10 Feabh 2015, 11:49
Déanfaidh an Roghfhochoiste um Chaiteachas Poiblí agus Athchóiriú na meastacháin athbhreithnithe 2015 i gcomhair seirbhísí poiblí a bhreithniú leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Breandán Ó Húilín TD agus leis an Aire Stáit Síomón Ó hEarchaí TD.
10 Feabhra 2015
Cuirfear tús leis an rannpháirtíocht le grinnscrúdú ar na Meastacháin d’Oifig na nOibreacha Poiblí, ar fiú beagnach €370 milliún é, le hAire Stáit Uí hEarchaí ag 2pm:
Ag 4:30pm buailfidh an Coiste le hAire Uí Húilín chun na meastacháin seo a leanas a bhreithniú:
Vóta 11 (Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú) - €40.6 milliún;
Vóta 12 (Liúntais Aoisliúntais agus Scoir) - €370.00milliún;
Vóta 14 (An tSaotharlann Stáit) - €8.00 milliún;
Vóta 15 (An tSeirbhís Shicréideach)- €1.0 milliún;
Vóta 16 (An Oifig Luachála) - €9.1 milliún;
Vóta 17 (An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí) - €8.2 milliún;
Vóta 18 (Seirbhísí Comhroinnte) - €39.0 milliún;
Vóta 19 (Oifig an Ombudsman) - €8.7 milliún agus
Vóta 39 (An Oifig um Shainfháil Rialtais - €19.0 milliún.
Beidh an cruinniú ar siúl amárach Dé Céadaoin11 Feabhra i Seomra Coiste 4, LH 2000, ag 2pm.
Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil beo anseo.
Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil le linn duit bheith ag taisteal trí Aip Fóin Chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh le:
Paul Hand,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
Guthán: +3531 618 4484
Fón Póca: +353 87 694 9926
paul.hand@oireachtas.ie
Comhaltas an Roghfhochoiste
Teachtaí
Tomás de Barra, Fine Gael
Ciarán Ó Canáin, Fine Gael
Micheál Ó Críod, Fine Gael
Regina Doherty, Fine Gael
Stephen Donnelly, Neamhspleách
Seán Ó Pléamonn, Fianna Fáil
Mary Lou McDonald, Sinn Fein
Art Mac an Earraigh, Páirtí an Lucht Oibre
Liam Ó Tuama, Fine Gael (Cathaoirleach)