Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Coiste na Gaeilge chun Polasaí Oideachais do scoileanna i gceantair Ghaeltachta a phlé

17 Meith 2019, 19:16

Coiste na Gaeilge chun Polasaí Oideachais do scoileanna i gceantair Ghaeltachta a phlé

Tiocfaidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán le chéile Dé Máirt agus éisteoidh sé le finnéithe a bheidh ag labhairt ar an ábhar Polasaí Oideachais do scoileanna i gceantair Ghaeltachta.

Déanfar measúnú ar an dul chun cinn atá déanta go dtí seo le hoifigigh ón Roinn Oideachais agus Scileanna agus ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta a thiocfaidh os comhair an choiste.

Bhí d’fheidhm ag an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022, arna fhoilsiú ag an Roinn Oideachais agus Scileanna i mí na Nollag 2016, beogacht na gceantar Gaeltachta a chothabháil agus a dhaingniú mar cheantair dúchais phobal na Gaeilge.

Ag labhairt di roimh an gcruinniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile, TD, “Fáiltíonn an Coiste roimh an deis dul i ngleic leis an ábhar seo. Tá dúshláin shuntasacha roimh bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna sna ceantair Ghaeltachta, áit a dtagann na mic léinn ó theaghlaigh ina bhfuil leibhéil cumais éagsúla sa Ghaeilge. Tá borradh ar úsáid an Bhéarla sna pobail Ghaeltachta agus is mionlach anois iad na leanaí atá á dtógáil le Gaeilge i scoileanna na gceantar Gaeltachta.”

Is casta an comhthéacs sochtheangeolaíoch a bhaineann le scoileanna Gaeltachta agus tá difríochtaí móra ann, ag brath ar stádas na teanga sa phobal áitiúil, ar thosca sóisialta agus déimeagrafacha agus ar an gcion den daonra a labhraíonn Gaeilge ar bhonn laethúil.

Cé go gcuireann móramh na scoileanna sa Ghaeltacht oideachas ar fáil trí mheán na Gaeilge, tá líon suntasach scoileanna ann nach gcuireann oideachas ar fáil go hiomlán trí mheán na Gaeilge.

Ach leagtar béim san Acht Oideachais, 1998, ar an bhfreagracht atá ar scoileanna sna ceantair Ghaeltachta cur le cothabháil na Gaeilge mar phríomhtheanga an phobail.

Ar na cúiseanna seo, bhí gá le polasaí ar leith, Polasaí don Oideachas Gaeltachta, ina raibh bearta spriocdhírithe chun feabhas a chur ar an soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge. Aithnítear sa Pholasaí uathúlacht na Gaeltachta mar limistéar a bhfuil tábhacht shuntasach teangeolaíochta, chultúrtha agus eacnamaíoch leis.

Cuirfear tús leis an gcruinniú ar 4p.m. i Seomra Coiste 4, Teach Laighean.

Is féidir imeachtaí an choiste a fheiceáil beo anseo.

Barr
Roinn