Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Coiste Sláinte le plé a dhéanamh ar thacaíochtaí do bheathú cíche

11 Beal 2021, 14:13

Pléifidh an Comhchoiste ar Shláinte an easpa tacaíochtaí do bheathú cíche in ospidéil mháithreachais le hionadaithe de chuid Bainne Beatha agus Cuidiú ag cruinniú amárach, Dé Céadaoin an 12 Bealtaine i dTeach Laighean, Seomra Coiste 2 ar 9.30am.

Feachtas is ea Bainne Beatha atá faoi stiúir grúpa máithreacha chun seirbhísí tacaíochta do bheathú cíche in Éirinn a fheabhsú tar éis a dtaithí féin ar aonaid mháithreachais na hÉireann; agus cuireann an grúpa tacaíochtaí tuismitheoir le tuismitheoir, Cuidiú, grúpaí tacaíochta do bheathú cíche agus comhairleoirí ar bheathú cíche ar fáil.
Dúirt Cathaoirleach an Choiste um Shláinte Seán Crowe TD: “Molann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go dtabharfaí beathú cíche do naíonáin ar feadh na chéad 6 mhí dá saol mar gheall ar na tairbhí don tsláinte don mháthair agus don leanbh araon.
“Cuireann an Coiste fáilte roimh an deis seo plé a dhéanamh leis na mná atá taobh thiar den ghrúpa feachtais Bainne Beatha inniu chun cloisteáil faoina gcuid oibre agus faoi thorthaí suirbhé a rinne siad ar mháithreacha nua faoi na tacaíochtaí um beathú cíche a fuair siad in ospidéil mháithreachais na hÉireann. Cuireann an Coiste fáilte roimh Chuidiú chun cloisteáil faoina gcuid oibre chun tacú le máithreacha nua le beathú cíche a dhéanamh agus faoin tionchar a bhí ag paindéim Covid-19 ar sheirbhísí tacaíochta ar an talamh.”
Féach ar an gcruinniú beo .

Barr
Roinn