Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Pléfidh an Comhchoiste um Thalmhaíocht agus Muir Bille Iascaigh Mara, 2021 agus Cinneadh AE ón gCoimisiún

10 Beal 2021, 13:25

Tiocfaidh an Comhchoiste um Thalmhaíocht agus Muir le chéile san iarnóin Dé Máirt ar 3.30 p.m. beo ar Theilifís an Oireachtais agus déanfaidh siad Bille Iascaigh Mara (Leasú), 2021, agus cúrsaí gaolmhara a phlé in dhá sheisiún ar leithligh.

Sa chéad uair an chloig, anuas ar phlé ar an mBille, beidh an tÚdarás um Chosaint Iascaigh Mhara (SFPA) i láthair chun an t-athbhreithniú a rinne PWN in 2020 ar chumas eagraíochtúil SFPA agus cinneadh ó Choimisiún an Aontais Eorpaigh chun Plean Rialaithe na hÉireann maidir le táirgí iascaigh a mheá tar éis iompair (Airteagal 61(1)) a fhiosrú.

Labhróidh na príomhgheallsealbhóirí seo a leanas ó 4.30 p.m. ar aghaidh

·Cumann Phróiseálaithe agus Easpórtálaithe Éisc na hÉireann (IFPEA)

·Eagraíocht Iascairí na gCealla Beaga (KFO)

·Eagras Táirgeoirí Éisc na hÉireann (IFPO)

·Cumann Táirgeoirí Éireann Theas agus Thoir (ISEFPO)

·Cumann Táirgeoirí Éireann Theas agus Thiar (ISWFPO)

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an gCathaoirleach, Jackie Cahill, TD, roimh an gcruinniú “Tháinig an tAire os ár gcomhair le haghaidh scrúdú réamhreachtaíochta ar an mBille trí seachtaine ó shin, ba é sin an chéad choinne a bhí againn faoin mBille mar choiste, cé go bhfuil iascach mar chuid lárnach den ghníomhaíocht a rinneamar mar choiste i gcaitheamh an téarma seo.

“Tháinig neart de na finnéithe a labhróidh Dé Máirt os ár gcomhair deireanach an bhliain seo caite nuair a tháinig sé chun cinn go mbeadh tionchair ollmhóra ag an mBreatimeacht ar thionscal na hiascaireachta, táimid ag súil go mór leis an gcoinne a bheidh againn Dé Máirt le heagraíochtaí tábhachtacha in earnáil an iascaigh, mar tá an tionscal mar chuid mhór de gheilleagair áitiúla i bpobail cois farraige ar fud an phobail. Táimid ag súil go mór lena léargas a fháil ar an mBille. Roimhe sin, beidh an deis againn chun raon cúrsaí ó shaincheisteanna náisiúnta agus nithe a bhaineann le AE a phlé le SFPA.”

Níos déanaí sa tseachtain, Déardaoin ar 12.30 p.m. tiocfaidh Charlie McConalogue, an tAire Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia os comhair an choiste i Seomra Coiste 4, féach ar an gcoinne beo chun scrúdú réamhreachtach a fháil ar an mBille.

Le haghaidh níos mó eolais faoi obair an Choiste um Thalmhaíocht agus Muir, féach ar leathanach gréasáin an Choiste.

Barr
Roinn