Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Comhchoiste um an gComhshaol agus Gníomhú ar son na hAeráide chun plé a dhéanamh le Cumann Leictreachais na hÉireann ar Sprioc 2030 chun Astaíochtaí Carbóin a laghdú

24 Beal 2021, 17:55

Beidh cruinniú ag an gComhchoiste um an gComhshaol agus Gníomhú ar son na hAeráide amárach, Dé Máirt, an 25 Bealtaine, chun plé a thosú arís faoi Astaíochtaí Carbóin na hÉireann a laghdú faoi 51 faoin gcéad faoi 2030.

Ag an gcruinniú, a bheidh ar siúl ag 12.30pm i Seomra Coiste 1 i dTeach Laighean, labhróidh ionadaithe ó Chumann Leictreachais na hÉireann, arna stiúradh ag Dara Lynott, Príomhfheidhmeannach.

Dúirt Leaschathaoirleach an Choiste, Brian Leddin: “Leantar den rannpháirtíocht sin inár n-anailís ar gach earnáil ar conas is féidir an sprioc eatramhach de laghdú 51% in astaíochtaí faoin mbliain 2030 a bhaint amach. Táimid ag súil go mór le cloisteáil ón Uas. Lynott agus óna chomhghleacaithe faoin gcaoi ar féidir leis an earnáil leictreachais rannchuidiú le dícharbónú gheilleagar agus sochaí na hÉireann sna deich mbliana amach romhainn.”

Tá 14 Chomhalta ag an gComhchoiste um an gComhshaol agus Gníomhú ar son na hAeráide, naonúr comhaltaí ón Dáil agus cúigear ón Seanad.

Is féidir an cruinniú i Seomra Coiste 1 a fheiceáil beo ar Oireachtas.ie.

Is féidir breathnú ar imeachtaí an Choiste ar Aip Fón Cliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil d’fhearais Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn