Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Éistfidh an Coiste um Fhorbairt Réigiúnach le heagraíochtaí sóisialta maidir le pobail tuaithe inmharthanacha a chothú

22 Samh 2016, 10:28

Leanfaidh an Coiste um Fhorbairt Réigiúnach, Gnóthaí Tuaithe, Ealaíona agus Gaeltacht lena chuid éisteachtaí maidir le pobail tuaithe inmharthanacha a chothú amárach, Dé Céadaoin, 23 Samhain 2016, nuair a bheidh cruinniú aige le roinnt eagraíochtaí a bhfuil dlúthbhaint acu le pobail tuaithe.

Is é an Sceideal le haghaidh chruinniú an lae amárach:

Seisiún A: Cumann Lúthchleas Gael; Bantracht na Tuaithe; Cumann Bhothán na bhFear in Éirinn; agus Nasc Tuaithe na hÉireann.

Seisiún B: Fóram Chonamara; Macra na Feirme; agus Teagasc – An tÚdarás Forbartha Talmhaíochta agus Bia.

Arsa Cathaoirleach an Choiste, Peadar Tóibín: “Beidh cruinniú ag an gCoiste amárach le roinnt grúpaí a bhfuil dlúthbhaint acu leis an saol sóisialta, cultúir agus eacnamaíoch i mbailte agus i bpobail tuaithe ar fud na tíre agus ról fíorthábhachtach acu ann. Baineann fíorthábhacht leis na heagraíochtaí sóisialta maidir le pobail a nascadh le chéile, fóraim a sholáthar chun go mbuailfidh daoine le chéile agus caidreamh sóisialta a bheith acu le chéile, agus cabhair a thabhairt chun aghaidh a thabhairt ar an aonrú agus ar an imeallú. Agus sinn ag leanúint lenár ndíriú ar a bhfuil ag teastáil chun pobal tuaithe inmharthanach a chothú, táimid ag súil le héisteacht le heagraíochtaí ar minic dóibh a bheith i gcroí an phobail i mbailte, i sráidbhailte agus i bparóistí ar fud na hÉireann agus a léargais agus a ndearcadh siúd a fháil maidir leis na bearta is gá chun pobail tuaithe a fhorbairt, a neartú agus a chur ag fás.”

Tosóidh an cruinniú seo ar 9 a.m., amárach, Dé Céadaoin, 23 Samhain 2016 i Seomra Coiste 4, Teach Laighean. Is féidir féachaint ar imeachtaí an choiste ag an nasc seo.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil le linn duit a bheith ag taisteal trí Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.

CRÍOCH/

Fiosrúcháin ó na Meáin:

Ciaran Brennan,
An tAonad Cumarsáide,
Tithe an Oireachtais,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2.
Guthán: +353 1 6183903
Fón Póca: +353 86 0496518
Facs: +3531 618 4551

Barr
Roinn