Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Ceadaíonn Coiste Gnó na Dála an Lárionad Coinbhinsiúin a úsáid d’ócáidí ar gá do gach Teachta Dála a bheith i láthair agus vóta a chaitheamh lena linn.

8 Aib 2020, 17:27

Ag cruinniú den Choiste Gnó, breithníodh tograí ó Ghasra Oibre Leanúnachais Gnó Sheirbhís Thithe an Oireachtais maidir le hionaid mhalartacha le haghaidh suíonna de Dháil Éireann. Ba é comhthéacs na dtograí seo ná an gá scaradh sóisialta a choinneáil le linn phaindéim reatha Covid-19 vis-à-vis mór-ócáidí Parlaiminteacha ar a mbeadh gá do gach comhalta de Dháil Éireann a bheith i láthair agus vóta a chaitheamh, amhail Taoiseach a Cheapadh.

Bhreithnigh an Gasra Oibre 13 ionad agus bheartaigh sé gurbh é an Lárionad Coinbhinsiúin an rogha ab fhearr le linn dó méid, infhaighteacht agus costas a bhreithniú.

Ag labhairt dó tar éis an chruinnithe,  dúirt an Ceann Comhairle agus Cathaoirleach an Choiste Gnó, “Tar éis plé agus breithniú mionsonraithe a dhéanamh ar na tograí agus na costálacha a cuireadh faoinár mbráid inniu, táimid tar éis comhaontú gurb é an Lárionad Coinbhinsiúin an t-ionad is mó is cuí atá ar fáil lena gceadófar don 159 gcomhalta de Dháil Éireann a toghadh go daonlathach teacht le chéile agus vóta a chaitheamh maidir le Taoiseach a cheapadh. Tá an Coiste ag brath go leanfaidh seisiúin eile de Dháil Éireann de bheith ag teacht le chéile i dTeach Laighean agus uimhreacha srianta i láthair ann. Is mian linn ár mbuíochas a ghabháil le foireann agus lucht bainistíochta an Lárionaid Coinbhinsiúin as ucht a gcomhoibriú maidir leis an méid seo a éascú.”

CRÍOCH

Nótaí d’Eagarthóirí

Ní bheidh costais mhionshonraithe ar fáil go dtí tar éis an tsuí. D’ainneoin sin, is é €50k na costais mheasta le haghaidh lá suí, le €110k mar chostais tionscnaimh aonuaire a bhaineann go príomha le halla éisteachta an Lárionaid Coinbhinsiúin a threalmhú le micreafóin lena úsáid mar Sheomra, agus costais craolacháin freisin. Níl costas ag baint leis an ionad a fhruiliú.

Fiosrúcháin ó na meáin

Verona Ní Bhroinn,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 3881
+353 87 262 4132
verona.nibhroinn@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn