Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Comhchoiste um Iompar agus Cumarsáid chun bualadh le saineolaithe chun cibearshlándáil na hÉireann a phlé i ndiaidh an chibearionsaithe ar FSS agus an Roinn Sláinte

24 Beal 2021, 16:00

Buailfidh an Comhchoiste um Iompar agus Cumarsáid le chéile amárach, Dé Máirt, an 25 Bealtaine, le saineolaithe chun cibearshlándáil náisiúnta na hÉireann a phlé i gcomhthéacs na gcibearionsaithe ar FSS agus an Roinn Sláinte.

Ag an gcruinniú ag 9.30am i Seomra Coiste 2 i dTeach Laighean labhróidh na daoine seo a leanas:

·         Pat Larkin, Príomhfheidhmeannach, Ward Solutions;

·         Padraic O’Reilly, Comhbhunaitheoir agus an Príomhoifigeach Táirgí, Cybersaint;

·         Matt Makowski, saineolaí cibearshlándála; agus

·         Blathnaid Carolan, saineolaí earcaíochta cibearshlándála.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Kieran O’Donnell, an méid seo a leanas: “B’ionsaí ar ár seirbhísí poiblí nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe iad na cibearionsaithe a rinneadh le déanaí ar FSS agus ar an Roinn Sláinte agus ba bhagairt iad ar shlándáil náisiúnta na hÉireann freisin. Tá sé ríthábhachtach go dtuigimid conas a fuair na hionsaitheoirí sin rochtain ar chórais FSS ionas go mbeidh ár saineolaithe cibearshlándála náisiúnta in ann na scileanna agus na huirlisí is gá a fhorbairt le cinntiú nach dtarlóidh a leithéid de shárú arís. Tá an Coiste ag súil go mór le cloisteáil faoi thuairimí na saineolaithe sin a oibríonn sa réimse seo maidir le cineál na mbagairtí atá i ndán dúinn agus cad is féidir a dhéanamh chun ranna rialtais agus gníomhaireachtaí stáit eile a dhaingniú in aghaidh cibearionsaithe den chineál sin amach anseo.”

Tá 14 Chomhalta ag an gComhchoiste um Iompar agus Cumarsáid, naonúr comhaltaí ón Dáil agus cúigear ón Seanad.

Is féidir an cruinniú i Seomra Coiste 2 a fheiceáil beo ar Oireachtas.ie.

Is féidir breathnú ar imeachtaí an Choiste ar Aip Fón Cliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil d’fhearais Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn