Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tathant ar an Rialtas maoiniú a áirithiú chun pobail agus gnóthaí tuaithe trasteorann a chosaint

10 Iúil 2019, 15:00

Táthar ag tathant ar an Rialtas, i dtuarascáil nua ón gComhchoiste um Fhorbairt Tuaithe agus Pobail, maoiniú a áirithiú chun go ndéanfar an comhoibriú trasteorann atá ann faoi láthair agus amach anseo a chosaint agus a chinntiú do phobail agus do ghnóthaí tuaithe sa tréimhse i ndiaidh Brexit.

Is ceann de thrí ghníomh déag é atá á n-iarraidh sa tuarascáil Brexit and the Border: The Impact on Rural Communities atá á seoladh ag an gcoiste inniu sa Seomra Closamhairc, Teach Laighean, Dé Céadaoin an 10 Iúil ar 4p.m.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Joe Carey TD: “Ón lá a seoladh an Reifreann ar Brexit i mí an Mheithimh 2016, bhí imní ar an gcoiste gur iarmhairt neamhbheartaithe ar an bpróiseas Brexit a bheadh sa bhaol go gcaillfeadh Tuaisceart Éireann agus an limistéar teorann maoiniú agus tacaíocht sa ghearrthéarma agus maoiniú do Chlár Síochána AE san fhadtéarma, mar thoradh ar  theacht ar ais don ‘teorainn chrua’  agus ar gach a bhaineann leis sin.”

“Rinne an Coiste na moltaí sa tuarascáil a tharraingt suas tar éis breithniú cúramach a dhéanamh ar na haighneachtaí a fuair sé agus ar an bhfianaise a d’éist sé ó na páirtithe leasmhara lena mbaineann.”

Tá an Coiste ag tathant ar an Rialtas:

  • Maoiniú a lorg ón Aontas Eorpach le haghaidh clár ina dtabharfar aghaidh ar na dúshláin a bhaineann le coinbhleacht idirphobail agus le caidreamh trasteorann nuair is baol go mbeidh míchobhsaíocht nó neamhchinnteacht ann sa tréimhse i ndiaidh Brexit, ceann de na moltaí atá á ndéanamh.
  • Comhaontú a lorg ón Aontas Eorpach agus ón Ríocht Aontaithe chun go dtabharfar cead do Thuaisceart Éireann leanúint de rochtain a fháil ar chláir mhaoinithe AE atá ábhartha i leith an chomhoibrithe trasteorann.  Más rud é nach gcomhaontófar é sin, beidh comhaontú á lorg ansin le Rialtas na Ríochta Aontaithe chun maoiniú AE a ionadú lena chinntiú go leanfar de cláir chomhoibrithe leanúnacha agus de chláir a bheidh ann amach anseo.
  • Cinnteacht agus soiléiriú a sholáthar maidir le cearta agus pribhléidí cómhalartacha i Meabhrán Tuisceana 2019 ina ndéantar an Comhlimistéar Taistil a athdhearbhú.

Tá an Coiste ag iarraidh ar ghnóthaí atá ar an teorainn:

  • Straitéisí don tréimhse i ndiaidh Brexit a tharraingt suas láithreach chun na socruithe trasteorann atá ann faoi láthair a chosaint.

Tá an Coiste ag iarraidh freisin:

  • Go ndéanfar taighde nua ar shocruithe atá i bhfeidhm a dhéanfaidh difear do réigiúin eile AE a bhfuil teorainneacha talún acu le stáit eile nach Stáit AE iad, an Iorua agus an Eilvéis mar shampla.
  • Go ndéanfaidh an t-aon údarás déag áitiúla sa limistéar teorann straitéisí turasóireachta Thuaidh/Theas a fhorbairt, ar straitéisí iad a bheidh infheidhme maidir lena réigiúin trasteorann féin go sonrach.
  • Go ndéanfaidh na dlínsí lena mbaineann aitheantas cothrom a thabhairt do cháilíochtaí a eiseoidh údaráis i ngach dlínse díobh i ndiaidh Meabhrán Tuisceana 2019 maidir leis an gComhlimistéar Taistil.  
  • Go ndéanfaidh comhlachtaí maoinithe meastóireacht ar ghníomhaíochtaí atá á maoiniú faoi láthair agus ar an gcaoi a bhféadfadh Brexit difear a dhéanamh dóibh.

D’éist Seanadóirí agus Teachtaí Dála le 16 eagraíocht leasmhara i gcúig éisteacht coiste ar leithligh sa phróiseas comhairliúcháin le haghaidh na tuarascála. Ina measc sin bhí ionadaithe ó Chomhairle Contae Lú, an Lárionad um Staidéar Trasteorann, an Northern Ireland Local Government Association,  Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin agus ó Chomhlachas Ghnóthas Beag agus Meánmhéide na hÉireann.

Thug páirtithe leasmhara cuntas ar a dtuairimí maidir leis an tslí ar féidir maolú a dhéanamh ar na priacail do réigiún na teorann sa tréimhse i ndiaidh Brexit chun forbairt tuaithe agus pobail a fheabhsú.

Ar na hábhair imní a cuireadh in iúl bhí an bhagairt ar an gcomhtháthú sóisialta, comhtháthú nár baineadh amach gan dua, an maoiniú reatha ó AE do phobail agus do ghnóthaí beaga faoi láthair a chailleadh, agus luaineachtaí ar an ráta malairte Euro/Steirling.

Gabhann an Teachta Carey buíochas le gach duine, ó Thuaidh agus ó Dheas araon, ó na hÚdaráis Áitiúla agus le páirtithe leasmhara a chabhraigh leis an gcoiste sa phróiseas comhairliúcháin le haghaidh na tuarascála.

Gabhann sé buíochas freisin leis an iar-Chomhchoiste um Ealaíon, Oidhreacht, Gnóthaí Tuaithe agus Gaeltachta agus le cathaoirleach an iar-choiste Peadar Tóibín a chuir tús leis an obair ar an tuarascáil sa bhliain 2017.

Is féidir cóipeanna den tuarascáil mar aon le liosta iomlán moltaí a fháil anseo óna 4pm ar aghaidh.

Barr
Roinn