Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Pleananna do Raidió Rí-Rá faoi chaibidil ag Coiste na Gaeilge

7 Feabh 2017, 10:04

Tabharfaidh bainisteoir Raidió Rí-Rá, Niamh Ní Chróinín, cur i láthair do Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, Dé Máirt, an 7 Feabhra 2017.

Is éard is ábhar don chruinniú Raidió Rí-Rá a fhorbairt mar stáisiún FM lánaimseartha a bheidh dírithe ar dhaoine óga agus a bheidh ar fáil ar fud an oileáin, ar FM agus ar a oiread léibheann agus is féidir.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile TD: “Tá go leor dul chun cinn déanta ag Raidió Rí-Rá ó bunaíodh é in 2008.  Tá an stáisiún le cloisteáil ó shin ar www.rrr.ie agus, le trí bliana anuas, ar DAB i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh.  Tá sé ar fáil freisin ar an bhfeidhmchlár Seinnteoir agus ar fheidhmchlár Raidió Rí-Rá.  Tá foireann mhór ag an stáisiún agus craoltar cláir bheoga air a bhíonn lán le ceol ó na cairteacha.  Tá méadú ag teacht ar líon na gclár beo agus tá an-éileamh ar phodchraoltaí mar mheán teagaisc.

“Ó bunaíodh é, tá tacaíocht tugtha ag TG4 don Ghaeilge ar fud na tíre trí mheán na teilifíse agus tá níos mó muiníne ag lucht labhartha na Gaeilge dá bharr.  Is é an chéad chéim eile san obair mhaith seo stáisiún raidió lánaimseartha Gaeilge a bheith ann atá dírithe ar dhaoine óga.  Deir foireann Raidió Rí-Rá go bhfuil siad ullamh chun tabhairt faoin dúshlán seo ach go dteastaíonn tacaíocht na n-údarás cuí uathu chun a spriocanna a bhaint amach.  Tá plean céimnithe trí bliana ag Raidió Rí-Rá ina léirítear conas stáisiún raidió lánaimseartha a bhunú.  Déanfaidh an Coiste plé ar an bplean seo.”

Beidh an cruinniú seo ar siúl i Seomra Coiste 4 ar 5 p.m. , Dé Máirt, an 7 Feabhra 2017.

Is féidir féachaint ar imeachtaí beo an Choiste anseo.


Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil le linn duit a bheith ag taisteal chomh maith ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.


Barr
Roinn