Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Déanann an Coiste Gnóthaí Eachtracha a dhlúthpháirtíocht le muintir na Fraince tar éis lámhach Pháras a chur in iúl

8 Ean 2015, 14:04

Tá Cathaoirleach An Chomhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Eachtracha agus Trádáil Pádraig Ó Briain TD tar éis dlúthpháirtíocht a chur in iúl le muintir na Fraince tar éis ionsaí sceimhlitheoireachta den lá inné ag oifigí Charlie Hebdo.

8 Eanáir 2015

Tá an Teachta Pádraig Ó Briain tar éis scríobh chuig Ambasadóir na Fraince go hÉirinn, A O. Jean-Pierre Thébault le comhbhrón an Choiste Oireachtais a chur in iúl leis na híospartaigh agus a dteaghlaigh agus a gcairde agus lena dhlúthpháirtíocht a thabhairt do mhuintir na Fraince thar ceann Chomhaltaí an Choiste.

Deir Teachta Ó Briain: “Tá an t-ionsaí cradhscalach a rinneadh inné ar oifigí Charlie Hebdo, inar maraíodh 12 duine, le cáineadh go fíor-neamhbhalbh. Ba ghníomh barbartha é seo in aghaidh eagarthóirí, iriseoirí, agus cartúnaithe an t ionsaí seo ar ionsaí é freisin ar luachanna uilechoiteanna na saoirse cainte agus na saoirse tuairimí a nochtadh. Thar ceann Chomhaltaí an Choiste, scríobh mé
chuig Ambasadóir na Fraince i mBaile Átha Cliath lenár gcomhbhrón a chur in iúl do theaghlaigh na n-íospartach agus lenár dlúthpháirtíocht a thabhairt do mhuintir na Fraince sa tréimhse anróiteach seo.”

CRÍOCH/   

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh le:
Paul Hand,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
Guthán: +3531 618 4484
Fón Póca: +353 87 694 9926
paul.hand@oireachtas.ie

An Coiste um Ghnóthaí Eachtracha agus Tráchtáil

Teachtaí

Pádraig Ó Briain, (Fine Gael) Cathaoirleach
Eric Ó Broin, (An Lucht Oibre)
Brian Mac Dhurcáin (Fine Gael) Leas-Chathaoirleach
Seán Mac Concradha (Sinn Féin)
Oilivia Mistéil, (Fine Gael)
Ruairí Ó Cuinn (An Lucht Oibre)
Dónal Ó Niaidh, (Fine Gael)
Breandán Mac Gabhann, (Fianna Fáil)
Máirín ní Shuilleabháin, Neamhspleách

Seanadóirí

Marcus O Dalaigh, (Fianna Fáil)
Lorraine Ní hUiginn, (An Lucht Oibre)
Micheál Ó Maoláin, (Fine Gael)
David Norris, (Neamhspleách)
Seámus Breathnach, (Fianna Fáil) 

Barr
Roinn