Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Coiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht chun athbhreithniú ag lár na bliana a dhéanamh ar na meastacháin

1 DFómh 2018, 17:28

Tá an Coiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht chun athbhreithniú ag lár na bliana a dhéanamh ar Mheastacháin 2018 i gcomhair Seirbhísí Poiblí - Vóta 33 (Cultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht) ag a chruinniú Dé Céadaoin, 3 Deireadh Fómhair 2018.

Beidh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Seosaimhín Ní Mhadagáin, TD, i láthair ag an gcruinniú.
Cuirfear tús leis an gcruinniú seo ar 1.30pm Dé Céadaoin, 3 Deireadh Fómhair 2018 i Seomra Coiste 4, Teach Laighean.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil beo anseo.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin le linn duit a bheith ag taisteal trí úsáid a bhaint as Feidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

 

 

Barr
Roinn