priacail tuile go háirithe maidir le damáiste stoirmeacha an gheimhridh a fháil.”

Beidh an cruinniú seo ar siúl ag 2pm Dé Céadaoin, Nollaig, 2014 i Seomra Coiste 4.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil ar líne anseo.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil le linn duit bheith ag taisteal trí Aip Fóin Chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh le:

Ciaran Brennan,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2

Guthán: +3531 618 3903
Fón Póca: +086-0496518
F: +3531 618 4551

Comhaltas an Choiste

Teachtaí

Tomás de Barra, Fine Gael
Risteard Buíd Bairéid, People Before Profit,
Ciarán Ó Canáin, Fine Gael
Micheál Ó Críod, Fine Gael
Piaras Ó Dochartaigh, Sinn Fein
Regina Doherty, Fine Gael
Stephen Donnelly, Neamhspleách
Tadhg Ó Dubhlaoigh, Fianna Fáil
Ailín Ó Fearghail, Fine Gael
Seán Ó Pléamonn, Fianna Fáil
Pól Ó Murchú, An Páirtí Sóisialach
Mary Lou McDonald, Sinn Fein
Ciarán Ó Loingsigh, An Lucht Oibre
Micheál Mac Craith, Fianna Fáil
Ciarán Ó Dónaill, Fine Gael
Ciara Ní Chonbhuí, An Lucht Oibre
Pádraic Ó Coinín, An Lucht Oibre
Art Mac an Earraigh, An Lucht Oibre
Brian Stanley, Sinn Féin
Liam Ó Tuama, Fine Gael
Brian Breathnach, Fine Gael

Seanadóirí

Sean D Barrett
Tomás Ó Broin
Pól Ó Cochlain
Micheal Ó Dorcmaí
Aideen Hayden
Tomás Ó Siocháin

Barr
Roinn