Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Comhchoiste um Iompar agus Cumarsáid chun plé a dhéanamh ar rochtain ar an idirlíon i suíomhanna tuaithe agus réigiúnacha.

6 Iúil 2021, 17:10

Buailfidh An Comhchoiste um Iompar agus Cumarsáid le chéile amárach, Dé Céadaoin, an 7 Iúil, chun rochtain ar an idirlíon a phlé, go háirithe i suíomhanna tuaithe agus réigiúnacha agus rochtain ar an idirlíon satailíte.

Ag an gcruinniú, a bheidh ar siúl ag 12.30pm i Seomra Coiste 2 i dTeach Laighean labhróidh na daoine seo a leanas:

·       Ionadaithe ó Novatel Communications;

·       Ionadaithe ó Poynting; agus

·       Ionadaithe ón Ionad Náisiúnta Spáis.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Kieran O’Donnell, an méid seo a leanas: “Tá rochtain idirlín ríthábhachtach dúinn go léir, don obair, don oideachas, don tsiopadóireacht agus don tsiamsaíocht, agus go deimhin, mar a léiríodh le linn na paindéime, le haghaidh obair cianda agus chun coinneáil i dteagmháil lenár dteaghlach agus lenár gcairde. Is iomaí ceantar, lena n-áirítear suíomhanna tuaithe agus iargúlta, fós gan rochtain láidir ar an idirlíon nó gan aon rochtain ar bith air, agus ba mhaith leis an gCoiste na roghanna atá ar fáil do dhaoine sna ceantair sin a chloisteáil, lena n-áirítear rochtain ar an idirlíon trí shatailít. Táimid ag súil leis na hábhair sin agus le hábhair ghaolmhara a phlé leis na páirtithe leasmhara seo.”

Tá 14 Chomhalta ag an gComhchoiste um Iompar agus Cumarsáid, naonúr comhaltaí ón Dáil agus cúigear ón Seanad.

Is féidir an cruinniú i Seomra Coiste 2 a fheiceáil beo ar Oireachtas.ie.

Is féidir breathnú ar imeachtaí an Choiste ar Aip Fón Cliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil d’fhearais Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn