Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Straitéis 20 Bliain á plé ag Coiste na Gaeilge leis an Aire

2 Beal 2017, 10:05

Beidh cruinniú ag Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán leis an Aire Stáit um Ghnóthaí Gaeltachta agus Acmhainní Nádúrtha, Seán Ó Cadhain TD, inniu, Dé Máirt, an 2 Bealtaine 2017, chun plé a dhéanamh ar an bplean infheistíochta a chomhaontaigh 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta mar thacaíocht leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.


Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile TD: “Tá seacht mbliana den Straitéis 20 Bliain caite anois, agus is laghdú, seachas méadú, atá tagtha ar líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge. Is mór an chúis imní don Choiste nach bhfuil aon dul chun cinn déanta maidir le haidhmeanna na Straitéise 20 Bliain a bhaint amach, agus creidimid gur gá gníomhú láithreach, trí infheistiú a dhéanamh i measc rudaí eile, chun an Ghaeltacht a chosaint, chun fostaíocht a chothú sa Ghaeltacht agus chun a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge fós beo beathach sa Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht.

“Ina theannta sin, déanfaidh an Coiste plé ar an tuarascáil dar teideal ‘Tráchtaireacht ar Chóras na Scéimeanna Teanga’ a d’fhoilsigh an Coimisinéir Teanga i mí Aibreáin, 2017, agus a phléigh sé leis an gCoiste le déanaí. Tá an-díomá ar an gCoiste gur theip ar na Scéimeanna Teanga an sprioc a bhí leo maidir le comhlachtaí poiblí do sholáthar seirbhísí sásúla dátheangacha don phobal a bhaint amach. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil na gealltanais a leagadh amach i gcuid mhór de na Scéimeanna Teanga gan chomhlíonadh. Is léir nár éirigh leis na Scéimeanna Teanga agus nach bhfuil ag éirí leo, agus, dá bhrí sin, is mithid athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil comhlachtaí poiblí ag comhlíonadh a ndualgas ina thaobh seo.”

Tosóidh an cruinniú ar 5 p.m. inniu, Dé Máirt, an 2 Bealtaine 2017 i Seomra Coiste 4.

Is féidir féachaint ar imeachtaí beo an Choiste anseo:
www.oireachtas.ie/parliament/watchlisten/watchlive/committeeroom4/

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil le linn duit a bheith ag taisteal chomh maith trí fheidhmchlár fóin chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.

Críoch/

Barr
Roinn