Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Iarrann Coiste na Gaeilge ar OÉ Gaillimh athmhachnamh a dhéanamh ar an gcinneadh nach gá go mbeadh líofacht sa Ghaeilge ag uachtaráin sa todhchaí

18 Aib 2017, 11:09

Iarrann Coiste na Gaeilge ar OÉ Gaillimh athmhachnamh a dhéanamh ar an gcinneadh nach gá go mbeadh líofacht sa Ghaeilge ag uachtaráin sa todhchaí

Scríobh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán chuig Ollscoil na hÉireann, Gaillimh chun a iarraidh ar an Údarás Rialála athmhachnamh a dhéanamh ar an gcinneadh a rinne sé nach gá go mbeadh líofacht sa Ghaeilge ag Uachtaráin de chuid na hOllscoile sa todhchaí.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile TD: “Déanaim tagairt do láithreacht ionadaithe ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ag cruinniú de Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán den Oireachtas ar an 4 Aibreán 2017.

“Ag an gcruinniú sin, phléigh an Coiste an t-ábhar ‘Uachtarán na hOllscoile, Gaillimh agus an gá go mbeadh líofacht sa Ghaeilge ar cheann d’inniúlachtaí an té a shealbhaíonn an oifig sin’ leis na hionadaithe ón Ollscoil.

“I ndiaidh an phlé sin, chomhaontaigh an Coiste scríobh chuig Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus a iarraidh uirthi athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh a rinne Údarás na hOllscoile fáil réidh leis an riachtanas go mbeadh líofacht sa Ghaeilge ag an té a cheapfaí mar Uachtarán na hOllscoile sa todhchaí.  Chomhaontaigh an Coiste cóip den taifead oifigiúil den Seisiún Poiblí den chruinniú ar an 4 Aibreán 2017, a bhain leis an gcinneadh sin, a thabhairt don Ollscoil.  Chomhaontaigh an Coiste a iarraidh ar an Ollscoil an taifead a scaipeadh ar gach uile chomhalta den Údarás agus ar aon duine eile a raibh páirt aige nó aici sa chéad chinneadh agus a mbeadh páirt aige nó aici san athbhreithniú a mholtar.”

CRÍOCH/

Barr
Roinn