30 Ean 2018, 15:40
Díreoidh an Coiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht ar choinníollacha oibre agus cúrsaí forbartha i dtionscal scannán na hÉireann ag cruinniú den choiste a bheidh ar siúl amárach, Dé Céadaoin, an 31 Eanáir 2018.
Is é seo a leanas clár an chruinnithe:
Coinníollacha Oibre agus Cúrsaí Forbartha i dTionscal Scannán na hÉireann [Bord Scannán na hÉireann, Léiritheoirí Scáileán Éireann, Equity Éireann agus an Ceardchumann Seirbhísí, Tionsclaíoch, Gairmiúil agus Teicniúil (SIPTU)]
Beidh an cruinniú seo ar siúl ar 1.30pm, amárach, an 31 Eanáir 2018, i Seomra Coiste 4, Teach Laighean. Is féidir féachaint ar imeachtaí an Choiste beo anseo.
Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin le linn duit a bheith ag taisteal, trí úsáid a bhaint as Feidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.