Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Coiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht chun músaeim áitiúla agus réigiúnacha a phlé

11 Noll 2018, 14:32

Déanfaidh an Comhchoiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht plé ar fhorbairt na músaem áitúil agus réigiúnach, Dé Céadaoin, ar 1.30 p.m.

Ar na finnéithe sceidealta, beidh ionadaithe uathu seo a leanas:

  • An Chomhairle Oidhreachta
  • Cumann Mhúsaeim na hÉireann
  • Líonra Mhúsaeim na nÚdarás Áitiúil
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann

"Tá na céadta de mhúsaeim agus de bhailiúcháin áitiúla agus réigiúnacha in Éirinn. Tugtar, le gach ceann acu, léargas ar leith ar stair na mbailte agus na sráidbhailte againn agus ar na nascanna eatarthu agus na healaíona, an cheardaíocht, na tionscail agus na hinstitiúidí," arsa Cathaoirleach an Choiste Aengus Ó Snodaigh TD.

“Is mór is mian leis an gCoiste plé a dhéanamh leis na príomh-gheallsealbhóirí faoin mbealach ar aghaidh maidir leis na músaeim seo a fhorbairt mar áiteanna a gcuirfidh dlús le turasóireacht, taighde agus idirghabháil náisiúnta i dtaca leis an stair nótáilte atá ag réigiúin agus dúichí na hÉireann," arsa an Teachta Ó Snodaigh. “Is mar chuid de líonra comhoibríoch is mó a thiocfaidh rath ar na músaeim áitiúla agus réigiúnacha, agus beidh an cuspóir seo ina chuid de na pléití a bheidh againn."

Is féidir na himeachtaí i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo anseo.

Fiosrúcháin ó na meáin

Seán Pogaĉnik
Oifigeach Cumarsáide
Tithe an Oireachtais
Teach Laighean
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4203
+353 86 701 3295
shawn.pogatchnik@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn