Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Coiste chun Meastacháin Athbhreithnithe Bhreise le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2021 a phlé leis an Aire Coimirce Sóisialaí

25 Beal 2021, 10:17

Déanfaidh an Roghchoiste um Choimirce Shóisialach, Forbairt Pobail agus Tuaithe agus na hOileáin Meastacháin Athbhreithnithe Bhreise le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2021 – Vóta 37 a phlé leis an Aire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, i gcruinniú ag Teach Laighean amárach, Dé Céadaoin, an 26 Bealtaine.

Is i Seomra Coiste 3 a reáchtálfar an cruinniú ag 9.30am.

Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste, Denis Naughten, TD: “Cuireann an Coiste fáilte mhór roimh an Aire le Meastacháin Athbhreithnithe Bhreise 2021 don Roinn Coimirce Sóisialaí a phlé.  Measadh i dtosach go gcaithfear suim shuntasach de €25.13 billiún ar chosaint shóisialta ar an iomlán i mbliana. Mar sin féin, táthar ag súil go n-ardófar an méid sin mar gheall ar an bpaindéim agus go leanfar ar aghaidh leis na tacaíochtaí ioncaim a bunaíodh mar fhreagra ar  Covid-19.

“Is deis mhaith í an cruinniú amárach do Chomhaltaí an Choiste le ceisteanna a chur ar an Aire maidir le raon leathan saincheisteanna, lena n-áirítear an íocaíocht dífhostaíochta phaindéime agus scéimeanna eile a cuireadh ar bun mar gheall ar Covid-19, an Ciste Árachais Shóisialaigh, íocaíochtaí breoiteachta, míchumais agus cúramóirí, tacaíochtaí fostaíochta agus pinsin.”

Féach ar an gcruinniú beo. 

Is féidir breathnú ar imeachtaí an Choiste go soghluaiste ar Aip Fón Cliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil d’fhearais Apple agus Android.

Barr
Roinn