Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Coiste na Gaeilge chun bualadh le hoifigigh ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí

18 Meith 2018, 15:29

Buailfidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán le hionadaithe ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí Dé Máirt, an 19 Meitheamh 2018, chun breithniú a dhéanamh ar fhreagraí a chuir an Roinn ar fáil don Choiste ar an gceistneoir le déanaí maidir le soláthar seirbhísí in dhá theanga oifigiúla an Stáit ag an Roinn don phobal.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Catherine Connolly, TD, gur mian leis an gCoiste straitéis agus beartas na Roinne a aithint chun réimse uile a seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla, agus go háirithe chun a seirbhísí a sholáthar i gceantair Ghaeltachta trí mheán na Gaeilge ar an gcaighdeán agus an leibhéal rochtana céanna agus a dhéantar na seirbhísí sin a sholáthar trí mheán an Bhéarla i gceantair eile.

Beidh an cruinniú ar siúl ar 4 p.m., Dé Máirt, an 19 Meitheamh, i Seomra Coiste 4, Teach Laighean. Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil beo anseo.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin le linn duit a bheith ag taisteal trí Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Barr
Roinn