Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Coiste um Ghnóthaí Eachtracha le hiniúchadh a dhéanamh ar dhíláithriú éigeantach agus ar leagan foirgneamh i gcríoch gafa na Palaistíne

10 Beal 2021, 14:35

Tá sraith cruinnithe á reáchtáil ag an gComhchoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus Cosaint chun iniúchadh a dhéanamh ar scartáil agus ar dhíláithriú éigeantais daoine i gcríoch gafa na Palaistíne.

Tá sé socraithe go dtabharfaidh an Dr Jilian Abdalmajid, Ambasadóir, Misean Stáit na Palaistíne agus an tAmbasadóir Ophir Kariv, Ambasáid Iosrael d’Éirinn fianaise faoin ábhar an tseachtain seo. Tiocfaidh an Dr Abdalmajid os comhair an Choiste go fíorúil amárach, Dé Máirt, an 11 Bealtaine i Seomra Coiste 2 ar 12.30pm.
Beidh an tOllamh Noura Erakat ó Ollscoil Rutgers, New Jersey; an Dr Susan Power, Ceann Taighde agus Abhcóideachta Dlí, Al Haq, agus comhalta boird Sadaka, agus Éamonn Meehan, comhalta de Bhord Sadaka i láthair ag an gcruinniú go fíorúil chomh maith.
Tiocfaidh an tAmbasadóir Kariv os comhair an Choiste go fíorúil ar an Déardaoin, an 13 Bealtaine ó Sheomra Coiste 3 ar 9.30am. Tá sé socraithe freisin go mbeidh Jackie Goodall ó Chomhghuaillíocht na hÉireann-Iosrael (Ireland Israel Alliance) i láthair ag an seisiún seo chomh maith. Beidh an tríú cruinniú poiblí chun an t-ábhar seo a phlé ar siúl an tseachtain seo chugainn.
Tá Próiseas Síochána an Mheánoirthir roghnaithe ag an gCoiste mar ábhar tosaíochta dá Chlár Oibre le haghaidh 2021.
Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Charlie Flanagan TD: “Tá an Coiste chun sraith de chruinnithe poiblí a reáchtáil le páirtithe leasmhara sna sála ar thuairiscí gur leagadh foirgnimh go talamh i gcríoch gafa na Palaistíne, foirgnimh a tógadh le cabhair ó Chúnamh Éireann, agus go ndearnadh daoine a chur óna dtithe go héigeantach chun go bhféadfaí lonnaíochtaí a thógáil. Cuireann an Coiste fáilte roimh an bplé seo le finnéithe chun labhairt faoin ábhar seo lena n-áirítear tionchar daonnúil an díláithrithe éigeantais, agus beartas Iosrael maidir leis na lonnaíochtaí sin.”

Barr
Roinn