Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Plean Gníomhaíochta 2018-2022 ón Roinn á phlé ag Coiste na Gaeilge leis an Aire

9 Iúil 2018, 16:12

Plean Gníomhaíochta 2018-2022 ón Rialtas a bheidh ar chlár Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán ag a chruinniú Dé Máirt, an 10 Iúil 2018.

Beidh Seosamh Mac Aodha, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit ag an Roinn Cosanta a bhfuil freagracht speisialta air as an nGaeilge, as an nGaeltacht agus as na hOileáin, i láthair ag an gcruinniú.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile TD: “Leagtar amach i bPlean Gníomhaíochta 2018-2022 breis is 180 beart sonrach a chuirfear i ngníomh i gcomhar le tuairim is 60 páirtí leasmhar ar bhonn trasrannach chun tacú leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht as seo go dtí 2022 agus is éard atá beartaithe leis an bPlean forbairt a dhéanamh ar an Straitéis 20 Bliain don teanga.

Is é ár gcruinniú an chéad uair a phléifimid an Plean leis an Aire.  Beidh deis againn súil is doimhne a chaitheamh ar an bPlean agus plé a dhéanamh leis an Aire ar an gcaoi a cheapann sé a dtabharfar aghaidh leis an bPlean ar an dúshlán atá ann maidir leis an nGaeilge a fhorbairt agus a chur chun cinn agus maidir lena chinntiú go bhfanfaidh sí ina teanga bheo bheathach sa Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht.”

Tosóidh an cruinniú ar 5.30pm Dé Máirt, an 10 Iúil 2018, i Seomra Coiste 4, Teach Laighean.  Is féidir féachaint ar imeachtaí beo an Choiste anseo: www.oireachtas.ie/ga/oireachtas-tv/cr4-live.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil le linn duit a bheith ag taisteal chomh maith trí fheidhmchlár fóin chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.

Barr
Roinn