Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Coiste Oireachtais chun plé a dhéanamh ar thithe banaltrais agus ar thionchar Covid-19 ar an nGaeltacht

17 Meith 2020, 15:59

Éistfidh an Coiste Speisialta Oireachtais um Fhreagra ar Covid-19 ó oifigigh ón Roinn Sláinte agus ó FSS, agus ón Aire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta nuair a thiocfaidh an Coiste le chéile amárach, Déardaoin an 18 Meitheamh i dTeach Laighean.

Beidh dhá chruinniú á gcomóradh ag an gCoiste i Seomra na Dála

  • Déanfaidh toscairí ó FSS agus ón Roinn Sláinte tithe banaltrais a phlé le Teachtaí le linn an chéad seisiúin, a gcuirfear tús leis ar 11 a.m.
  • Láithreoidh an tAire Stáit, Seán Ó Cadhain os comhair an Choiste, le linn an dara seisiún, chun plé a dhéanamh ar thionchar Covid-19 ar an nGaeltacht agus ar na hOileáin agus ar fhreagra an Stáit, ar 2 p.m.

 Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste, Mícheál Mac Conmara, T.D.: “Tá cloiste ag an gCoiste cheana ó scairshealbhóirí in earnáil na dtithe banaltrais agus amárach éistfidh sé le FSS agus leis an Roinn Sláinte faoi thionchar leantach Covid-19 ar na tithe banaltrais agus faoi na bearta atá curtha ar bun chun sábháilteacht chónaitheoirí agus chomhaltaí foirne inár dtithe banaltrais, go háirithe ó cuireadh tús arís le cuairteanna ar thithe banaltrais ag gaolta le cónaitheoirí agus le daoine muinteartha leo faoi seo.”

Arsa an Teachta Mac Conmara freisin: Fáilteoidh an Coiste freisin roimh an Aire Stáit Seán Ó Cadhain chuig an gcruinniú. Níor mhór cúrsaí sna coláistí samhraidh Gaeltachta, ar fhreastail suas is anuas le 27,000 mac léinn orthu gach bliain agus lenar soláthraíodh foinse shubstainteach d’ioncam bliantúil do líon mór daoine a chónaíonn sna réigiúin Ghaeltachta a chur ar ceal i mbliana de dheasca thorthaí na paindéime. Tá an Coiste ag tnúth le cloisteáil faoi bhearta tacaíochta atá á mbreithniú don réigiún chomh maith le mionsonraí faoi thionchar sochaíocht agus eacnamaíoch Covid-19 ar an nGaeltacht agus ar na hOileáin, mar nach raibh daoine in ann teacht le chéile lena dteaghlaigh le roinnt míonna anuas faoi seo.”

Is féidir breathnú ar an gCoiste beo anseo.

Barr
Roinn