Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Leanfaidh an Coiste um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta lena chuid éisteachtaí maidir le pobail tuaithe a chothú

25 Aib 2017, 15:00

Leanfaidh an Coiste um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta lena chuid éisteachtaí maidir le pobail tuaithe a chothú

Leanfaidh an Coiste um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta lena chuid éisteachtaí maidir le pobail tuaithe inmharthana a chothú amárach, Dé Céadaoin, an 26 Aibreán 2017.

Seisiún A: 2.15 p.m.  (i) Ionadaithe ó Eagraíocht Táirgeoirí Éisc Dheisceart agus Iarthar na hÉireann Teoranta
(ii) Ionadaithe ó Eagraíocht Iascairí na gCealla Beaga
Seisiún B: 4.30 p.m.  (i) Plé le Rose McHugh, Cathaoirleach ainmnithe Dhánlann Crawford.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Peadar Tóibín: “Sa chéad chuid dár gcruinniú amárach, beidh an Coiste um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta ag díriú ar na saincheisteanna atá ann do phobail iascaireachta agus do phobail an chósta.

“Gheobhaimid tuairimí Eagraíocht Táirgeoirí Éisc Dheisceart agus Iarthar na hÉireann Teo., a bunaíodh in 1995 chun ionadaíocht a dhéanamh d’iascairí ar chósta an deiscirt agus an iarthair. Soithí éisc ghil idir 12m agus 30m atá san eagraíocht go príomha. Beimid ag bualadh le hEagraíocht Iascairí na gCealla Beaga freisin.

“Agus muid ag díriú i gcónaí ar a dteastaíonn chun pobal tuaithe inmharthana a chothú, tá sé tábhachtach go gcaithfimid súil ar na saincheisteanna ar leith a bhaineann leis na pobail iascaireachta ar an gcósta chun léargas a fháil uathu ar cad iad na bearta is gá a dhéanamh chun na pobail sin a fhorbairt, a neartú agus a fhás.”

“Sa dara cuid dár gcruinniú, beidh Rose McHugh, Cathaoirleach ainmnithe Dhánlann Crawford, os ár gcomhair. Foras cultúir náisiúnta agus iarsmalann ealaíne réigiúnach do Chúige Mumhan is ea Dánlann Crawford, agus díríonn an dánlann sin ar na hamharcealaíona, idir shean agus nua. Tá breis agus 2,500 saothar ealaíne sa bhailiúchán buan, a chuimsíonn saothair phéintéireachta agus dhealbhóireachta de chuid na hÉireann agus na hEorpa ón 18ú haois suas go dtí fís-suiteáin ón lá inniu. Is éard atá i ngach pobal meascán de ghnéithe éagsúla agus tabharfaidh an cruinniú seo deis dúinn féachaint ar an tábhacht a bhaineann le gníomhaíochtaí ealaíon agus cultúir do phobail áitiúla agus ar an gcaoi ar féidir leas a bhaint as na healaíona chun pobail tuaithe a fheabhsú.”

Tosóidh an cruinniú ar 2.15pm, amárach, Dé Céadaoin, an 26 Aibreán, 2017, i Seomra Coiste 4, Teach Laighean. Is féidir féachaint ar imeachtaí beo an Choiste anseo.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil le linn duit a bheith ag taisteal chomh maith trí fheidhmchlár fóin chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.

CRÍOCH/

Barr
Roinn