Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Coiste um Fhormhaoirsiú Buiséid chun bualadh le Comhairle Fhioscach Chomhairleach na hÉireann

26 Beal 2021, 12:57

Buailfidh an Coiste Fhormhaoirsiú Buiséid le hionadaithe ó Chomhairle Fhioscach Chomhairleach na hÉireann  (IFAC) ag cruinniú i dTeach Laighean, amárach, Déardaoin, an 27 Bealtaine, chun an Tuarascáil ar Mheasúnú Fioscach a phlé.

Tá Cathaoirleach IFAC, Sebastian Barnes agus Príomheacnamaí agus an Ceann Ardrúnaíochta, Eddie Casey, i measc na bhfinnéithe a bhfuiltear ag súil go bhfreastalóidh siad go fíorúil ar an gcruinniú amach i Seomra Coiste 1, ag a 9.30am.

Ag labhairt di roimh an gcruinniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste, Neasa Hourigan, TD: “Cuireann an Coiste fáilte roimh an gcruinniú seo le IFAC chun plé a dhéanamh ar mhionsonraí na Tuarascála ar Mheasúnú Fioscach is déanaí uaidh. Déanann an tuarascáil measúnú ar réamhaisnéis mhaicreacnamaíoch agus bhuiséadach an Rialtais, oiriúnacht na staide fioscaí agus comhlíonadh rialacha fioscacha intíre agus AE.”

Soláthraíonn Comhairle Fhioscach Chomhairleach na hÉireann – eagraíocht mhaoirseachta bhuiséadach na hÉireann - measúnuithe ar réamhaisnéis bhuiséadach oifigiúil agus cuspóirí beartaithe maidir le beartas fioscach. Foilsíonn an Chomhairle dhá thuarascáil fhioscacha in aghaidh na bliana, ceann amháin i ndiaidh an Bhuiséid san fhómhar agus an Nuashonrú ar Chlár Cobhsaíochta san earrach.

Féach ar an gcruinniú beo.

Barr
Roinn