Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Rochtain ar na healaíona do chách ar chlár an Choiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht

19 Meith 2018, 16:03

Rochtain ar na healaíona do chách a bheidh ar chlár an Choiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht agus é ag leanúint dá éisteachtaí ar na healaíona sa tsochaí Dé Céadaoin, an 20 Meitheamh 2018.



Beidh ionadaithe ó na grúpaí seo a leanas os comhair an Choiste chun an t-ábhar a phlé:

•    An Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha    
•    Cumann Forbartha Inis Arcáin    
•    Ealaíona agus Míchumas Éireann    
•    Age and Opportunity Ireland    
•    McAuley Place, An Nás  

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste Oireachtais um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht, Peadar Tóibín TD: “Is fiú mórán na healaíona sa tsochaí.  Is cuma cé acu ceol, ealaín, damhsa, litríocht nó drámaíocht atá i gceist, bíonn tógáil croí le fáil ag daoine nuair a chuirtear na healaíona os a gcomhair agus nuair a ghlacann siad páirt iontu, agus is cuid lárnach den tsochaí iad.  Ní hamháin go mbaineann daoine taitneamh as na healaíona, ach aithnítear go forleathan anois gur cuid lárnach iad i bhforbairt cuid mhaith scileanna saoil, cruthaitheacht, smaointeoireacht chruthaitheach, an leas is fearr a bhaint as an teicneolaíocht nua-aimseartha, muinín, scileanna luaile, comhar agus cumarsáid san áireamh.  Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go mbeidh rochtain ag cách ar na healaíona agus ar an gcultúr.  Dé Céadaoin, tiocfaidh réimse leathan eagraíochtaí os ár gcomhair chun plé a dhéanamh ar rochtain ar na healaíona do chách.”

Tosóidh an cruinniú ar 1.30pm Dé Céadaoin, an 20 June 2018, i Seomra Coiste 4, Teach Laighean.  Is féidir féachaint ar imeachtaí beo an Choiste anseo.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil le linn duit a bheith ag taisteal chomh maith trí fheidhmchlár fóin chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.

Barr
Roinn